Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Comórtas Peile na Gaeltachta 2023 - Súil siar ar shárchomórtas

Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Labhrás Mac Carthaigh, in éineacht le cuid de na clubanna a bheidh páirteach i gComórtas Peile na Gaeltachta sna Méilte an tseachtain seo chugainn

Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Labhrás Mac Carthaigh, in éineacht le cuid de na clubanna a bheidh páirteach i gComórtas Peile na Gaeltachta sna Méilte an tseachtain seo chugainn

Le Jamie Ó Tuama

Cluichí Ceannais an Luain

Bhí lá iontach peile ann ag Cluichí Ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta Dé Luain. Is iad sárfhoirne an Chlocháin Léith agus an Tearmainn seaimpíní sóisir agus sinsir na mban tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar mhná Chonamara – Micheál Breathnach agus Maigh Cuilinn. Chríochnaigh an cluiche idir An Clochán Liath agus Micheál Breathnach ar scór 4-20 go dtí 1-08 agus chríochnaigh an cluiche idir An Tearmann agus Maigh Cuilinn ar scór 10-20 go dtí 1-04. Is iomaí gaisce a rinne iarpheileadóir Dhún na nGall, Gearóidín Nic Lochlainn, ar an bpáirc imeartha don Tearmann le linn an chomórtais.

I gCluiche Ceannais Sóisir na bhFear, d’éirigh le Cill Chomáin an ceann is fearr a fháil ar Ghaoth Dobhair ar scór 0-14 go dtí 1-08. Bhí Deiric Ó Móráin damanta arís eile d’fhir Mhaigh Eo agus chríochnaigh sé an cluiche le 0-03 – a d’aimsigh sé ag amantaí tábhachtacha sa dara leath. D’aimsigh Cathal Mac Giolla Easpaig 0-04 do na Conallaigh.

Ba ag Bhulf Tón na Mí a bhí an lá i gCluiche Ceannais na Sinsear ach thóg sé am breise orthu leis an gceann is fearr a fháil ar Naomh Conaill. Chríochnaigh an cluiche sin ar scór 2-07 go dtí 0-12. Bhí Eoghan McEttigan agus Seán Ó Máille iontach do Naomh Conaill agus bhí Fiachra agus Caolán Mac an Bhaird an-mhaith do Bhulf Tón.

Cluichí Leathcheannais an Domhnaigh

Imríodh ocht gcinn de chluichí leathcheannais ag Comórtas Peile na Gaeltachta inné (Dé Domhnaigh). I gcomórtas sóisir na mban d'éirigh leis an gClochán Liath an ceann is fearr a fháil ar a gcomharsana béal dorais agus ar an bhfoireann baile, Naomh Muire, ar scór 2-06 go dtí 0-08. Sa chluiche ceannais eile fuair Micheál Breathnach an ceann is fearr ar Chill tSéadhna tar éis am breise ar scór 4-17 go dtí 5-05. Bhí tionchar mór ag an laoch mór liathróide láimhe, Ciana Ní Churraoin, ar an mbua sin do na Breathnaigh.

I gComórtas Sinsir na mBan bhí bua cuimsitheach ag Maigh Cuilinn ar Chlann na nGael. Chríochnaigh na foirne ar scór 4-20 go dtí 2-05. Bhí bua mór ag an Tearmann ar Chill Chomáin sa chluiche leathcheannais eile. Ba ar scór 7-12 go dtí 0-02 a chríochnaigh na foirne. D'aimsigh Gearóidín Nic Lochliann 3-06 agus Sophie Ní Churraoin 2-02 don Tearmann.

I gCluichí Leathcheannais Sóisir na bhFear bhí bua aon chúilín amháin ag Gaoth Dobhair ar Lios Póil agus bhí sárchluiche ag Caoimhín Ó Casaide a chríochnaigh an cluiche le 1-04. Chríochnaigh na foirne ar scór 2-13 go dtí 3-09. Ní raibh ach cúilín amháin idir na foirne sa chluiche leathcheannais eile, freisin, nuair a d'éirigh le Cill Chomáin an ceann is fearr a fháil ar Naomh Muire ar scór 2-10 go dtí 1-12. Chríochnaigh Deiric Ó Móráin le 0-08 do Chill Chomáin agus chríochnaigh Anraoi Ó hArdáin le 0-08 do Naomh Muire.

I gcluichí leathcheannais na sinsear, fuair Bhulf Tón an ceann is fearr ar Chill na Martra ar scór 3-10 go dtí 1-07 agus fuair Naomh Conaill an ceann is fearr ar Bhéal an Mhuirthead ar scór 1-14 go dtí 0-07.

Ba í Colleen Ní Fhaoláin ó Chill na Martra a bhuaigh Comórtas an Chailín Ghaelaigh.

Súil siar ar chluichí an tSathairn

12 cluiche ar fad a imríodh inné (Dé Sathairn). Cuireadh tús leis an lá le dhá réamhbhabhta i gComórtas na Sóisear. Fuair Cárna-Caiseal an ceann is fearr ar Na Gaeil Óga sa Chlochán Liath ar scór 3-15 go dtí 0-05. D'aimsigh Eoghan Mac Giolla Phádraig 2-03 d'fhoireann Chonamara. Fuair Lios Póil an ceann is fearr ar Chlann na nGael ar scór 1-14 go dtí 0-15 sa réamhbhabhta eile. Bhí ar na buaiteoirí ón dá chluiche sin aghaidh a thabhairt ar a chéile ansin sa chluiche ceathrú ceannais sna Méilte um thráthnóna agus d'éirigh le foireann Chiarraí an ceann is fearr a fháil ar Chárna-Caiseal ar scór 3-08 go dtí 2-09.

Sna cluichí Ceathrú ceannais sóisir eile, fuair Cill Chomáin an ceann is fearr ar Laochra Loch Lao ar scór 3-12 go dtí 0-03. Bhí Justin Ó hÉalaithe (1-01) agus Deiric Ó Móráin (2-00) an-mhaith d'fhoireann Mhaigh Eo. Bhí bua aon chúilín amháin ag Gaoth Dobhair ar an gClochán Liath sa chluiche ceathrú ceannais eile. Chríochnaigh an cluiche sin ar scór 1-10 go dtí 2-06.

I réamhbhabhtaí sóisir na mban bhí buanna ag Cill tSéadhna ar Laochra Loch Lao, ag Micheál Breathnach ar Bhulf Tón na Mí agus ag an gClochán Liath ar Na Gaeil Óga.

I gComórtas Sinsir na bhFear, bhí bua mór ag Bhulf Tón ar an Rínn. Ba ar scór 3-09 go dtí 1-01 a chríochnaigh an cluiche sin. Bhí bua mór ag Naomh Conaill ar sheaimpíní 2022, Béal Átha an Ghaorthaidh, nuair a fuair siad an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic ar scór 1-19 go dtí 1-09 sna Méilte. D'aimsigh Eoghan McGettigan 0-7 do Naomh Conaill agus d'aimsigh Diarmaid Mac Thomáis 0-05 d'fhoireann Mhúscraí.

Sna cluichí ceathrú ceannais sinsir eile bhí an bua ag Béal an Mhuirthead ar Chumann Caide na Gaeltachta nuair a chríochnaigh na foirne ar scór 4-07 go dtí 0-15. 3-2 ar fad a d'aimsigh Anthony Barrett d'fhoireann Mhaigh Eo agus chríochnaigh Dara Ó Sé le 0-10 don Ghaeltacht. Fuair Cill na Martra an ceann is fearr ar Naomh Anna Leitir Móir ar scór 1-11 go dtí 0-10.

Dé hAoine

Cuireadh tús le Comórtas Peile na Gaeltachta Dé hAoine nuair a fuair Gaoth Dobhair an ceann s fearr ar bhuaiteoirí na bliana seo caite, Gaeil Fhánada, ar scór 4-17 go dtí 1-03 sna Méilte. Bhí Caoimhín Ó Casaide thar cionn do Ghaoth Dobhair le 0-3 sa chéad leath agus é lárnach san imirt ag uimhir 14. Bhí an dochar déantar ag iarimreoir Dhún na nGall sa chéad leath rud a thug deis don bhainistíocht é a bhaint amach ag leatham agus scíth a thabhairt dhó. Chríochnaigh Johnny Óg Ó Dónaill le 2-03. Gabhfaidh Gaoth Dobhair ar aghaidh chuig an gcluiche ceathrú ceannais anois agus imreoidh siad in aghaidh an Chlocháin Léith De Sathairn.

Seána Ní Chaomhánach ó Laochra Loch Lao

Seána Ní Chaomhánach ó Laochra Loch Lao

TORTHAÍ

Dé Luain, 5 Meitheamh

Sóisear na mBan, Cluiche Ceannais - An Clochán Liath 4-20 Micheál Breathnach 1-08

Sinsear na mBan, Cluiche Ceannais - An Tearmann 10-20 Maigh Cuilinn 1-04

Sóisear na bhFear, Cluiche Ceannais - Cill Chomáin 0-14 Gaoth Dobhair 1-08

Sinsear na bhFear, Cluiche Ceannais - Bhulf Tón 2-07 Naomh Conaill 0-12

Dé Domhnaigh, 4 Meitheamh - Cluichí Leathcheannais

Sóisear na mBan - An Clochán Liath 2-06 Naomh Muire 0-08

Sóisear na mBan - Micheál Breathnach 4-17 Cill tSéadhna 5-05

Sinsear na mBan - Maigh Cuilinn 4-20 Clann na nGael 2-05

Sinsear na mBan - An Tearmann 7-12 Cill Chomáin 0-02

Sóisear na bhFear - Gaoth Dobhair 2-13 Lios Póil 3-09

Sóisear na bhFear - Cill Chomáin 2-10 Naomh Muire 1-12

Sinsear na bhFear - Bhulf Tón 3-10 Cill na Martra 1-07

Sinsear na bhFear - Naomh Conaill 1-14 Béal an Mhuirthead 0-07

Dé Sathairn, 3 Meitheamh

Sóisear na bhFear - Lios Póil 1-14 Clann na nGael 0-15

Sóisear na bhFear – Cárna Caiseal 3-15 Na Gaeil Óga 0-05

Sóisear na mBan – Cill tSéadhna 10-19 Laochra Loch Lao 1-03

Sóisear na mBan – Micheal Breathnach 2-19 Bhulf Tón 1-05

Sinsear na bhFear – Naomh Conaill 1-19 Béal Átha an Ghaorthaidh 1-09

Sóisear na mBan – An Clochán Liath 6-13 Na Gaeil Óga 1-07

Sinsear na bhFear – Bhulf Tón 3-09 An Rinn 1-01

Sóisear na bhFear – Gaoth Dobhair 1-10 An Clochán Liath 2-06

Sóisear na bhFear – Cill Chomáin 3-12 Laochra Loch Lao 0-03

Sinsear na bhFear – Béal an Mhuirthead 4-07 An Ghaeltacht 0-15

Sinsear na bhFear – Cill na Martra 1-11 Naomh Anna Leitir Móir 0-10

Sóisear na bhFear – Lios Póil 3-08 v Cárna-Caiseal 2-09

Dé hAoine, 2 Meitheamh

Sóisear na bhFear - Gaoth Dobhair 4-17 Gaeil Fhánada 1-03

Damien Ó hÚrdail ó Chill na Marta

Damien Ó hÚrdail ó Chill na Marta