Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Cuimhní Cinn Chomórtas Peile na Gaeltachta – Seán Ó Domhnaill

Seán Ó Domhnaill á chur faoi bhrú ag Darragh Ó Sé thiar sa bhliain 2000

Seán Ó Domhnaill á chur faoi bhrú ag Darragh Ó Sé thiar sa bhliain 2000

Le Jamie Ó Tuama

Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta 2026 ar siúl an deireadh seachtaine seo i gCill Chartha i nGaeltacht Thír Chonaill. Roinneann Seán Ó Domhnaill, iarimreoir de cuid na Ceathrún Rua agus na Gaillimhe, a chuid cuimhní cinn linn anseo ar Chomórtas Peile na Gaeltachta.

Is iomaí rud a bhuaigh Seán lena chlub agus lena chontae (dhá Chraobh Shinsear Peile Uile-Éireann le Gaillimh san áireamh) agus tá áit speisialta ag an gcomórtas i saol Sheáin mar a fheiceann muid thíos.

'Tá sé tábhachtach nach ndéanann muid dearmad ar an bhfáth ar bunaíodh Comórtas Peile na Gaeltachta an chéad lá. Ceiliúradh atá ann ar an nGaeilge agus ar an bpeil.’

Seán Ó Domhnaill, Bealtaine 2026.

Ainm: Seán Ó Domhnaill

Club: An Cheathrú Rua

Contae: Gaillimh

Do chéad chuimhne ar Chomórtas Peile na Gaeltachta:

Is dóigh, mo chéad chuimhne ar Chomórtas Peile na Gaeltachta ná siar chomh fada le 1988 nuair a bhí Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl anseo ar an gCeathrú Rua. Is dóiche gurb é sin an chéad áit a bhfuair mé blaiseadh ar an gComórtas agus a chonaic mé an tábhacht a bhaineann leis, an tarraingt le chéile d’fhoirne Gaeltachta agus is dóiche an dúshlán maidir leis an nGaeilge agus maidir leis an bpeil a choinneáil beo. Cheap mé go raibh sé an-tábhachtach ag an aois óg sin féin, go bhfaca mé an tábhacht a bhaineann leis an gcomórtas seo.

Do laoch peile Gaeltachta agus tú óg:

Is dóiche ag breathnú siar air, gur laoch mór a bhí i Willie Joe Mac Pháidín as Maigh Eo. Bhí sé ina réalta mór ag an am sin. Is dóiche comharsa béal dorais liom freisin, is iomaí cogadh a bhí idir muid, Pádraig ‘Dandy’ Ó Ceallaigh, athair Sheáin Uí Cheallaigh a bhí ina chaptaen ar Ghaillimh anuraidh. Ar dhream lár páirce is mó a mbímse ag breathnú. Laochra móra mar sin.

An t-imreoir is fearr a d’imir leat ag Comórtas Peile na Gaeltachta:

Tá an t-ádh orm gur imir mé le foirne sármhaithe le linn mo shaoil imeartha leis an gCeathrú Rua ag Comórtas Peile na Gaeltachta. Tá fear amháin a sheasann amach agus b’fhéidir nach bhfuil mórán cainte air, ach bhí draíocht ag baint le Micheál Ó Lorcáin nuair a bhíodh an liathróid aige. Nuair a bhíodh an fhoireann faoi bhrú, is é an uair is mó a sheasadh Micheál amach. Mar sin, Micheál Ó Lorcáin.

An t-imreoir is fearr a d’imir i d’aghaidh ag Comórtas Peile na Gaeltachta:

Bhí an t-ádh orm gur imir mé in aghaidh go leor de na réaltaí móra idirchontae ag an am. Is dóiche, nuair a bhí mé óg, ceann de na chéad chluichí, Mark McShane. Bhí sé ina laoch ag Dún na nGall siar chomh fada le 1994. Ansin, bhí Caoimhín Ó Casaide, Darragh Ó Sé agus caithfidh mé a rá, is iomaí réabadh agus tarraingt a rinne muid ar a chéile ach i gcónaí chroith muid lámh lena chéile nuair a sheas muid amach ón bpáirc.

An cluiche is fearr a d’imir tú riamh ag Comórtas Peile na Gaeltachta:

Ag breathnú siar air, is dóiche nuair a bhuaigh muid anseo é ar an gCeathrú Rua in aghaidh Chorca Dhuibhne. B’in e an chéad uair a bhuaigh muid an comórtas agus níor bhuaigh muid ó shin é. B’in é i 1997.

Is dóiche cluiche ar bith a bhuafaidh tú sa gcluiche ceannais féin go mbreathnaíonn siar tú air agus nuair a thuigeann tú go raibh baint bheag nó mhór agat leis go mbíonn sé mar bhuaicphointe agat. B’fhéidir go raibh cluichí níos fearr agam sna cluichí sna comórtais áitiúla ach is dóiche gurb in é sin an ceann mór de bharr gur cluiche ceannais a bhí ann.

Sean Ó Domhnaill ar an taobhlíne mar roghnóir le Gaillimh thiar i 2010

Sean Ó Domhnaill ar an taobhlíne mar roghnóir le Gaillimh thiar i 2010

Buaicphointe do shaoil imeartha ag Comórtas Peile na Gaeltachta:

Mar a dúirt mé cheana, 1997. Arís, is dóiche an cluiche ceannais mar bualadh muid i gcúpla ceann acu roimhe sin. An chéad cheann thiar i ‘92 nuair a bhuach Cloich Cheann Fhaola orainn , i ‘94 bhuach Gaoth Dobhair orainn théis am breise. Mar sin, bhí sé deas gabháil thar an líne an uair sin i ‘97. Tá níos mór caillte ná buaite againn, faraor!

An pháirc Ghaeltachta is deise leat (níl cead páirc do chlub féin a lua)?

Caithfidh mé a rá, thaitnigh i gcónaí na páirceanna taobh cósta liom. Is dóiche sa samhradh a bhíonn comórtas Peile na Gaeltachta ann agus is deas go mbíonn beagán de bhreezín isteach ón gcósta. Mar sin, thaitnigh Gaoth Dobhair liom. Thaitnigh Corca Dhuibhne i gcónaí liom ach is dóiche gurb é an ‘gort’ mar a ghlaonn siad féin air an ceann is fearr liom. Thaitnigh an pháirc sin go mór liom.

Cé a bhuafaidh Comórtas Sinsear na bhFear ag Comórtas Peile na Gaeltachta i mbliana?

Anois, i mbliana tá comórtas níos mó ná mar a bhí riamh ann agus tá sé an-deacair a rá. Beidh a fhios againn is dócha ag na cluichí leathcheannais nuair a fheicfeas tú cé tá fágtha. Gaoth Dobhair in aghaidh Chill tSéadhna agus Naomh Abán in aghaidh na Gaeltachta agus Bhulf Tón.

Mar sin féin, ag breathnú air sin agus ar an gcaoi atá sé leagtha amach, tá sé an-deacair gabháil thar an bhfoireann baile, Cill Chartha. Nuair a fheicfidh tú na réaltaí atá acu, muintir McHugh agus a leithéid. Mar sin, de bharr go bhfuil siad sa mbaile déarfaidh mé Cill Chartha.

Cé a bhuafaidh Comórtas na Sóisear na bhFear?

Arís, go leor foirne maithe ansin. Abair feicfidh muid ansin Tuar Mhic Éadaigh, Gaeil Fhánada, An Seanphobal, Lios Póil, a bheidh ag óstáil an chéad chomórtais eile, agus An Fhairche. Ach, chaithfinn an lámh in uachtar a thabhairt don Fhairche. Má tá an fhoireann láidir acu a bhí i gcomórtas na sóisear i gConamara, tá seans maith acu.

Aon chomhairle agat dóibh siúd a bheidh ag freastal ar Chomórtas Peile na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo?

Bail sult as agus tagaigí abhaile slán sábháilte. Is an-deireadh seachtaine go deo é. Buailfidh tú le daoine nach bhfacthas le bliain nó nach bhfacthas le deich mbliana nó scór bliain nó leathchéad bliain. Buailfidh tú le daoine nach bhfaca tú ariamh cheana. Tá sé iontach do dhaoine óga agus do dhaoine níos sine.

An rud a fheicim i gcónaí is tábhachtaí ná gan dearmad a dhéanamh ar an bhfáth a bhfuil Comórtas Peile na Gaeltachta ann - an teanga agus an pheil, an tarraingt le chéile agus an comhluadar.