Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Cuaille mhí Dheireadh Fómhair ar fáil anois

Tá an leagan is deireanaí d'iris Ghaeilge Chumann Lúthchleas Gael, Cuaille, ar fáil anois

Tá an leagan is deireanaí d'iris Ghaeilge Chumann Lúthchleas Gael, Cuaille, ar fáil anois

Tá eagrán mhí Dheireadh Fómhair de Chuaille ar fáil anois! I measc na míreanna éagsúla atá le fáil san eagrán is deireanaí seo tá ailt faoi na GAAgaeilge Go Games, Chomórtas Peile na Gaeltachta, súil siar ar Chraobhacha Idirchontae 2025, Do Chontae, Do Threabh, Camchuairt Cheolmhar na hÉireann, Na Gaiscígh agus go leor eile.

Chomh maith leis sin, tá crosfhocal, cuardach focal, ’10 gCeist CLG Ort’ agus ailt eile atá feiliúnach do lucht an chúpla focal, d'fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa Gaeilge araon.

Is féidir Cuaille a íoslódáil anseo thíos. Bainigí taitneamh as!