Cuimhní Cinn Chomórtas Peile na Gaeltachta – Liam Ó Lonáin
Liam Ó Lonáin i mbun a cheirde le Port Láirge thiar sa bhliain 2014
Le Jamie Ó Tuama
Labhraíonn muid sa tsraith seo le cuid de na réaltaí is mó a d’imir ag Comórtas Peile na Gaeltachta faoi na cuimhní cinn atá acu ar an gcomórtas. Tosaíonn muid anseo le laoch mór na Rinne agus Phort Láirge, Liam Ó Lonáin.
‘Thuig mé ag an am san gur saghas rud speisialta é an comórtas so, an tslí ina gceanglaíonn sé na Gaeltachtaí ar fad le chéile agus an bród a bhíonn ar mhuintir an chlub nuair a bhíonn siad á reáchtáil.’
Liam Ó Lonáin, Bealtaine 2026
Ainm: Liam Ó Lonáin
Club: An Rinn
Contae: Port Láirge
Do chéad chuimhne ar Chomórtas Peile na Gaeltachta:
Nuair a bhíos 14 nó 15, nuair a tháinig sé chuig an Rinn. Is cuimhin liom, is dóigh liom gur i 1999 a bhí sé sa Rinn agus is cuimhin liom an slua, na cluichí thuas sa bpáirc agus, is ea, na sluaite a bhí mórthimpeall na Rinne an deireadh seachtaine san.
Thuig mé ag an am san gur saghas rud speisialta é an comórtas so, an tslí ina gceanglaíonn sé na Gaeltachtaí ar fad le chéile agus an bród a bhíonn ar mhuintir an chlub nuair a bhíonn siad á reáchtáil. Is cuimhin liom an obair a chuaigh isteach an deireadh seachtaine san agus dar ndóigh bhí sé againn fé dhó ina dhiaidh san chomh maith. Cíonn tú ag aois óg nuair athá sé i do pharóiste féin, an tionchar a bhíonn aige ar an gclub agus ar mhuintir an pharóiste chomh maith.
Do laoch peile Gaeltachta agus tú óg:
Dara Ó Cinnéide. Is dócha gur sheas sé amach nuair a bhí mé i mo leaid óg ag féachaint ar na cluichí ar an teilifís. Is dócha gur thuig tú gur rud ana-speisialta é a bheith ag imirt le do chontae ach chomh maith le san, gurb as an nGaeltacht thú chomh maith. Thá ceangailt láidir idir an Ghaelainn agus Cumann Lúthchleas Gael agus bhí sé go hiontach na himreoirí a fheiscint ag imirt club agus contae.
An t-imreoir is fearr a d’imir leat ag Comórtas Peile na Gaeltachta:
Thá roinnt mhaith imreoirí ón Rinn a bhí go hiontach ar fad ach ag féachaint siar agus muid ag imirt ag an gcomórtas peile dhéarfainn Cian Ó Conchúir de bharr an nós a bhí aige cúil a aimsiú. Thaispeáin sé é sin i nGleann Cholmcille i 2008 nuair a bhuamar Craobh na Sóisear.
Scóráil sé trí chúl sa chraobh. Mar sin, don taispeántas sin amháin tá mé chun sin a thabhairt do Chian Ó Conchúir agus moladh eile do Dharach Breathnach chomh maith.
An t-imreoir is fearr a d’imir i d’aghaidh ag Comórtas Peile na Gaeltachta:
Is dócha Caoimhín Ó Casaide mar gur bhuadar orainn anso sa Rinn i 2016. Bhí muintir Mhig Aoidh ann chomh maith ach, is ea, Caoimhín Ó Casaide. Bhí sé dochreidte an lá san amuigh i lár na páirce.
An cluiche is fearr a d’imir tú riamh ag Comórtas Peile na Gaeltachta:
Is dócha go mbeadh orm imeacht thar n-ais go Gleann Cholmcille arís nuair a bhuamar Craobh na Sóisear i 2008. Bhuamar ar Naomh Muire sa gcluiche leathcheannais agus bhí teacht aniar ana-mhaith againn sa gcluiche san. Seasann an cluiche san amach, b’fhéidir, mar an cluiche is fearr a raibh tionchar agam air.
Buaicphointe do shaoil imeartha ag Comórtas Peile na Gaeltachta:
Arís is í Craobh na Sóisear a bhuamar mar fhoireann i nGleann Cholmcille i 2008. D’imir an painéal go léir thar an deireadh seachtaine san. Bhí ceithre chluiche againn. Bhuamar ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh maidin Shathairn, tráthnóna Shathairn ansan bhuamar ar Laochra Loch Lao agus ansan ar an Domhnach sa chluiche leathcheannais bhuamar ar Naomh Muire. Ansan, an cluiche ceannais in aghaidh Phiarsaigh Na Dromada ar an Luan.
Seasann an deireadh seachtaine san amach dom. Ní fhacamar taobh istigh de thigh tábhairne, creid é nó ná creid! Ana-dheireadh seachtaine, ceithre chluiche dhiana agus gach aon cheann acu buaite againn agus an turas ar ais go dtí an Rinn, smaoineoidh mé air sin go deo.
Roinn laoch na Rinne agus Phort Láirge, Liam Ó Lonáin, a chuid cuimhní cinn ar Chomórtas Peile na Gaeltachta linn le gairid
An pháirc Ghaeltachta is deise leat (níl cead páirc do chlub féin a lua)?
An Rinn dar ndóigh ach níl cead agam san a lua! Sheas Páirc Naomh Abán amach agus an radharc ón bpáirc i nGleann Cholmcille chomh maith!
Cé a bhuafaidh Comórtas Sinsear na bhFear ag Comórtas Peile na Gaeltachta i mbliana?
Ní bheidh Bhulf Tón rófhada uaidh!
Cé a bhuafaidh Comórtas na Sóisear?
Tá an Seanphobal chun sin a bhuachaint. Tá mé chun an nod a thabhairt don Seanphobal!!
Aon chomhairle agat dóibh siúd a bheidh ag freastal ar Chomórtas Peile na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo?
Faraor, ní bheidh mé féin ann i mbliana ach an rud a dhéarfainn le haoinne athá ag dul go dtí Comórtas Peile na Gaeltachta ná taitneamh a bhaint as gach soicind de. Is deireadh seachtaine speisialta é. Cúis bhróid athá ann a bheith páirteach in ócáid chomh speisialta san i bhféilire Chumann Lúthchleas Gael thar ceann do chlub.
Thá Comórtas Peile na Gaeltachta speisialta do na clubanna iarghúlta Gaeltachta. Is féidir leo teacht le chéile thar dheireadh seachtaine álainn i bhféilire na bliana agus taitneamh a bhaint as an gcomhluadar. Mar shampla a bheith ag bualadh le ceantair eile Ghaeltachta athá ar chomhintinn chéanna agus athá ag iarraidh na spriocanna céanna a bhaint amach mar chlub. Bain taitneamh as gach soicind de. Imíonn na blianta i bhfad róthapaidh.