Do Chlub, Do Chontae #10 – CLG Chill Tiobraid, Contae Liatroma
Imreoir óg de chuid CLG Chill Tiobraid i bPáirc an Chrócaigh sa bhliain 2019
Le Jamie Ó Tuama
Is iad CLG Chill Tiobraid as contae Liatroma an club is deireanaí le páirt a ghlacadh sa tsraith seo ‘Do Chlub, Do Chontae’. Labhair mé le Barra Mac Thiarnáin iarimreoir, cóitseálaí agus laoch de chuid an chlub an tseachtain seo agus thug sé léargas suimiúil dom ar stair, ar thábhacht agus ar ról an chlub sa cheantar.
Bunaíodh CLG Chill Tiobraid sa bhliain 1978 ach bhí go leor clubanna eile sa cheantar roimhe sin ón uair ar bunaíodh Cill Tiobraid – Micheál Daibhéid an chéad lá thiar in 1889. Dar ndóigh, ba de bharr cúrsaí imirce a tháinig deireadh leis na clubanna sin roimh CLG Chill Tiobraid. Deirtear go raibh suas le 80 fear ag cleachtadh i 1889 nuair a bunaíodh an chéad chlub sin agus tá an spéis chéanna ag lucht an chlub sna cluichí ó shin i leith. Suite i lár chontae Liatroma tá an club ag gabháil ó neart go neart ó shin.
Socraíodh i 1978, tar éis do roinnt imreoirí ón bparóiste éachtaí a dhéanamh le Gaeil na Sí Móire ag grád na sinsear agus le Fíonach ag grád na n-idirmheánach, go raibh sé in am club a bhunú i gCill Tiobraid. Míníonn Barra cúlra an scéil dúinn.
‘Sa bhliain 1978 bunaíodh an club nua, CLG Chill Tiobraid. Tharla sé seo de bharr go raibh imreoirí ón gceantar lárnach i mbuanna i gCraobh na Sinsear le Gaeil na Sí Móire agus sa Chraobh Idirmheánach le Fíonach. Ansin, nuair a d’éirigh le muintir an cheantair talamh agus baile buan a fháil don chlub a chinnteodh peil do dhaoine óga agus do dhaoine fásta araon, socraíodh go raibh in am CLG Chill Tiobraid a chur ar bun!’
Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur thosaigh an club nua ag déanamh dul chun cinn ar an bpáirc imeartha.
‘Bhuamar an Chraobh Shóisir i 1981 agus i 1989’, a deir Barra. ‘Taobh istigh de thréimhse deich mbliana chuaigh Cill Tiobraid ó ghrád na sóisear go grád na sinsear. Bhuamar an chraobh idirmheánach i 2002 agus trí bliana ina dhiaidh sin, i 2005, bhuamar an Chraobh Shinsir.’
Bhí tionchar mór ag an imirce ar an gclub agus tarraingíodh aird mhór ar mhuintir Chill Tiobraid sa bhliain 1982 nuair a d’éirigh leis an gclub foirne a chur chun páirce i Liatroim agus i Nua-Eabhrac ag an am céanna!
Cosúil le go leor clubanna eile tá CLG Chill Tiobraid ag croílár an phobail. Mar a mhíníonn Barra;
‘Is é an club croí an phobail. Cabhraíonn lucht an chlub leis an bpobal áitiúil in am an ghátair. Sa bhliain 2020 chabhraigh lucht an chlub go mór le daoine leochaileacha sa cheantar nach raibh in ann a gcuid tithe a fhágáil de bharr shrianta Covid-19. Rinneadh a gcuid siopadóireachta dóibh agus tugadh comhluadar dóibh.
‘Chomh maith leis sin’, a deir Barra, ‘is minic a bhailíonn an club airgead do charthanachtaí áitiúla. Bhailigh muid airgead do ‘Care of the Aged’ agus don ghrúpa práinnfhreagartha a bhíonn ag plé leis an dífhibrileoir áitiúil, anuraidh. Rinne baill de chuid an chlub i gCill Tiobraid agus in áiteanna eile ar fud an domhain cúpla ciliméadar agus iad ag preabadh na liathróide ó chos go lámh. Bhailigh muid beagnach €5,000!
‘Rudaí den chineál seo a chuireann ár gclub ag croílár an phobail. Ba mhaith linn a chinntiú go bhfuil an díocas agus an díograis a bhí ag lucht bunaithe an chlub in 1978 i gcónaí ann agus muid ag iarraidh féiniúlacht dár gcuid féin a fhorbairt i measc ár muintire.’
D’éirigh le go leor imreoirí ón gclub geansaí an chontae a chaitheamh agus Barra ina measc. Labhraíonn Barra faoi bheirt de na himreoirí sin a sheas amach i ndathanna a chontae ach go háirithe.
‘Chaith go leor imreoirí de chuid an chlub geansaí Liatroma ag grád na sinsear. Bhí Christy Carroll mar chaptaen acu agus é ag imirt i lár na páirce ar feadh roinnt blianta agus is annamh a chaill Shane Foley cluiche mar leathchúlaí do Liatroim ó bhí sé 18. Roghnaíodh an bheirt acu ar scothfhoireann Liatroma don tréimhse 2000-2020.’
Banna Píob Chill Tiobraid ag Cluiche Ceannais Club Chonnacht idir Naomh Bríd agus Cora Finne sa bhliain 2016
Ní hiad na cluichí amháin atá láidir sa chlub agus luann Barra cuid na héachtaí atá bainte amach acu ag Scór.
‘Is iomaí rud atá buaite ag Cill Tiobraid ag Scór na nÓg agus ag Scór Sinsir. Ghlac an t-amhránaí cáiliúil Eleanor Shanley páirt ann thar ceann an chlub go fiú! Eascraíonn go leor den chultúr saibhir ceoil seo i gCill Tiobraid as Banna Píob Chill Tiobraid a bunaíodh i 1949 agus a chasann ag Cluiche Ceannais Liatroma gach bliain.’
Tá an club ag gabháil ó neart go neart agus tá forbairt mhór á déanamh ar áiseanna Chill Tiobraid i gcónaí mar a mhíníonn Barra.
‘Chuireamar isteach tuilsoilse sa bhliain 2009. Leag muid síos dromchla nua ar ardchaighdeán ar an bpáirc le gairid, freisin, agus tá sólann nua againn. Is ar mhaithe leis an gcéad ghlúin eile imreoirí a rinneadh na rudaí seo. D’éirigh linn an t-airgead a bhailiú do na háiseanna seo nuair a d’imir muid cluiche dúshlánach in aghaidh foirne a bhí déanta suas d’Éireannaigh a bhí ar imirce i Meiriceá i bPáirc na nGael i Nua Eabhrac.’
Bunaithe: 1978
Dathanna: Glas agus Dearg
Líon Ball: 150
Buaite: Craobh Shinsir Peile 2005, Craobh Idirmheánach Peile 2002 agus Craobh Shóisir Peile 1981, 1989 agus 1995
Laochra Peile: Christy Carroll agus Shane Foley
Do Chlub, Do Chontae!
Laoch Chill Tiobraid agus Liatroma, Chirsty Carroll, ag cur brú ar Trevor Smith, Ceatharlach, thiar i 2006