Deireadh seachtaine gnóthach amach romhainn sna craobhchomórtais iomána agus peile
Tabharfaidh Dún na nGall agus Ciarraí aghaidh ar a chéile i gCraobhchomórtas Peile na hÉireann Dé Sathairn
Le Jamie Ó Tuama
Tá deireadh seachtaine gnóthach amach romhainn sna craobhchomórtais iomána agus peile agus cluichí ar siúl i gCraobhchomórtas Peile na hÉireann, i gCraobhchomórtas Chorn Tailteann, i gCraobhchomórtais Iomána Laighean agus na Mumhan, i gCraobhchomórtas Sheosaimh Mhic Dhonncha agus i gCraobhchomórtais Niocláis Mhic Riocaird.
Cuirfear tús le Craobhchomórtas Sinsear Peile na hÉireann Dé Sathairn nuair a thabharfaidh Ciarraí agus Dún na nGall aghaidh ar a chéile i Staid an Ghearaltaigh ar 3.00. Seo e an cúigiú huair do na foirne imirt in aghaidh a chéile sa chraobh ó 2012 i leith. Tá dhá cheann de na cluichí sin buaite ag Ciarraí, ceann amháin buaite ag Dún na nGall agus bhí comhscór idir na foirne i 2019. Is cinnte go mbeidh an dá fhoireann ar a seacht ndícheall ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar a gcéilí comhraic agus áit a aimsiú sa tarraingt do Bhabhta 2A den chraobh.
Imreoidh Corcaigh agus an Mhí in aghaidh ar a chéile an tráthnóna céanna ar 5.30. D’imir na foirne seo in aghaidh a chéile faoi dhó ó thús na bliana agus ní raibh ach oiread na fríde idir na foirne sna cluichí sin. Bhí bua dhá chúilín ag Corcaigh sa chéad chluiche sraithe idir na foirne ach bhain an Mhí díoltas amach nuair a fuair siad an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic sa chluiche ceannais. Bhí dhá chúilín idir na foirne an lá sin freisin. Tá 11 cluiche ar fad imeartha ag Corcaigh go dtí seo i mbliana agus tá naoi gcinn buaite acu agus péire caillte. Naoi gcinn ar fad atá imeartha ag an Mí – seacht gcinn buaite agus péire caillte.
Tabharfaidh Gaillimh agus Cill Dara aghaidh ar a chéile sa chluiche eile Dé Sathairn. Is é seo an séú huair do na foirne seo imirt in aghaidh a chéile sa chraobh agus go dtí seo tá trí bhua ag Gaillimh agus péire ag Cill Dara.
Is ar an Domhnach a imreofar an cluiche eile sa chraobh peile uile-Éireann nuair, a thabharfaidh seaimpíní Chonnacht, Ros Comáin, aghaidh ar Thír Eoghain i bPáirc de hÍde King & Moffatt. Seo e an séú huair do na foirne seo bualadh le chéile sa chraobh agus go dtí seo tá ceithre bhua ag Tír Eoghain agus an t-aon cheann amháin ag Ros Comáin.
I gCraobhchomórtas Iomána Laighean Dé Domhnaigh, tabharfaidh Áth Cliath agus Cill Chainnigh aghaidh ar a chéile i bPáirc Parnell. Tá Áth Cliath cáilithe do Chraobh na hÉireann ach theastódh bua uathu le Cluiche Ceannais Laighean a bhaint amach. Má chailleann Cill Chainnigh agus má fhaigheann Uíbh Fhailí an ceann is fearr ar Chill Dara, beidh na Cait ag fágáil sláin leis an gcraobh agus beidh Uíbh Fhailí ag gabháil ar aghaidh chuig Craobhchomórtas na hÉireann. Teastaíonn bua ó na Gaillimhigh in aghaidh Loch Garman lena n-áit a dheimhniú i gCluiche Ceannais Laighean.
I gCraobhchomórtas Iomána na Mumhan, is iad Corcaigh, Luimneach agus an Clár a bheidh san iomaíocht le haghaidh áite sa chluiche ceannais. Faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair tá Corcaigh in uachtar le sé phointe agus tá bearna scórála de 10 gcúilín acu. Tá ceithre phointe ag Luimneach agus ag an gClár. Tá bearna scórála de +22 ag Luimneach agus +2 ag an gClár. Ní féidir le Port Láirge agus Tiobraid Árann cáiliú le haghaidh Chraobhchomórtas na hÉireann. Imreoidh Corcaigh in aghaidh an Chláir agus Luimneach in aghaidh Thiobraid Árann.
Tá sceideal lán cluichí i gCraobhchomórtas Chorn Tailteann an deireadh seachtaine freisin. Tá na hocht bhfoireann bhuacacha ón gcéad bhabhta ag imirt i mbabhta 2A le háit a aimsiú sna cluichí ceathrú ceannais. Imreoidh na ceithre fhoireann a chailleann i mbabhta 2A in aghaidh na bhfoirne a bhuann i mbabhta 2B ansin le háit a bhaint amach sna cluichí ceannais.
I Roinn 2A an deireadh seachtaine seo imreoidh Londain in aghaidh Laoise, Uíbh Fhailí in aghaidh an Dúin, Fear Manach in aghaidh Loch Garman agus Aontroim in aghaidh Thiobraid Árann.
I Roinn 2B, imreoidh Cill Mhantáin in aghaidh Luimnigh, an Clár in aghaidh an Longfoirt, Liatroim in aghaidh Cheatharlach agus Port Láirge in aghaidh Shligigh.
Sa bhabhta deireanach de Chraobhchomórtas Sheosaimh Mhic Dhonncha an deireadh seachtaine seo, tabharfaidh Aontroim aghaidh ar Cheatharlach, tabharfaidh an Dún aghaidh ar an Iarmhí agus tabharfaidh Londain aghaidh ar Laois. Faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair, beidh Ceatharlach ag imirt sa chluiche ceannais tar éis dóibh a gcuid cluichí uilig a bhuachan. Idir Laois, Aontroim agus an Dún a bheidh sé don áit eile sa chluiche ceannais.
Tabharfaidh Maigh Eo agus Nua-Eabhrac aghaidh ar a chéile i bPáirc na bPiarsach Glennon Brothers Dé Domhnaigh i gCluiche Leathcheannais Niocláis Mhic Riocaird.
Cluichí dheireadh na seachtaine
Dé Sathairn
Craobhchomórtas Sinsear Peile na hÉireann
Ciarraí agus Dún na nGall, Staid an Ghearaltaigh, 15.00, GAA+
Corcaigh agus An Mhí, Páirc Uí Rinn, 17.30, GAA+
Gaillimh agus Cill Dara, Staid an Phiarsaigh, 19.30, RTÉ Sport
Babhta 2A de Chraobhchomórtas Chorn Tailteann
Londain agus Laois, Páirc Mhig Shamhráin, 14.00
Uíbh Fhailí agus An Dún, Páirc Uí Chonchubhair Glenisk, 18.00
Babhta 2B de Chraobhchomórtas Chorn Tailteann
Cill Mhantáin agus Luimneach, Páirc Echelon, 16.00
An Clár agus An Longfort, Zimmer Biomet Páirc Chíosóg, 17.00
Liatroim agus Ceatharlach, Páirc Seán Mac Diarmada Heartland Credit Union, 17.30
Dé Domhnaigh
Craobhchomórtas Sinsear Peile na hÉireann
Ros Comáin agus Tír Eoghain, Páirc de híde King & Moffatt, 14.00, GAA+
Babhta 5 de Chraobhchomórtas Sheosaimh Mhic Dhonncha
Aontroim agus Ceatharlach, Páirc Uí Chorragáin, 13.00
An Dún agus An Iarmhí, Páirc Mhic Cionnaith, Baile na gCrann
Londain agus Laois, Páirc Mhig Shamhráin, 13.00
Babhta 5 de Chraobhchomórtas Sinsear Iomána Laighean
Áth Cliath agus Cill Chainnigh, Páirc Parnell, 14.00
Cill Dara agus Uíbh Fhailí, Páirc Naomh Connladh Cedral, 14.00
Loch Garman agus Gaillimh, Páirc Loch Garman Chadwicks, 14.00
Babhta 5 de Chraobhchomórtas Sinsear Iomána na Mumhan
Corcaigh agus An Clár, SuperValu Páirc Uí Chaoimh, 16.00, RTÉ Sport
Luimneach agus Tiobraid Árann, Páirc na nGael TUS, 16.00
Babhta 2A de Chraobhchomórtas Chorn Tailteann
Fear Manach agus Loch Garman, Páirc Brewster, 13.00, GAA+
Aontroim agus Tiobraid Árann, Páirc Uí Chorragáin, 15.15
Babhta 2B de Chraobhchomórtas Chorn Tailteann
Port Láirge agus Sligeach, Páirc Uí Fhearchair Cappoquin Logistics, 13.00
Cluiche Leathcheannais Chraobhchomórtas Chorn Niocláis Mhic Riocaird
Maigh Eo agus Nua-Eabhrac, Páirc na bPiarsach Glennon Brothers, 14.00