Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Cuaille Aibreán 2026 ar fáil anois

Seán Ó Maoilchiaráin - Ambasadóir Gaeilge CLG 2026 (2)

Seán Ó Maoilchiaráin - Ambasadóir Gaeilge CLG 2026 (2)

Tá Cú agus Cuaille ar ais! San eagrán is deireanaí seo d’iris Ghaeilge Chumann Lúthchleas tá na míreanna ‘Ár gCluichí, Ár Laochra’, ‘Do Threibh, Do Chontae’, Crosfhocal, Na Gaiscígh, Cuardach Focal, 10 gCeist CLG Ort agus go leor leor eile le fáil inti.

Ar a bharr sin, tá an scéal is deireanaí faoi Ambasadóir nua Gaeilge CLG, Seán Ó Maoilchiaráin, agallaimh le Declan Hannon agus Fergal Whitley agus gach eolas faoi phodchraoladh nua staire CLG - CLG: Gluaiseacht á cur ar bun.

Tá Cuaille feiliúnach dóibh siúd ar bheagán Gaeilge agus dóibh siúd a bhfuil Gaeilge líofa acu araon. Chomh maith leis sin, tá ailt ann atá feiliúnach do lucht bunscoile agus do lucht meánscoile.

Is féidir Cuaille a íoslódáil anseo thíos. Bainigí taitneamh as!!