Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Comórtas Peile na Gaeltachta 2026 Seolta

Seoladh Comórtas Peile na Gaeltachta 2026 i bPáirc an Chrócaigh inniu

Seoladh Comórtas Peile na Gaeltachta 2026 i bPáirc an Chrócaigh inniu

Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta 2026 ar siúl i gCill Chartha i nGaeltacht Thír Chonaill i mbliana idir 29 Bealtaine agus 1 Meitheamh agus beidh sé á reáchtáil ag CLG Chill Chartha. Imreoidh clubanna ó na seacht gcontae Ghaeltachta chomh maith le clubanna ó Áth Cliath agus ó Aontroim i gcomórtais na bliana seo.

Is é an 55ú Comórtas Peile na Gaeltachta a bheidh ar siúl i mbliana agus beidh níos mó cluichí ná riamh á gcraoladh ag urraitheoirí an chomórtais, TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta (féach an sceideal thíos).

Ag tagairt dó do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2026, dúirt Iarlaith Ó Broin, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael:

‘Tá an Ghaeilge fíorthábhachtach do Chumann Lúthchleas Gael agus níl bealach níos fearr le cainteoirí Gaeilge agus lucht peile a thabhairt le chéile ó achan chearn den tír ná trí Chomórtas Peile na Gaeltachta.

‘Guím gach rath orthu siúd uilig a bheidh ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta i mbliana idir imreoirí, bainisteoirí, réiteoirí, lucht eagraithe na gcomórtas, lucht leanta agus achan duine eile atá bainteach leo. Tá mé cinnte go mbeidh deireadh seachtaine den chéad scoth ag achan duine i gCill Chartha agus i nGaeltacht Thír Chonaill.’

Dúirt Cathaoirleach Chomórtas Peile na Gaeltachta, Dónal Ó Laoire:

‘Tá muid ag súil go mór le Comórtas Peile na Gaeltachta agus le turas a thabhairt ar Chill Chartha. Ba mhaith liom mo mhíle buíochas a ghabháil le muintir Chill Chartha as an obair iontach atá déanta acu le os cionn bliana anuas agus guím gach rath orthu sna seachtainí amach romhainn.

‘Guím gach rath ar na foirne go léir a bheidh ag glacadh páirte sna comórtais éagsúla i mbliana ó na seacht gcontae Ghaeltachta chomh maith le Baile Átha Cliath agus Aontroim. Tá mé cinnte go mbeidh deireadh seachtaine iontach peile agus Gaeilge acu i dteannta a chéile.’

Na foirne a bheidh ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta 2026:

Comórtas Sinsir na bhFear: Cill Chartha (Dún na nGall), Bhulf Tón (An Mhí), An Rinn (Port Láirge), Cumann Caide na Gaeltachta (Ciarraí), Cill tSéadhna (Maigh Eo), Gaoth Dobhair (Dún na nGall), Naomh Abán (Corcaigh), Maigh Cuilinn (Gaillimh)

Comórtas Sóisir na bhFear: Clann na nGael (An Mhí), Lios Póil (Ciarraí), Na Gaeil Óga (Áth Cliath), Tuar Mhic Éadaigh (Maigh Eo), Naomh Pádraig An Fhairche (Gaillimh), Gaeil Fhánada (Dún na nGall), Laochra Loch Lao (Aontroim), An Seanphobal (Port Láirge)

Comórtas Sóisir na mBan: Carna Caiseal (Gaillimh), Tuar Mhic Éadaigh (Maigh Eo), Clann na nGael (An Mhí), Na Gaeil Óga (Áth Cliath), Cill Chartha (Dún na nGall), Laochra Loch Lao (Aontroim)

Comórtas Idirmheánach na mBan: Naomh Columba (Dún na nGall), Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh)

Comórtas Sinsir na mBan: An Tearmann (Dún na nGall), Baile Cláir na Gaillimhe (Gaillimh)

Tá sceideal iomlán Raidió na Gaeltachta agus TG4 do Chomórtas Peile na Gaeltachta le fáil anseo.

Raidió na Gaeltachta – Beo ar an raidió, ar líne agus ar an aip ar fud an domhain

ó 11.00am Dé Sathairn, 30 Bealtaine

ó 11.45am Dé Domhnaigh, 31 Bealtaine

ó 10.00am De Luain, 1 Meitheamh

Sceideal na gCluichí ar TG4

Dé hAoine, 29 Bealtaine

Réamhbhabhta Chomórtas Sinsear na bhFear

Cill tSéadhna agus Gaoth Dobhair, 19.30, YouTube

Dé Sathairn, 30 Bealtaine

Comórtas Sóisear na mBan

Cill Chartha agus Na Gaeil Óga, 11.00, YouTube

Comórtas Sóisear na bhFear

Gaeil Fhánada agus Lios Póil, 13.15, YouTube

Comórtas Sinsear na bhFear

An Rinn agus Bhulf Tón, 15.30, YouTube

Cumann Caide na Gaeltachta agus Naomh Abán, 17.30, YouTube

Le deimhniú agus Maigh Cuilinn, 19.30, YouTube

Dé Domhnaigh, 31 Bealtaine

Cluiche Leathcheannais Sóisear na mBan

Le deimhniú agus Laochra Loch Lao, 13.30, YouTube

Cluiche Ceannais Idirmheánach na mBan

Naomh Columba agus Naomh Anna Leitir Móir, 15.30, YouTube

Cluiche Leathcheannais Sinsear na bhFear

An Rinn/Bhulf Tón agus Cumann Caide na Gaeltachta/Naomh Abán, 17.45, TG4

Cill tSéadhna/Gaoth Dobhair/Maigh Cuilinn agus Cill Chartha, 19.30, TG4

Dé Luain, 1 Meitheamh

Cluiche Ceannais Sóisear na mBan

Le deimhniú, 10.00, YouTube

Cluiche Ceannais Sinsear na mBan

Baile Chláir na Gaillimhe agus An Tearmann, 12.00, TG4

Cluiche Ceannais Sóisear na bhFear

Le deimhniú, 14.00, TG4

Cluiche Ceannais Sinsear na bhFear

Le deimhniú, 16.00, TG4