Craobh Shóisear Peile na Mí ag Clann na nGael
Comhchaptaein bhuacacha Chlann na nGael, Daragh Griffen agus Paul Tuite. Grianghraf a bhuíochas le Paula Greif
Le Jamie Ó Tuama
Is iad Clann na nGael seaimpíní sóisear peile na Mí tar éis do chlub Rath Chairn agus Átha Buí bua dhá phointe a fháil ar Naomh Uinseann sa chluiche ceannais i bPáirc Tailteann Dé Sathairn seo caite.
Tagann an bua mór seo sna sála ar a mbua mór i gComórtas na Sóisear ag Comórtas Peile na Gaeltachta i Ráth Chairn i mbliana agus ar an ardú céime a fuair siad go Roinn 2 cúpla mí ina dhiaidh sin.
Labhair muid le bainisteoir buacach Chlann na nGael, Niall Mac Lochlainn, faoin mbua stairiúil tar éis an chluiche Dé Sathairn.
‘Níl sé go maith le haghaidh an chroí’, a deir Mac Lochlainn. ‘Cluiche iontach a bhí ann. Bhí na leaids thar barr. Beidh ceiliúradh mór anocht ann, tá mé ag rá leat.’
‘Níor stop Naomh Uinseann ag teacht. Bhí cúpla scór dhá phointe acu ansin. Bhí muid ag imirt go han-mhaith sa chéad leath ach ag leathama ní raibh ach dhá phointe idir na foirne. Bhí a lán oibre le déanamh againn ag leathama ach tháinig na leaids isteach agus dúirt siad nach raibh muid chun é seo a fhágáil taobh thiar dínn inniubh. Bhí gach duine a bhí ag imirt inniubh thar barr’.
Cé go ndeachaigh Clann na nGael isteach dhá phointe chun tosaigh ag leathama, d’éirigh le Naomh Uinseann cúl agus scór dhá phointe a aimsiú díreach roimh an mbriseadh le foireann Ard Catha a choinneáil sa chluiche. Bhí Mac Lochlainn imníoch faoi sin cé nár thug sé le fios é dá fhoireann ag an mbriseadh.
‘Bhí (imní orm) ach ní raibh mé chun sin a rá leo,’ a deir sé. ‘Bhí muid ag cur go leor seansanna amú. Dúirt mé leo coimeád ag imirt an tslí a raibh siad ag imirt, coimeád ag gabháil tríd an lár, a haon a dó leis na leaids agus rinne siad é sin.’
‘Fiú sa dara leath b’fhéidir gur chóir dúinn cúpla scór eile a bheith againn ach níor tharla sé mar sin. Chuaigh sé díreach go dtí an deireadh.’
Is léir go raibh tionchar mór ag bua Chomórtas Peile na Gaeltachta ar an mbliain bhuacach a bhí ag Clann na nGael.
‘Bhí sé go hiontach (Comórtas Peile na Gaeltachta) agus b’in é an chéad rud a raibh muid ag obair ina threo’, a mhíníonn Mac Lochlainn. ‘Mar sin, an bua ag an gComórtas sa bhaile i Ráth Chairn, bhí sé iontach agus ansin ag gabháil suas go Roinn 2.
‘Ansin ag tús an chraobhchomórtais, ní raibh muid ag imirt go rómhaith. B’fhéidir go raibh mé ag rá liom féin an bhfuil muid tar éis peakáil róluath. Ansin, ghríosaigh na leaids iad féin bhí siad ag tógáil an momentum arís ag an am ceart agus an cluiche leathcheannais. Bhí siad go hiontach in aghaidh Bhaile Shláine agus ansin inniubh an obair a chuir siad isteach sa chluiche sin. Tá siad thar barr. Tá siad go hiontach.’
Rud suntasach a bhí le feiceáil i gClann na nGael i mbliana ná go raibh painéal an-mhór acu. Míníonn Mac Lochlainn an tionchar a bhí aige sin ar rath na foirne le cúpla mí anuas agus an gá a bhí ann le haitheantas a thabhairt dó sin.
‘Bhí na leaids ag teacht síos. Bhí muid ag imirt cluichí leo sin agus chuir na leaids an lámh suas ag rá go mbeadh siad ann le cabhair a thabhairt. Fiú amháin inniubh, tá a fhios agam go mbíonn siad ag iarraidh painéal de 30 imreoir, ach dúirt mé éist, a leaids, sibhse na leaids a thug an chabhair dúinn i rith na bliana, tá sibh ag teacht linn. Ní raibh siad in ann geansaí a fháil inniubh ach tá siad páirteach leis an bpainéal. Sin an fáth a bhfuil 40 agam inniubh. I rith na bliana thug siad an chabhair dúinn.
Seilbh na liathróide ag Diarmuid Ó Donnchadha do Chlann na nGael in aghaidh Naomh Uinseann i gCluiche Ceannais Sóisear Peile na Mí. Grianghraf a bhuíochas le Paula Greif
Thapaigh muid an deis labhairt le Diarmuid Ó Donnchadha tar éis an chluiche, freisin, agus chuir sé leis an méid a bhí le rá ag a bhainisteoir.
‘Ceann de na laethanta speisialta sin,’ a deir Ó Donnchadha. Bhí sé sin speisialta. Tá sé tuillte ag na leaids. Dochreidte. Bhí scóranna iontacha ann. Tá mé sásta do na leaids sin a chuir na blianta isteach ann.
Maidir le tionchar Chomórtas Peile na Gaeltachta ar rath fhoireann Chlann na nGael i mbliana, bhí an méid seo a leanas le rá ag Ó Donnchadha.
‘Bhí an oiread tionchair ag Comórtas Peile na Gaeltacht air. Thug sé an spreagadh dhúinn agus an mhuinín. Nuair a bhreathnaíonn muid siar, choinnigh sé ag imeacht muid agus spreag sé muid. Bhí creideamh ag an bhfoireann agus buíochas le Dia tá rudaí théis gabháil ceart dúinn. Sin an méid is féidir liom a rá faoi’.
Thagair sé, freisin, den phainéal mór a bhí ag Clann na nGael i mbliana agus an tábhacht a bhain leis sin.
‘Tá sé chomh tábhachtach’, a mhíníonn sé. ‘Nuair atá painéal mór ann airíonn tú go bhfuil grá níos mó agat don chluiche agus go bhfuil rud speisialta ann. Tugann tú leat leaids leat agus tugann siadsan leaids leo agus an chéad rud eile tá painéal mór millteach agat.
‘Nuair atá an oiread imreoirí ann tugann sé an oiread sonais do na leaids. Déanann sé an oiread maitheasa dhúinne uilig agus tá saol taobh amuigh den spórt againn, freisin, rud atá tábhachtach dhúinn. Tá sé sin an-deas.’
Tabharfaidh Clann na nGael aghaidh anois ar bhuaiteoirí Chill Chainnigh, An Gleann Mór, i mBabhta 1 de Chraobhchomórtas Sóisear Peile Laighean ar an gcéad lá de mhí na Samhna i bPáirc Tailteann.
Ní neart go cur le chéile.