Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Cuaille na Nollag ar fáil anois

Tá an leagan is deireanaí d'iris Ghaeilge Chumann Lúthchleas Gael, Cuaille, ar fáil anois

Tá an leagan is deireanaí d'iris Ghaeilge Chumann Lúthchleas Gael, Cuaille, ar fáil anois

Tá eagrán mhí na Nollag de Chuaille ar fáil anois! I measc na míreanna éagsúla atá le fáil san eagrán is deireanaí seo tá ailt faoi Chraobhchomórtais na gClubanna, Bhuaicphointe GAAgaeilge 2025, stair CLG, FSMD, Scór, Do Chontae, Do Threabh, Camchuairt Cheolmhar na hÉireann, Na Gaiscígh agus go leor eile.

Chomh maith leis sin, tá crosfhocal, cuardach focal, ’10 gCeist CLG Ort’ agus ailt eile atá feiliúnach do lucht an chúpla focal, d'fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa Gaeilge araon.

Is féidir Cuaille a íoslódáil anseo thíos. Bainigí taitneamh as!