Tabharfaidh Bhulf Tón agus Béal an Mhuirthead aghaidh ar a chéile i gCluiche Leathcheannais Sóisear na bhFear inniu ar Pháirc Ráth Chairn
Le Jamie Ó Tuama
Ba thráthnóna Dé hAoine a cuireadh tús le Comórtas Peile na Gaeltachta 2025 le sárchoimhlint idir Na Gaeil Óga agus Laochra Loch Lao i gComórtas Sóisear na bhFear. Thóg sé am breise, agus cic deireanach an chluiche, ar na Laochra an ceann is fearr a fháil ar fhoireann Átha Cliath.
Sa chluiche eile Dé hAoine agus sa chomórtas céanna, d’éirigh leis an gCeathrú Rua an ceann is fearr a fháil ar Naomh Anna Leitir Móir i mBaile Corr.
Ar Pháirc Ráth Chairn Dé Sathairn, bhí buanna ag Clann na nGael ar Na Gaeil Óga i gComórtas Sóisear na mBan, ag an gCeathrú Rua ar Laochra Loch Lao i gComórtas Sóisear na bhFear agus ag Cill na Martra ar Naomh Anna Leitir Móir i gComórtas Sinsear na bhFear.
Ar Pháirc Dhún Doire bhí buanna ag Cill Chomáin ar an Seanphobal i gComórtas Sóisear na bhFear, ag Béal an Mhuirthead ar an Spidéal i gComórtas Sóisear na mBan agus ag An Spidéal ar Bhéal an Mhuirthead i gComórtas Sinsear na bhFear.
Ar Pháirc Uí Ghramhnaigh, Baile Átha Buí, bhí buanna ag Naomh Náille ar Lios Póil i gComórtas Sóisear na bhFear, ag Naomh Anna Leitir Móir ar Naomh Abán i gComórtas Idirmheánach na mBan agus ag an Tearmann ar Chumann Caide na Gaeltachta i gComórtas Sinsear na bhFear.
Ar Pháirc Bhaile Ghib, bhí buanna ag Naomh Columba ar Ghráinne Mhaol i gComórtas Sóisear na mBan, ag Gaeil Fhánada ar Bhearna i gComórtas Idirmheánach na mBan, ag Bhulf Tón ar Laochra Loch Lao i gComórtas Sóisear na mBan agus ag Bhulf Tón ar an Rinn i gComórtas Sinsear na bhFear.
Imreofar Cluichí Leathcheannais na gComórtas éagsúla inniu chomh maith le Comórtas Idirmheánach na mBan.
Cluichí an Lae inniu
Páirc Ráth Chairn
Cluiche Leathcheannais Sóisear na bhFear, Clann na nGael agus Cill Chomáin, 13.45
Cluiche Leathcheannais Idirmheánach na mBan, Gaeil Fhánada agus Naomh Anna Leitir Móir, 15.45
Cluiche Leathcheannais Sinsear na bhFear, An Tearmann agus An Spidéal, 17.45
Cluiche Leathcheannais Sóisear na bhFear, Bhulf Tón agus Cill na martra, 19.30
Páirc Uí Ghramhnaigh, Baile Átha Buí
Cluiche Leathcheannais Sóisear na mBan, Clann na nGael agus Naomh Columba, 12.30
Cluiche Leathcheannais Sóisear na mBan, Bhulf Tón agus Béal an Mhuirthead, 14.30
Cluiche Leathcheannais Sóisear na bhFear, An Cheathrú Rua agus Naomh Náille, 16.30