Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Cuimhní maithe ag Fergal Whitely ar a ról mar Ambasadóir Gaeilge CLG

Fergal Whitely - Ambasadóir Gaeilge CLG 2025

Fergal Whitely - Ambasadóir Gaeilge CLG 2025

Le Jamie Ó Tuama

Tá téarma Fergal Whitely mar Ambasadóir Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael ag druidim chun deiridh. Thapaigh muid an deis labhairt le laoch iomána Átha Cliath faoina thréimhse mar ambasadóir agus mar aghaidh na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael le beagnach bliain anuas.

Thosaigh muid le fiafrú de Fergal faoin tionchar a bhí ag a cheapachán ar a chuid comhimreoirí ar fhoireann Átha Cliath.

‘Tá grúpa mór ar an bhfoireann atá líofa sa teanga’, a deir Fergal, ‘agus tacaíonn siad le haon rud a chuireann í chun cinn. Mar sin, nuair a ainmníodh mé mar ambasadóir, bhí suim acu níos mó a fhoghlaim faoin ról.

Dar ndóigh tá neart Gaeilge ag go leor de chomhimreoirí Fergal mar a luaigh sé:

‘Bhí grúpa láidir cainteoirí Gaeilge againn san fhoireann cheana féin. D’fhreastail deichniúr ar Choláiste Eoin, scoil a dhéanann jab iontach an Ghaeilge agus na cluichí Gaelacha a chur chun cinn. Ba mhaith liom a cheapadh gur thug mé inspioráid do Dhiarmuid Ó Dúlaing bheith ina anailísí do TG4 freisin!’

Dar ndóigh, de bharr TG4, Raidió na Gaeltachta agus na meáin eile Ghaeilge a chlúdaíonn na cluichí Gaelacha, feictear níos mó imreoirí ná riamh ag labhairt Gaeilge tar éis na gcluichí agus ag imeachtaí eile a bhaineann leis na cluichí.

‘Bhí cumarsáid agam le himreoirí ó chontae eile i rith na bliana ag imeachtaí agus tionscnaimh éagsúla’, a deir Fergal. ‘Tá sé iontach go bhfeicimid i bhfad níos mó imreoirí ag úsáid na Gaeilge ina n-agallaimh tar éis cluichí.’

Eagraíodh Go Games Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh i mí an Mheithimh agus bhí Fergal ann ina ról mar Ambasadóir na Gaeilge le roinnt nodanna a thabhairt do na himreoirí óga. Creideann sé go bhfuil sé an-tábhachtach an Ghaeilge a shníomh isteach go nádúrtha sa spórt.

‘Sílim go bhfuil an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach inár gcluichí toisc go bhfuil sí mar chuid d’fhéiniúlacht agus d’oidhreacht na gcluichí Gaelacha’, a mhíníonn fear Chill Mochuda Na Crócaigh. ‘Léiríonn tionscnaimh den sórt seo d’imreoirí óga go bhfuil an teanga le fáil i dtimpeallacht spóirt, ní hamháin sa seomra ranga.’

Dar ndóigh, chabhraigh Fergal linn seinnliosta Gaeilge CLG ar Spotify a thabhairt suas chun dáta níos túisce sa bhliain agus bhí cúpla traic ó The Bonny Men i measc na dtraiceanna a chuir sé leis an seinnliosta. Labhair sé linn faoin ról atá ag an gceol Gaelach ina shaol.

‘Tá ról mór ag an gceol i mo shaol’, a deir sé. ‘Tá suim fhairsing agam i gceol agus taitníonn sé liom bheith ag éisteacht le stíleanna éagsúla, ó cheol traidisiúnta nó stíleanna atá go hiomlán éagsúil.

‘Déanaim iarracht bheith ag seinm na bpíobaí chomh minic agus is féidir liom. Tá roinnt de mo chairde ag seinm go rialta fós agus is bealach iontach é chun fanacht i dteagmháil leo. Ba mhaith liom bheith ag seinm níos minice ach bíonn sé deacair nuair a bhíonn formhór na n-oícheanta líonta le traenáil agus le cluichí.

Fergal Whitely, Áth Cliath, i mbun a cheirdre in aghaidh Darragh Fitzgibbon, Corcaigh, i gCluiche Leathcheannais na hÉireann anuraidh

Fergal Whitely, Áth Cliath, i mbun a cheirdre in aghaidh Darragh Fitzgibbon, Corcaigh, i gCluiche Leathcheannais na hÉireann anuraidh

Maidir le cúrsaí ar an bpáirc imeartha bhí gortú beag ag Fergal ag tús na bliana ach is léir go bhfuil biseach air anois agus go bhfuil sé ag súil leis an mbliain iomána amach romhainn.

‘Táim níos fearr anois agus táim ag mothú go maith. Táim ag tnúth go mór leis an gcluiche an deireadh seachtaine seo.’

Bhí bliain rathúil ag iománaithe Átha Cliath anuraidh nuair a d’éirigh leo Cluiche Leathcheannais na hÉireann a bhaint amach. Tá sé de sprioc ag Fergal agus ag foireann Átha Cliath cur leis an dul chun cinn sin atá déanta acu sa bhliain amach romhainn.

‘Tá sé an-tábhachach’, a mhíníonn sé. ‘Tá a fhios ag gach duine sa ghrúpa gur féidir linn dul in iomaíocht le gach foireann eile nuair a thaispeánann muid comhsheasmhacht. Sin an sprioc atá againn i mbliana.

‘Tá ardú céime ar cheann de na spriocanna atá againn don tsraith. Tá cluiche caillte againn cheana féin, mar sin ní féidir linn mórán earráidí eile a dhéanamh. Táimid ag dul céim ar chéim, ag díriú ar ár bhfeidhmíocht agus ag iarraidh móiminteam a thógáil ag druidim i dtreo na craoibhe.’

‘Ar ndóigh, is é an sprioc atá i gcónaí againn ná corn a bhuachan. Ba mhaith linn iomaíocht a dhéanamh chun duaiseanna a bhuachan agus rud éigin a bheith againn le taispeáint ag deireadh an tséasúir.

Maidir leis an gclub, tá Fergal dóchasach faoi thodhchaí Chill Mochuda Na Crócaigh, freisin.

‘Bhí sé díomách dúinn cluiche leathcheannais a chailliúint anuraidh. Tá caighdeán an-ard i gCraobhchomórtas Cumann Bhaile Átha Cliath agus tá sé ar cheann de na comórtais chlub is iomaíche sa tír. Tá an-chuid tallainne ag teacht tríd sa chlub. Bhuaigh ár bhfoireann faoi 21 an chraobh anuraidh agus tá go leor imreoirí againn ar na foirne f18, f20 agus sinsearacha de chuid Bhaile Átha Cliath, rud a léiríonn go maith an tallann atá ag teacht tríd.’

Le clabhsúr a chur lenár gcomhrá le Fergal labhair sé faoin onóir a bhain lena cheapachán mar Ambasadóir na Gaeilge de chuid Chumann Lúthchleas Gael.

‘Thaitin an ról go mór liom’, a deir sé go bródúil. ‘Bhí sé ina onóir dom bheith ag obair ar son CLG i mbliana agus d’fhoghlaim mé a lán ón taithí. Tá sé go hiontach go bhfuil an ról roinnte idir contaetha éagsúla timpeall na tíre. Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar an gcéad ambasadóir eile agus é ag leanúint ar aghaidh leis an Ghaeilge a chur chun cinn laistigh de na cluichí.’