Comórtas Tráchtaireachta Uí Mhuircheartaigh 2026
Ó chlé: Áine Uí Choinn, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG, Seán Ó Maoilchiaráin, Ambasadóir Gaeilge CLG 2026, Mairéad Ní Thiomáin, Bainisteoir Oibríochtaí Gael Linn
Táthar ag glacadh le hiarratais le haghaidh Chomórtas Tráchtaireachta Uí Mhuircheartaigh 2026 anois. Comórtas tráchtaireachta é seo atá dírithe ar lucht bunscoile agus ar lucht meánscoile, atá á eagrú ag an eagras náisiúnta Gaeilge, Gael Linn, i gcomhar le Nemeton Teo. agus le tacaíocht ó Choiste Náisiúnta Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael.
Tá Comórtas Tráchtaireachta Gael Linn ar an bhfód le tamall de bhlianta anuas ach athainmníodh an comórtas anuraidh in ómós don fhathach tráchtaire Mícheál Ó Muircheartaigh a chaith a shaol ag tacú le cur chun na cinn na Gaeilge agus na gCluichí Gaelacha araon.
Rinne Mícheál tráchtaireacht ar 55 cinn ar fad de Chraobhacha Uile-Éireann, le hathimirtí san áireamh, le linn tréimhse 25 bliain. Bhí an oiread geana air mar thráchtaire de bharr a chuid grinn, an bealach cainte a bhí aige agus de bharr a chuid saineolais ar chúrsaí CLG.
Tugtar cuireadh do dhaoine óga a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu cur isteach ar an gcomórtas agus a ghabháil i mbun tráchtaireachta ar na nóiméid deireanacha de chluiche clúiteach iomána nó peile. Tá físeáin gan fhuaim á gcur ar fáil ag Nemeton.
Is iad seo a leanas an cluichí a mbeidh tráchtaireacht le déanamh orthu i mbliana:
Cluiche Ceannais Peile na Mumhan (Club) 2025 – Daingean Uí Chúis v Cumann Fionnbarra Naofa
Cluiche Ceannais Iomána na Mumhan 2025 – Luimneach v Corcaigh
Cluiche Leath-Cheannais Ban na hÉireann 2025 – Áth Cliath v Gaillimh
Is é an Aoine seo chugainn, 16 Deireadh Fómhair, an dáta deiridh iontrála don chomórtas seo.
Tá tuilleadh eolais faoi Chomórtas Tráchtaireachta Uí Mhuircheartaigh le fáil ar shuíomh idirlín Gael Linn ANSEO