Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Declan Hannon - Laoch Luimnigh

Declan Hannon ag ardú Chorn Liam Mhic Cárthaigh thar ceann Luimnigh i 2018

Declan Hannon ag ardú Chorn Liam Mhic Cárthaigh thar ceann Luimnigh i 2018

Le Aedín Ní Bhriain

D'fhógair, Declan Hannon, Laoch Luimnigh ó CLG Áth Dara, go raibh sé ag éirí as an iománaíocht idirchontae i mí Dheireadh Fómhair seo caite.

‘Bhí sé ar cheann de na honóracha is mó i mo shaol geansaí Luimnigh a chaitheamh,’ a dúirt sé ag an am.

Chaith Declan 15 bliain le foireann shinsear iomána Luimnigh, bhuaigh sé cúig cinn de chraobhacha uile-Éireann agus bhí cáil air mar chaptaen na foirne in 2018 nuair a bhain Luimneach an chraobh den chéad uair ó 1973 i leith. Sa chomhthéacs sin ach go háirithe, tá sé lárnach i gcuimhní cinn a mhairfidh ar feadh an tsaoil do mhuintir Luimnigh.

Bhuaigh sé seacht gcinn de chraobhchomórtais na Mumhan, trí ghradam All-Star agus an tsraith náisiúnta i 2020 agus i 2023. Roimhe sin, bhuaigh sé Corn an Artaigh le hArdscoil Rís sna blianta 2010 agus 2011. Chabhraigh sé le Coláiste Mhuire gan Smál Corn Mhic Giobúin a bhuachan don chéad uair i 2016 agus bhain sé Craobh Iomána Sinsear Luimnigh lena chlub Áth Dara in 2009. Bhuaigh sé bonn faoi 21 na Mumhan le Luimneach sa bhliain 2011. Níl aon dabht ach gurb eisean ceann de na daoine is mó tionchair ar an iománaíocht nua-aimseartha.

I dteachtaireacht ag ócáid speisialta do Declan a reáchtáladh i Luimneach le déanaí, rinne Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, cur síos ar Declan mar;

‘dhuine ríthábhachtach i ré órga d’iománaíocht Luimnigh. Níl aon amhras orm ach go leanfaidh oidhreacht Declan de bheith ag spreagadh daoine óga agus lucht tacaíochta do na glúnta atá le teacht.’

Turas iontach spóirt gan aon agó.

Roinn Declan a smaointe ar an iománaíocht, an tábhacht a bhaineann le teaghlach, cairdeas agus cothromaíocht le hOifigeach Gaeilge na Mumhan, Aedín Ní Bhriain, le déanaí.

ANíB: Cén chéad chuimhne atá agat ar CLG?

DH: Scoil Naomh Iósaf in Áth Dara – d’eagraigh siad cluiche do na Naíonáin Bheaga agus na Naíonáin Mhóra gach bliain. Bhí dalta le feadóg stáin ag barr an líne agus lean an fhoireann iad timpeall na páirce don pharáid! Bhí na tuismitheoirí go léir ann mar lucht tacaíochta. Sin an chéad chuimhne atá agam.

ANíB: Céard faoin scoil agus an club?

DH: Chabhraigh Corn an Artaigh go mór liom. Bhí caighdéan dochreidte i gceist leis. Táim go mór faoi chomaoin ag Ardscoil Rís agus na cóitseálaithe go léir ann. Bhí Áth Dara go hiontach mar chlub, freisin. Chuireadar camán inár lámha nuair bhíomar 4 nó 5. Bhí daoine sa chlub, leithéidí Mark Foley & Donncha Sheehan, a chaith a ndíograis ar son an chlub agus a thug an oiread san ar ais don chlub. Ní bheinn san áit ina bhfuilim murach iad. Táim ag tnúth le bheith in ann tabhairt ar ais don chlub anois chomh maith.

ANíB: Cérbh é an t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg?

DH: Anthony Daly, bhíos an- tógtha leis an scil a bhí aige.

ANíB: Cé hé an t-imreoir ab fhearr leat a bheith ag imirt leis?

DH: Dónal O’ Grady. Ba mhinic a thug sé síob dom roimh na cluichí agus mé ag tosnú amach ar an bpainéal. Ba mhór an fhoinse muiníne é, chomh maith le Nicky Quaid agus Graeme Mulcahy.

ANíB: Céard faoin imreoir is fearr ar imir tú ina choinne?

DH: Joe Canning – imreoir den scoth.

ANíB: Cad é buaicphointe do shaoil imeartha?

DH: Cluiche Ceannais na hÉireann 2018. Ní dóigh liom gur féidir an ceann sin a sharú.

ANíB: Cé hé an duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha?

DH: Mo Dhaid, a thug comhairle dom, a thug mé féin agus mo dheartháireacha go dtí na cluichí go léir agus a chabhraigh liom bheith ag cleachtadh ar chúl an tí! Níos déanaí, Paul Kinnerk, is dócha, ach chun an fhírinne a rá táim buíoch de gach éinne a chabhraigh liom, na cóitseálaithe sa chlub, ar scoil – bhíodar go léir tábhachtach.

ANíB: Ar leibhéal daonna, an mbeifeá neirbhíseach roimh chluichí?

DH: Bhíos neirbhíseach i gcónaí roimh ré. Ach chomh luath is a d’fhag mé an bus nó an seomra feistis agus nuair a shroich mé an pháirc imeartha don téamh suas, bhí mé go breá. Chomh luath agus a bhíonn tú ag bogadh, bíonn tú go breá.

ANíB: An raibh sé deacair cothromaíocht a aimsiú idir do shaol laethúil agus an clú agus cáil a bhaineann le bheith ráthúil sa spórt?

DH: Nuair a bhuann tú, ní bhíonn sé deacair ach nuair nach mbuann tú, caithfidh tú leanúint ar aghaidh le do shaol. Caithfidh tú aoibh gháire a chur ar d'aghaidh arís agus aghaidh a thabhairt ar an saol.

Nuair a bhuamar, bhí an t-ádh liom leis na fostóirí a bhí agam a thuig mo chás agus a thug solúbthacht dom chomh maith. Ina theannta sin, bhí mo chlann go hiontach. Thugadar tacaíocht i gcónaí ach níor lig siad dom aon ‘Notions’ a fháil. Bhí an bruscar fós le tógaint amach & jabanna fós le déanamh !

ANíB: Aon chomhairle a bheadh agat d’imreoirí óga?

DH: Bain taitneamh as an iomáint. Ná bí ródháiríre faoi. Cinnte, bí ag traenáil go rialta agus ag obair ar do scileanna ach bíodh craic agat le do chairde. Ba chóir go mbeadh sé taitneamhach mar eispéireas.

ANíB: An bhfuil laoch spóirt agat lasmuigh den CLG?

DH: Paul O’ Connell, Ronan O’ Gara agus Tony Mc Coy. Is breá liom an eitic oibre a léiríonn siad.

ANíB: Ag féachaint ar aghaidh go scéal na hiomána i 2026...do smaointe?

DH: Táim ag súil go mór leis. Níl caith na pingine idir na foirne is láidre agus tá sé deacair buaiteoir a phiocadh. Ar ndóígh, beidh mé ag tacú leis an leaids ó Luimneach ó mo tholg, nó ón seastán, ag baint taitnimh as na sárscileanna a bheidh le feiscint ós na foirne go léir!

ANíB: Agus ar deireadh, mar Oifigeach Gaeilge, ba mhaith liom ceist a chur ort faoin teanga — an mbeadh aon smaointe agat faoi thábhacht na Gaeilge?

DH: Bí Bródúil as an teanga agus úsáid aon Gheailge atá agat. Is teanga álainn agus fíorspeisialta í. Bhíos an-tógtha le déanaí le muintir na Gaeltachta agus an Daingin. Is iadsan ambassadóirí na Gaeilge dár liom. Bhí sé go hiontach an Ghaeilge go léir a chloisint i bPáirc an Chrócaigh nuair a bhuaigh na clubanna sin.