Deireadh seachtaine gnóthach amach romhainn sa rás le haghaidh Sam
Imreofar Babhtaí 2A agus 2B sa rás le haghaidh 'Sam' an deireadh seachtaine seo
Le Jamie Ó Tuama
Tá deireadh seachtaine mór millteach amach romhainn sa rás le haghaidh Chorn Shomhairle Mhig Uidhir i mBabhtaí 2A agus 2B de Chraobhchomórtas Peile na hÉireann.
Tar éis scléip dheireadh na seachtaine gabhfaidh na ceithre fhoireann bhuacacha ó Bhabhta 2A ar aghaidh chuig na cluichí ceathrú ceannais. Imreoidh na foirne a chailleann i mbabhta 2A in aghaidh na bhfoirne a bhuann i mbabhta 2B leis na ceithre áit eile a líonadh sna cluichí ceathrú ceannais.
I mBabhta 2A Dé Sathairn, tabharfaidh Dún na nGall agus Corcaigh aghaidh ar a chéile i mBealach Féich ar 3.00in. Tá ceithre chluiche ar fad imeartha ag Corcaigh do dtí seo. Bhuaigh siad trí cinn agus chaill siad i gCluiche Ceannais na Mumhan in aghaidh Chiarraí. Dhá chluiche atá imeartha ag Dún na nGall na nGall. Chaill siad i gCraobh Uladh in aghaidh an Dúin agus bhuaigh siad ar Chiarraí sa chluiche deireanach a bhí acu.
Sna cúig chluiche chraoibhe dheireanacha a imríodh idir na foirne seo ag gabháil chomh fada siar le 2006, tá trí cinn buaite ag Corcaigh agus péire buaite ag Dún na nGall.
Deich gcúl ar fad atá aimsithe ag Corcaigh sna ceithre chluiche chraoibhe atá imeartha acu go dtí seo i mbliana agus is cinnte go mbeidh foireann Jim McGuinness ag díriú air sin.
Tosóidh an scléip i Roinn 2A Dé Domhnaigh nuair a imreoidh Lú in aghaidh Ard Mhacha in Inis Caoin ar 12.00in. Comharsana béal dorais iad na foirne seo, dar ndóigh, agus is cinnte go gcuirfidh sé sin leis an ngéariomaíocht a bheidh idir na foirne.
Cúig chluiche as cúig atá buaite ag Ard Mhacha sa chraobh go dtí seo i mbliana agus tá dhá chluiche buaite ag Lú as na trí chluiche atá imeartha acu. Chaill siad in aghaidh Átha Cliath i gCraobh Laighean ach bhain siad díoltas amach dó sin, dar ndóigh, nuair a bhuaigh siad ar lucht na hardchathrach i mbabhta 1 de Chraobh na hÉireann roinnt seachtainí ina dhiaidh sin. Ba sa bhliain 2017 a d’imir na foirne seo in aghaidh a chéile go deireanach i Roinn 3 den tsraith agus bhí bua cuimsitheach ag Ard Mhacha an lá sin ar a gcéilí comhraic.
Ina dhiaidh sin, tabharfaidh Gaillimh agus an Iarmhí aghaidh ar a chéile i Staid an Phiarsaigh ar 2.00in. Tá cúig chluiche as cúig cinn buaite ag an Iarmhí go dtí seo agus tá péire buaite ag Gaillimh as trí cinn. Chaill siad in aghaidh Ros Comáin i gCluiche Ceannais Chonnacht, dar ndóigh.
Seo an ceathrú huair do na foirne seo imirt in aghaidh a chéile sa chraobh agus faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair tá dhá bhua ag Gaillimh agus ceann amháin ag an Iarmhí. Níor aimsíodh ach dhá chúl ar fad sna trí chluiche sin a bhí idir na foirne ach gach seans go mbeidh féasta cúl againn Dé Domhnaigh. 14 cúl ar fad a d’aimsigh an Iarmhí sna cúig chluiche atá imeartha acu go dtí seo sa chraobh i mbliana agus tá seacht gcúl aimsithe ag Gaillimh sna trí chluiche atá imeartha acu féin.
An mbeidh aon duine díobh siúd ina ríthe ag deireadh na craoibhe?
Ansin, le clabhsúr a chur le Babhta 2A, tabharfaidh Tír Eoghain agus Maigh Eo aghaidh ar a chéile i bPáirc Uí Éilí ar 3.30. Is é seo an dara bliain i ndiaidh a chéile atá na foirne tar éis casadh ar a chéile sa chraobh. Bhí bua seacht gcúilín ag Maigh Eo ar a gcéilí comhraic san Ómaigh anuraidh.
Trí chluiche ar fad atá imeartha ag Maigh Eo go dtí seo agus tá péire caillte acu. Tá trí chluiche imeartha ag Tír Eoghain, freisin, agus péire buaite acu. Is é seo an t-ochtú huair do na foirne casadh ar a chéile sa chraobh. Tá ceithre bhua ag Maigh Eo agus trí cinn ag Tír Eoghain.
I mBabhta 2B Dé Sathairn, tabharfaidh Muineachán agus Ros Comáin aghaidh ar a chéile i bPáirc Naomh Tighearnach ar 4.30. Tá ceithre chluiche ar fad imeartha ag curaidh Chonnacht agus trí cinn acu buaite acu. Ceithre chluiche atá imeartha ag Muineachán agus péire buaite acu. Is é seo an chéad uair do na foirne casadh ar a chéile sa chraobh.
Ina dhiaidh sin, imreoidh Cill Dara agus Ciarraí in aghaidh a chéile i bPáirc Naomh Connladh ar 5.30. Beidh lán an tí i láthair sa Droichead Nua le breathnú ar an gcluiche seo. Tá trí chluiche chraoibhe imeartha ag an dá fhoireann i mbliana go dtí seo – péire buaite ag Ciarraí, agus ceann amháin buaite ag Cill Dara. Dar ndóigh, beidh aithne réasúnta maith ag Jack O’Connor ar imreoirí Chill Dara agus seal caite aige ina bhainisteoir orthu thiar sna blianta 2020 agus 2021.
Ansin, imreoidh Doire in aghaidh na Mí i bPáirc na gCeilteach, Doire, ar 7.00in. Nuair a d’imir na foirne seo in aghaidh a chéile sa chéad bhabhta sraithe níos luaithe sa bhliain i bPáirc an Chrócaigh ba iad fir na Mí a fuair an lámh in uachtar ar a gcéilí comhraic nuair a bhuaigh siad ar scór 0-19 go dtí 1-13. Is cinnte go mbeidh fir Dhoire ar thóir díoltais anocht.
Níl ach dhá chluiche chraoibhe imeartha ag an Mí go dtí seo i mbliana agus an péire caillte acu. Trí chluiche chraoibhe atá imeartha ag Doire agus péire caillte acu. D’imir na foirne in aghaidh a chéile faoi dhó cheana sa chraobh agus bua amháin an taobh acu. Beidh an dá fhoireann ar a seacht ndícheall an bua a fháil trathnóna le beocht a chur ina bhfeachtais chraoibhe an athuair.
Cuirfear clabhsúr leis an aicsean i mbabhta 2B nuair a chuirfidh an Cabhán fáilte roimh Áth Cliath go Páirc Bhreifne Dé Domhnaigh ar 2. Bhí bliain dhíomách ag an dá fhoireann go dtí seo ach is cinnte go mbeidh siad beirt ag iarraidh splanc a chur fúthu an athuair agus an bua a fháil sa chluiche seo.
Sé huaire ar fad a chas na foirne ar a chéile sa chraobh roimhe seo agus d’éirigh le hÁth Cliath gach ceann acu a bhuachan. Tá an Cabhán ar thóir a gcéad bhua ar Áth Cliath ó 1960 i leith nuair a fuair siad an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic sa tsraith.
Fillfidh Ger Brennan ar an taobhlíne d’Áth Cliath Dé Domhnaigh agus is cinnte go dtabharfaidh sé sin ardú meanman d’imreoirí Átha Cliath.
Tá an rás le haghaidh Chorn Shomhairle Mhig Uidhir ag gabháil i ndéine…
Cluichí i 2A de Chraobhchomórtas Peile na hÉireann
Dé Sathairn
Dún na nGall agus Corcaigh, 15.00, Páirc Mhic Cumhaill
Dé Domhnaigh
Lú agus Ard Mhacha, 13.00, Páirc Grattan, RTÉ Sport
Gaillimh agus An Iarmhí, 14.00, Staid an Phiarsaigh GAA+
Tír Eoghain agus Maigh Eo, 15.30, Páirc Uí Éilí O’Neills, RTÉ Sport
Cluichí i 2A de Chraobhchomórtas Peile na hÉireann
Dé Sathairn
Muineachán agus Ros Comáin, 16.30, Páirc Naomh Tigearnach, GAA+
Cill Dara agus Ciarraí, 17.30, Páirc Naomh Connladh Cedral
Doire agus An Mhí, 19.00, Páirc na gCeilteach Find Insurance, GAA+
Dé Domhnaigh
An Cabhán agus Áth Cliath, 14.00, Páirc Bhreifne Kingspan