Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Cuimhní Cinn Chomórtas Peile na Gaeltachta – Seán Ó Drisceoil

Seán Ó Drisceoil ag ceiliúradh le Larry Tompkins ar Ardán Uí Ógáin tar éis do Chorcaigh Cluiche Ceannais Sinsear Peile na hÉireann a bhuahan sa bhliain 1989

Seán Ó Drisceoil ag ceiliúradh le Larry Tompkins ar Ardán Uí Ógáin tar éis do Chorcaigh Cluiche Ceannais Sinsear Peile na hÉireann a bhuahan sa bhliain 1989

Le Jamie Ó Tuama

Is é laoch mór Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus Chorcaí, Seán Ó Drisceoil, an chéad duine eile lena chuimhní cinn ar Chomórtas Peile na Gaeltachta a roinnt linn. D’éirigh le fear Mhúscraí seacht gcinn ar fad de Chraobhacha na Mumhan agus dhá Chraobh Uile-Éireann a bhuachan le Corcaigh. Tá áit speisialta ag an gcomórtas i gcroí Sheáin, dar ndóigh.

‘Bhi an-tionchur ag an gComórtas ar an teanga a spreagadh i mo cheantar féin. Bhí Tadhg O Gealbháin lárnach i dtaobh an fheachtais go háitiúil agus chaith sé na blianta mar chathaoirleach ar Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta. Léirigh sé dúinn go léir a bheith bródúil as ár gcultúr agus ár gcanúint féin. Leanann Dónal Ó Laoire sa ról céanna sa lá atá inniu ann é ag cinntiú an naisc agus ag treisiú an mheasa agus an dílseacht teangan go háitiúil.

Seán Ó Drisceoil, Bealtaine 2026

Ainm: Seán Ó Drisceoil

Club: Béal Átha’n Ghaorthaidh

Contae: Corcaigh

Do chéad chuimhne ar Chomórtas Peile na Gaeltachta:

1984 sa Rinn. Ní rabhas ach 16 bliain d’aois ag an am agus bhí leisce ar m’athair scaoileadh liom a bheith páirteach mar cheap sé go rabhas ró-óg. Níor thaistil mé leis an bhfoireann ach tharla gur éirigh leo an chraobh shóisearach a bhaint amach. Cuireadh glaoch arís ar m’athair agus maidin Luain go luath bhíos ar an mbealach le Proinnsias Ó Duinnín ag tiomáint. Bhuamar in aghaidh Chlann Choláiste Mhuire agus b’shin an chéad chomórtas gur bhuaigh Béal Átha’n Ghaorthaidh riamh. Bhí na tinte cnámha ar lasadh agus an banna ceoil amuigh romhainn ar fhilleadh abhaile dúinn.

Do laoch peile Gaeltachta agus tú óg:

Ba laoch peile domsa Mícheál Ó Scanaill ó Bhaile Bhúirne a d’imir le Corcaigh agus a bhí mar thraenálaí foirne iontach dúinn i mBéal Átha le haghaidh roinnt comórtaisí, freisin. Is cuimhin liom Pádraig ‘Dandy’ Kelly agus, is dócha, bhí súil agam air mar imreoir chomh maith de bharr an phróifíl idirchontae agus an leasainm neamhghnáthach a bhí air.

An t-imreoir is fearr a d’imir leat ag Comórtas Peile na Gaeltachta:

Bhí Donnchadh Seartan mar imreoir iontach againn sa chlub agus a d’imir taobh liom ar feadh na mblianta. Naoscaire amach is amach a bhí ann agus bhí an t-ardchaighdeán imeartha go seasmhach aige gach lá a d’imir sé. Caithfidh mé Diarmuid Mac Cárthaigh, Baile Bhúirne, a lua chomh maith go ndéana Dia trocaire ar a anam. Tharla go raibh foireann ó cheantar Mhúscraí ceadaithe sa chomórtas sinsearach i 1988 agus bhí imreoirí ó na clubanna sóisearacha Gaeltachta páirteach, Diarmuid ina measc.

An t-imreoir is fearr a d’imir i d’aghaidh ag Comórtas Peile na Gaeltachta:

Bhí Mairtín Mac Aodha ó Chill Chartha inár gcoinnibh an lá úd sa chraobh i 1988. Imreoir den scoth ba ea Máirtín. D’imríomar in aghaidh Ghaeltacht Chiarraí i 1996 agus bhí Dara Ó Cinnéide ina rí peile dóibh ag an am. B’é an chéad uair gur imir Béal Átha’n Ghaorthaidh sa ghrád sinsearach agus cé gur bhuaigh siad orainn sa chluiche leathcheannais ní raibh ach cúpla cúilín idir na foirne.

Seán Ó Drisceoil réidh gabháil chun páirce do Chorcaigh sa bhliain 1987

Seán Ó Drisceoil réidh gabháil chun páirce do Chorcaigh sa bhliain 1987

An cluiche is fearr a d’imir tú riamh ag Comórtas Peile na Gaeltachta:

Tá cuimhní maithe agam ar an gcraobh shóisearach i gcoinne Rinn Ó gCuanach i 2002. Lá breá gréine sa Ghaillimh agus thugamar an lá linn. Bhíos ag obair agus i mo chónaí i nDún Garbhán ag an am, cóngarach go leor don Rinn.

Buaicphointe do shaoil imeartha ag Comórtas Peile na Gaeltachta:

Bhaineas lántaitneamh as gach uile Chomórtas agus dheineas gach iarracht a bheith páirteach iontu go léir cé go raibh cead speisialta uaim ó lucht bainistíochta Chorcaí go minic. Thaistilíos go mórán áiteanna éagsúla i gConamara, Tír Chonaill, sna Déise, contae na Mí agus Ciarraí. Bhuaigh an club 5 chraobh shóisearach le mo linnse agus bhí bua sinsearach agam le Múscraí. Bhíos ar an bhfoireann tháinisteach faoi thrí. Bhí craic, peil agus comhluadar Gaelach iontach ag gach uile cheann díobh.

An pháirc Ghaeltachta is deise leat (níl cead páirc do chlub féin a lua)?

Páirc Ghallarais i gCiarraí le radharcanna leathana an Atlantaigh, na hoileáin agus cnoc ríoga Bhréanainn.

Cé a bhuafaidh Comórtas Sinsear na bhFear ag Comórtas Peile na Gaeltachta i mbliana?

Caithfidh go bhfuil deis iontach ag an bhfoireann áitiúil, Cill Chartha. Tá traidisiún láidir ann agus imreoirí den scoth. Is dócha nach mbeidh a leithéidí de Rian Mac Aodha nó aon imreoirí contae eile ag imirt. Is trua go dtrasnaíonn an comórtas leis an séasúr idirchontae agus nach bhfuil na réaltaí seo ar nós Seán Ó Ceallaigh ná Brian Ó Beaglaoich le feiscint. Thabharfadh sé stádas breise don deireadh seachtaine.

Cé a bhuafaidh Comórtas na Sóisear?

Is beag cur amach atá agam ar na foirne seo i ndáiríre ach, b’fhéidir, go dtabharfainn buille faoi thuairim ar Ghaeil Fhánada!

Aon chomhairle agat dóibh siúd a bheidh ag freastal ar Chomórtas Peile na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo?

Is dóigh liom go dtugann an Comórtas deis iontach do dhaoine ó na ceantair éagsúla meascadh lena chéile agus ‘sé an chomhairle a bheadh agam ná gach iarracht é sin a dhéanamh. Bhuaileas le mórán daoine uaisle tríd na blianta agus d’fhoghlaimíos faoin oidhreacht Ghaelach agus an cultúr peile a bhí acu siúd. Ba mhór an trua dá ndéanfaí díriú iomlán ar an bpeil amháin agus an ghné seo den chomórtas a fhágaint ar lár. Smaoiním ar leithéidí Mártan Ó Ciardha, Seosamh Mac Donncha, Seán Bán Breathnach, Michéal Ó Muircheartaigh agus Mícheál Ó Sé, daoine a bhí tiomanta chun cuspóirí an Chomórtais a chraobhscaoileadh - ar mhaithe leis an teanga chomh maith leis an bpeil.