Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Corn Uí Mhuirí – cothromaíocht agus bainistíocht ama go mór chun cinn

Cuid de na himreoirí ó Scoil na mBráithre, Trá Lí, agus Ardscoil na mBráithre, Chluain Meala, a bheidh ag imirt i gCluiche Ceannais Peile TUS Corn Uí Mhuirí Dé Sathairn

Cuid de na himreoirí ó Scoil na mBráithre, Trá Lí, agus Ardscoil na mBráithre, Chluain Meala, a bheidh ag imirt i gCluiche Ceannais Peile TUS Corn Uí Mhuirí Dé Sathairn

Le Aedín Ní Bhriain

Imreoidh Scoil na mBráithre, An Fhaiche, Trá Lí agus Ardscoil na mBráithre Chluain Meala i gCluiche Ceannais Peile na nIar-bhunscoileanna i gcúige Mumhan, TUS Corn Uí Mhuirí (faoi 19 A Peil) Dé Sathairn, 7 Feabhra, ar 1:30 i Mala, contae Chorcaí.

Ag an bpreasócáid i dTUS Campas Mhaoilis Luimnigh le déanaí, bhí na bainisteoirí ag leagan béime ar an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht i measc bhaill an phainéil agus iad ag druidim leis an ócáid ollmhór seo.

Tá 10 mbliana caite ó bhí Ardscoil Chluain Meala le feiceáil i gCluiche Ceannais Corn Uí Mhuirí don uair dheireanach. Ina ainneoin sin, níl aon ghanntanas taithí i measc na n-imreoirí, dar lena mbainisteoir, Paddy Ó Gorman.

‘Bhí na lads go léir páirteach i gcluichí tábhachtacha eile roimhe seo i gcaitheamh na mblianta. Is grúpa tiomnaithe iad, a thosaigh ag traenáil i mí Lúnasa seo caite agus a rinne an cinneadh cúpla lá sa tseachtain a chaitheamh i mbun traenála roimh am scoile ag 7.30 ar maidin chun a bheith in ann an t-am a thabhairt do chúrsaí acadúla agus staidéir tar éis na scoile.’

Ar an gcaoi chéanna, mhol Marc Ó Sé, comhbhainisteoir Scoil na mBráithre, Trá Lí, a chuid imreoirí as a gcuid ama a bhainistiú agus as a dtiomantas cothromaíochta i mbliana.

‘Is é an chothromaíocht sin an rud is tábhachtaí’, a deir fear Ard an Bhóthair. ‘Tá siad dírithe ar an gcluiche, ach tá siad dírithe ar na leabhair freisin. Tá codladh maith, bia maith agus stíl shláintiúil mhaireachtála ríthábhachtach chomh maith. Bhí feachtas deas againn go dtí seo agus táimid ag tnúth go mór leis an gcluiche ceannais.’

Tá meascán de bhaill phainéil a bhfuil taithí acu agus baill phainéil níos óige ag an dá fhoireann. Imríonn na lads i dTiobraid Árann iománaíocht ag leibhéal A, Corn an Artaigh chomh maith le peil ag leibhéal A, Corn Uí Mhuirí, agus mar sin bhí cothromaíocht idir an dá chód mar ghné thábhachtach den phleanáil i rith na bliana freisin.

Leag Paddy O’ Gorman béim ar thábhacht na gclubanna, ag tabhairt le fios go raibh neart agus doimhneacht na gclubanna le feiscint ar an bpainéal, le roinnt imreoirí ó CLG na hUidhre, Port Láirge ina measc.

‘Tá neart clubanna againn sa scoil. Léiríodh i ngrianghraf a tógadh le déanaí de na himreoirí ina ngeansaithe club an éagsúlacht clubanna atá páirteach san fheachtas ar son na scoile’ a deir O’ Gorman.

Ag tógaint san áireamh cumhacht, neart, fuinneamh agus scil an dá fhoireann, is cinnte go mbeidh ócáid iontach ann ar an Satharn do Chorn Uí Mhuirí agus guímid gach rath ar na himreoirí óga a bheidh ar an bpáirc imeartha i Mala.