Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Cúrsaí ag gabháil i ndéine sna craobhchomórtais peile

Tabharfaidh Lú agus Maigh Eo aghaidh ar a chéile i gCluiche Leathcheannais Peile na hÉireann inniu

Tabharfaidh Lú agus Maigh Eo aghaidh ar a chéile i gCluiche Leathcheannais Peile na hÉireann inniu

Le Jamie Ó Tuama

Beidh Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann agus Cluiche Ceannais Chraobhchomórtas Chorn Tailteann idir chamáin anseo i bPáirc an Chrócaigh inniu agus muid fágtha le togha na rogha sna rásanna le haghaidh Choirn Shomhairle Mhig Uidhir agus Tailteann.

Céard is féidir linn a rá faoi chraobhchomórtais peile na bliana seo nach bhfuil ráite cheana? Féasta peile i ndiaidh féasta peile, seachtain i ndiaidh seachtaine. Scóranna dhá phointe, mórchoimhlintí lár páirce, spás ag tosaithe, torthaí gan choinne agus níl muid críochnaithe fós – ná baol air!

Tabharfaidh Lú agus Maigh Eo aghaidh ar a chéile i gCluiche Leathcheannais Uile-Éireann an lae inniu ach roimhe sin tabharfaidh an Dún agus Cill Mhantáin aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Chraobhchomórtas Chorn Tailteann.

An Dún agus Cill Mhantáin

Beidh an Dún ag iarraidh Corn Tailteann a bhuachan don dara huair inniu tar éis dóibh an beart a dhéanamh go deireanach dhá bhliain ó shin in aghaidh Laoise i gcluiche ceannais na bliana 2024. Is é seo an chéad uair do Chill Mhantáin a bheith sa chluiche ceannais, dar ndóigh.

Cúig cluiche ar fad atá imeartha ag an Dún go dtí seo i gCraobhchomórtas Chorn Tailteann i mbliana. Bhuaigh siad ar Liatroim i mBabhta 1, ar an Longfort i mBabhta 3, ar Laois sa chluiche ceathrú ceannais agus ar Fhear Manach sa chluiche leathcheannais. Chaill siad in aghaidh Uíbh Fhailí i mBabhta 2A, dar ndóigh.

Maidir le Cill Mhantáin, tá cúig chluiche imeartha acu féin sa chomórtas seo i mbliana freisin. Tar éis do Laois an ceann is fearr a fháil orthu i mBabhta 1, bhuaigh siad ar Luimneach, ar Thiobraid Árann, ar Aontroim agus ar Uíbh Fhailí sa chluiche leathcheannais.

Fágann sé sin muid le cluiche ceannais an lae inniu. Beidh seans ag na foirne stair a bhaint amach agus é de sprioc acu Corn Tailteann a ardú ar chéimeanna Ardán Uí Ógáin. Tuigfidh siad chomh maith go mbeidh áit i gCraobh Shomhairle Mhig Uidhir cinntithe ag an bhfoireann bhuacach do 2026. Cinntíonn sé sin uilig go mbeidh sárchoimhlint againn inniu.

Lú agus Maigh Eo

Imreoidh Lú agus Maigh Eo in aghaidh a chéile i gcéad chluiche leathcheannais dheireadh na seachtaine, inniu. Is é seo an chéad uair do Lú a bheith i gCluiche Leathcheannais na hÉireann ó 1957 i leith – an bhliain dheireanach ar bhuaigh siad Corn Shomhairle Mhig Uidhir. Is é seo an chéad uair ó 2021 i leith do Mhaigh Eo a bheith sa chluiche leathcheannais.

Casfaidh na foirne seo ar a chéile i gCluiche Leathcheannais na hÉireann don chéad uair riamh inniu. D’imir siad in aghaidh a chéile faoi dhó cheana sa chraobh – i gCluiche Ceannais na hÉireann 1950, nuair a fuair Maigh Eo an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic ar scór 2-05 go dtí 1-06, agus sa bhliain 2023, nuair a d’éirigh leis na Connachtaigh an ceann is fearr a fháil ar Lú ar scór 0-14 go dtí 1-10.

Le cluiche ceannais an lae inniu a bhaint amach, bhí an bua ag Maigh Eo ar Mhuineachán i mBabhta 1 de Chraobhchomórtas na hÉireann. Chaill siad in aghaidh Thír Eoghain i mBabhta 2A ach bhí buanna acu, ina dhiaidh sin, ar an Mí i mBabhta 3 agus ar Chorcaigh sa chluiche ceathrú ceannais.

D’éirigh le Lú an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath i mBabhta 1, ar Ard Mhacha i mBabhta 2 agus ar Mhuineachán sa chluiche ceathrú ceannais le cluiche leathcheannais an lae inniu a bhaint amach.

Neosfaidh an aimsir cé acu foireann a bheidh ag gabhail ar aghaidh chuig an gcluiche ceannais i gceann coicíse ach rud amháin atá cinnte ná go bhfuil féasta mór eile peile amach romhainn inniu. Bainimis súp as.