Comórtas Peile na Gaeltachta 2026 faoi sheol agus tús buacach ag Gaoth Dobhair
Comórtas Peile na Gaeltachta 2026 faoi sheol
Le Jamie Ó Tuama
Cuireadh tús le Comórtas Peile na Gaeltachta 2026 tráthnóna i gCill Chartha i nGaeltacht Thír Chonaill nuair a thug Gaoth Dobhair, Dún na nGall, aghaidh ar Chill tSéadhna, Maigh Eo, i gComórtas Sinsear na bhFearr.
Bua compordach a bhí ann do Ghaoth Dobhair sa deireadh cé go raibh na foirne cothrom ag leath ama ar scór 0-04 go dtí 0-04. D'imir na Conallaigh leis na ngaoth sa dara leath, mar sin féin, agus níor thóg sé i bhfad orthu an lámh in uachtar a fháil ar a gcéilí comhraic. Chríochnaigh na foirne ar scór 1-16 go dtí 0-07.
1-03 a d'aimsigh Seán Pól Ó Gallchobhair do Ghaoth Dobhair agus d'aimsigh an cúl baire, Daithí Mac Roibeáird, agus Crónán Mac Pháidiín 0-03 an duine. D'aimsigh Josh Ó Ciaráin 0-04 do Chill tSéadhna.
Ba é iarimreoir Dhún na nGall, Caoimhín Ó Casaide, a chaith uimhir 14 do Ghaoth Dobhair agus é contúirteach an cluiche uilig ar imeall na cearnóige. D'aimsigh sé 0-01 agus bhí sé lárnach i go leor scóranna eile.
Leanfar ar aghaidh leis an aicsean amárach.
Sceideal na gcluichí ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2026
Comórtas Sóisear na bhFear
Cluichí Ceathrú Ceannais
A Clann na nGael (An Mhí) agus Naomh Pádraig An Fhairche (Gaillimh)
B Na Gaeil Óga (Áth Cliath) agus An Seanphobal (Port Láirge)
C Tuar Mhic Éadaigh (Maigh Eo) agus Laochra Loch Lao (Aontroim)
D Lios Póil (Ciarraí) agus Gaeil Fhánada (Dún na nGall)
Cluichí Leathcheannais
C v B
A v D
Comórtas Sóisear na mBan
Cluichí Ceathrú Ceannais
A Cill Chartha (Dún na nGall) agus Na Gaeil Óga (Áth Cliath)
B Carna Caiseal (Gaillimh) agus Clann na nGael (An Mhí)
Cluichí Leathcheannais
A agus Laochra Loch Lao
B agus Tuar Mhic Éadaigh (Maigh Eo)
Comórtas Idirmheánach na mBan
Cluiche Ceannais
Naomh Columba (Dún na nGall) agus Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh)
Comórtas Sinsear na mBan
Cluiche Ceannais
Baile Chláir na Gaillimhe (Gaillimh) agus An Tearmann (Dún na nGall)
Comórtas Sinsear na bhFear
Réamhbhabhta
A Gaoth Dobhair 1-16 agus Cill tSéadhna 0-07
Cluichí Ceathrú Ceannais
1 Naomh Abán (Corcaigh) agus Cumann Caide na Gaeltachta (Ciarraí)
2 Bhulf Tón (An Mhí) agus An Rinn
3 (A) agus Maigh Cuilinn (Gaillimh)
4 Cill Chartha (Dún na nGall)
Cluichí Leathcheannais
1 v 2
3 v 4