Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Comórtas Tráchtaireachta Uí Mhuircheartaigh 2025 de chuid Gael Linn seolta

Comórtas Tráchtaireachta Uí Mhuircheartaigh seolta. Ó chlé: Áine Uí Choinn, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG, Mairéad Ní Thiománaigh, Gael Linn, Fergal Whitely, Ambasadóir na Gaeilge, CLG, Iarlaith Ó Broin, Uachtaran Chumann Lúthchleas Gael.

Comórtas Tráchtaireachta Uí Mhuircheartaigh seolta. Ó chlé: Áine Uí Choinn, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG, Mairéad Ní Thiománaigh, Gael Linn, Fergal Whitely, Ambasadóir na Gaeilge, CLG, Iarlaith Ó Broin, Uachtaran Chumann Lúthchleas Gael.

Le Jamie Ó Tuama

Tá Comórtas Tráchtaireachta Uí Mhuircheartaigh 2025 seolta. Comórtas tráchtaireachta é seo atá dírithe ar lucht bunscoile agus ar lucht meánscoile, atá á eagrú ag an eagras náisiúnta Gaeilge, Gael Linn, i gcomhar le Nemeton Teo. agus le tacaíocht ó Choiste Náisiúnta Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael.

Tá Comórtas Tráchtaireachta Gael Linn ar an bhfód le tamall de bhlianta anuas ach athainmníodh an comórtas i mbliana in ómós don fhathach tráchtaire Mícheál Ó Muircheartaigh a cailleadh anuraidh agus a chaith a shaol ag tacú le cur chun na cinn na Gaeilge agus na gCluichí Gaelacha araon.

Rinne Mícheál tráchtaireacht ar 55 cinn ar fad de Chraobhacha Uile-Éireann, le hathimirtí san áireamh, le linn tréimhse 25 bliain. Bhí an oiread geana air mar thráchtaire de bharr a chuid grinn, an bealach cainte a bhí aige agus de bharr a chuid saineolais ar chúrsaí CLG.

Tugtar cuireadh do dhaoine óga a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu cur isteach ar an gcomórtas agus a ghabháil i mbun tráchtaireachta ar na nóiméid deireanacha de chluiche clúiteach iomána nó peile. Tá físeáin gan fhuaim á gcur ar fáil ag Nemeton.

Agus séasúr samhraidh na gcluichí faoi lánseol, táthar ag súil le spéis a spreagadh i measc daoine óga a bhfuil grá acu don Ghaeilge agus do na cluichí Gaelacha.

Tá tuilleadh eolais faoi Chomórtas Tráchtaireachta Uí Mhuircheartaigh le fáil ar shuíomh idirlín Gael Linn ANSEO: