Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Comórtas Peile na Gaeltachta 2025 seolta go náisiúnta

I lathair ag seoladh náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta 2025 i bPáirc an Chrócaigh ó chlé, Diarmuid Ó Cuirrín, An Seanphobal, Gearóid Mac Donncha, Ceannasaí Raidió na Gaeltachta, Shane Walsh, Bainisteoir Margaíochta TG4, Dónal Ó Laoire Cathaoirleach Chomórtas Peile na Gaeltachta, Pádraig Ó Tiarnáin, Clann na nGael, Áine Uí Choinn Cathaoirleach Choiste Náisiúnta na Gaeilge, Cathal Seoighe, Rúnaí Chomórtas Peile na Gaeltachta, Éamonn Óg Ó Donnchadha, Clann na nGael, James Ó Flatharta, An Cheathrú Rua, Michelle Ní Chróinín, Údarás na Gaeltachta, Oisín Ó Conbhuí Na Gaeil Óga, agus Gavin Mac Aindriú, Cill Chomáin.

I lathair ag seoladh náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta 2025 i bPáirc an Chrócaigh ó chlé, Diarmuid Ó Cuirrín, An Seanphobal, Gearóid Mac Donncha, Ceannasaí Raidió na Gaeltachta, Shane Walsh, Bainisteoir Margaíochta TG4, Dónal Ó Laoire Cathaoirleach Chomórtas Peile na Gaeltachta, Pádraig Ó Tiarnáin, Clann na nGael, Áine Uí Choinn Cathaoirleach Choiste Náisiúnta na Gaeilge, Cathal Seoighe, Rúnaí Chomórtas Peile na Gaeltachta, Éamonn Óg Ó Donnchadha, Clann na nGael, James Ó Flatharta, An Cheathrú Rua, Michelle Ní Chróinín, Údarás na Gaeltachta, Oisín Ó Conbhuí Na Gaeil Óga, agus Gavin Mac Aindriú, Cill Chomáin.

Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta 2025 ar siúl i nGaeltacht Ráth Chairn, Contae na Mí, i mbliana idir 30 Bealtaine agus 2 Meitheamh agus beidh sé á reáchtáil ag CLG Chlann na nGael. Imreoidh clubanna ó na seacht gcontae Ghaeltachta chomh maith le clubanna ó Áth Cliath agus ó Aontroim i gcomórtais na bliana seo.

Is é an 54ú Comórtas Peile na Gaeltachta a bheidh ar siúl i mbliana agus beidh níos mó cluichí ná riamh á gcraoladh ag urraitheoirí an chomórtais, TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta (féach an sceideal thíos) chomh maith le hÚdarás na Gaeltachta.

Bunaíodh Comórtas Peile na Gaeltachta thiar sa bhliain 1969 agus d’aidhm aige lucht labhartha na Gaeilge ó chlubanna ar fud na gceantar Gaeltachta a thabhairt le chéile. Le linn na mblianta sin, d’imir plúr na bpeileadóirí ag an gcomórtas. I measc cuid acu sin bhí muintir Uí Shé agus Dara Ó Cinnéide ó Chumann Caide na Gaeltachta, Ciarraí, Seán Ó Domhnaill ó CLG na Ceathrún Rua, Caoimhín Ó Casaide ó Ghaoth Dobhair, Nollaig Ó Laoire ó Chill na Martra, Graham Geraghty na Mí agus Micheál Ó Cróinín ó Naomh Abán agus go leor leor eile nach iad.

Na foirne a bheidh ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta 2025:

Comórtas Sinsir na bhFear: An Tearmann (Dún na nGall), Bhulf Tón (An Mhí), An Rinn (Port Láirge), An Ghaeltacht (Ciarraí), Béal an Mhuirthead (Maigh Eo), Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh), Cill na Martra (Corcaigh), An Spidéal (Gaillimh)

Comórtas Sóisir na bhFear: Clann na nGael (An Mhí), Lios Póil (Ciarraí), Na Gaeil Óga (Áth Cliath), Cill Chomáin (Maigh Eo), An Cheathrú Rua (Gaillimh), Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh), Naomh Náille (Dún na nGall), Laochra Loch Lao (Aontroim), An Seanphobal (Port Láirge)

Comórtas Sóisir na mBan: Gráinne Mhaol (Gaillimh), Béal an Mhuirthead (Maigh Eo), Bhulf Tón (An Mhí), Clann na nGael (An Mhí), Na Gaeil Óga (Áth Cliath), Naomh Columba (Dún na nGall), Laochra Loch Lao (Aontroim)

Comórtas Idirmheánach na mBan: Gaeil Fhánada (Dún na nGall), Bearna (Gaillimh), Naomh Abán (Corcaigh), Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh)

Comórtas Sinsir na mBan: An Clochán Liath (Dún na nGall), Baile Cláir na Gaillimhe (Gaillimh)

Tá sceideal iomlán Raidió na Gaeltachta agus TG4 do Chomórtas Peile na Gaeltachta le fáil anseo.

Raidió na Gaeltachta – Beo ar an raidió, ar líne agus ar an aip ar fud an domhain

ó 11.00am Dé Sathairn, 31 Bealtaine

ó 11.45am Dé Domhnaigh, 1 Meitheamh

ó 10.00am De Luain, 2 Meitheamh

TG4

CLÚDACH TG4

Dé hAoine, 30/05/25

Sóisear na bhFear

19.15 Na Gaeil Óga agus Laochra Loch Lao, Spórt TG4 YouTube

Dé Sathairn, 31/05/25

Sóisear na mBan

14.00 Clann na nGael agus Na Gaeil Óga, Spórt TG4 YouTube

Sóisear na bhFear

17.00 Buaiteoirí R1 agus R2, Spórt TG4 YouTube

19.00 Naomh Anna Leitir Móir agus Cill na Martra, Spórt TG4 YouTube

Dé Domhnaigh, 1 Meitheamh

Sóisear na bhFear

13.45 Clann na nGael agus Buaiteoirí B, Spórt TG4 YouTube

Idirmheánach na mBan

15.45 Cluiche Ceannais Idirmheanach na mBan, Spórt TG4 YouTube

Sinsear na bhFear

17.45 An Ghaeltacht/An Tearmann agus Béal an Mhuirthead/An Spidéal, TG4

19.30 Bhulf Tón/An Rinn agus Naomh Anna Leitir Móir/Cill na Martra, TG4

Dé Luain, 2 Meitheamh

10.00 Cluiche Ceannais Sóisear na mBan, Spórt TG4 YouTube

12.00 Cluiche Ceannais Sinsear na mBan, TG4

14.00 Cluiche Ceannais Sóisear na bhFear, TG4

16.00 Cluiche Ceannais Sinsear na bhFear, TG4