Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Comhpháirtíocht Scoláireachtaí Gaeilge athnuaite ag Gaelchultúr, CLG agus GPA do 2026

Ó chlé: Leas-Stiúrthóir Tráchtála Gaelchultúir, Ellen Curtin, Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin, Uachtarán CLG, Príomhfheidhmeannach Ghaelchultúir, Darren Ó Rodaigh, Príomhfheidhmeannach Chumann Imreoirí Gael, Tom Parsons

Ó chlé: Leas-Stiúrthóir Tráchtála Gaelchultúir, Ellen Curtin, Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin, Uachtarán CLG, Príomhfheidhmeannach Ghaelchultúir, Darren Ó Rodaigh, Príomhfheidhmeannach Chumann Imreoirí Gael, Tom Parsons

An chomhpháirtíocht ag dul isteach sa tríú bliain agus Gaelchultúr ag leanúint le hinfheistíocht an choláiste i gcur chun cinn agus i bhforbairt na Gaeilge sna cluichí Gaelacha

Tá áthas ar Ghaelchultúr, ar Chumann Lúthchleas Gael (CLG) agus ar Chumann Imreoirí Gael (GPA) a fhógairt go bhfuil a gcomhpháirtíocht scoláireachtaí Gaeilge athnuaite acu do 2026. Leanfar leis an tionscnamh rathúil seo, a thugann deis d’imreoirí idirchontae ar fud na hÉireann a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt.

Agus an chomhpháirtíocht ag dul isteach sa tríú bliain anois, is léir tiomantas comhroinnte na n-eagraíochtaí don nasc seanbhunaithe idir an Ghaeilge agus na cluichí Gaelacha a neartú agus go dheiseanna praiticiúla a chruthú d’imreoirí an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn i measc a bhfoirne, a gclubanna, a gcontaetha agus a bpobal.

Seoladh an tionscnamh den chéad uair in 2024 chun foghlaim ardchaighdeáin na Gaeilge a dhéanamh níos inrochtana d’imreoirí idirchontae. Ó shin i leith, is léir ón éileamh ar an gclár go bhfuil fonn láidir ar imreoirí athcheangal leis an teanga, cur leis na scileanna atá acu cheana féin agus níos mó muiníne a chothú in úsáid na Gaeilge sa ghnáthshaol.

Tríd an gcomhpháirtíocht, cuirfear 100 scoláireacht ar fáil d’imreoirí rannpháirteacha chun tabhairt faoi chúrsaí Gaeilge Ghaelchultúir, ar bronnadh gradaim orthu. Beidh roghanna ar fáil a fhreastalóidh ar réimse leathan cumas teanga, ó dhaoine atá ag glacadh a gcéad chéimeanna leis an nGaeilge go cainteoirí a bhfuil níos mó taithí acu agus ar mian leo a líofacht agus a gcruinneas a fhorbairt tuilleadh.

Tá an Cumann Camógaíochta agus Cumann Pheil na mBan (LGFA) ag tabhairt tacaíochta don chlár freisin, rud a chuireann le raon an tionscnaimh ar fud na gcluichí Gaelacha agus a léiríonn tiomantas comhchoiteann do chur chun cinn na Gaeilge ar fud an phobail spóirt.

Ag labhairt dó faoi athnuachan na comhpháirtíochta, dúirt Darren Ó Rodaigh, Príomhfheidhmeannach Ghaelchultúir:

‘Tá cluichí Gaelacha agus an Ghaeilge ar dhá cheann de na léirithe is láidre dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht, agus ceanglaíonn an chomhpháirtíocht seo an dá rud le chéile ar bhealach an-phraiticiúil. Le dhá bhliain anuas, tá fíordhíograis feicthe againn i measc imreoirí idirchontae chun cur lena gcuid Gaeilge agus, rud atá thar a bheith tábhachtach, chun í a úsáid.

'Tá ár dtiomantas don Ghaeilge i gcluichí Gaelacha i bhfad níos leithne ná an clár scoláireachtaí seo amháin. Trínár gcomhpháirtíochtaí ar fud na hearnála, táimid ag infheistiú thart ar €50,000 gach bliain i scoláireachtaí, i gcúrsaí, in acmhainní foghlama agus i dtacaíochtaí teanga eile. Is é an aidhm atá againn tuilleadh deiseanna a chruthú d’imreoirí agus do phobail dul i ngleic leis an nGaeilge agus, ar deireadh, an teanga a dhéanamh níos feiceálaí agus níos inrochtana ar fud ár gcluichí náisiúnta.’

Dúirt Iarlaith Ó Broin**, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael**:

‘Bhí an Ghaeilge riamh ina cuid lárnach d’fhéiniúlacht agus do luachanna Chumann Lúthchleas Gael. Tríd an chomhpháirtíocht seo a athnuachan, tá deis fhiúntach eile á tabhairt dár n-imreoirí a gceangal leis an teanga a neartú agus í a úsáid le níos mó muiníne.

'Tá tionchar nach beag ag ár n-imreoirí idirchontae ina gclubanna agus ina bpobail. Gach uair a chloistear an Ghaeilge á húsáid go nádúrtha sna suíomhanna sin, bíodh sé ar an pháirc, sa chlubtheach nó i mbun comhrá, treisítear seasamh na teanga mar chuid bheo, thábhachtach de chluichí Gaelacha an lae inniu.’

Dúirt Tom Parsons, Príomhfheidhmeannach Chumann Imreoirí Gael:

‘Léirigh freagairt na n-imreoirí don tionscnamh seo le dhá bhliain anuas an fonn atá orthu an teanga a úsáid. Tagann imreoirí chuig an gclár agus leibhéil éagsúla Gaeilge acu, ach is é an rud atá i gcoiteann acu ná an fonn atá orthu foghlaim agus níos mó muiníne a chothú in úsáid na teanga.

'Tá ríméad orainn leanúint den obair le Gaelchultúr agus CLG chun an deis sin a chur ar fáil dár mbaill agus chun tacú le himreoirí ar mian leo ról níos mó a thabhairt don Ghaeilge ina saol laethúil.’

Tagann athnuachan na comhpháirtíochta ag tráth a bhfuil rannpháirtíocht an-láidir leis an nGaeilge i measc daoine fásta óga. Fuarthas amach i dtaighde a rinne Amárach Research i gcomhar le Gaelchultúr agus Údarás na Gaeltachta gur mian le 73% de dhaoine fásta faoi bhun 35 bliain d’aois feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, agus dúirt níos mó ná leath den aoisghrúpa seo go n-úsáideann siad an Ghaeilge i suíomh amháin ar a laghad cheana féin.

Léiríonn na torthaí seo an deis atá ann d’imreoirí mór le rá cur le glúin nua cainteoirí Gaeilge trína léiriú go bhfuil áit nádúrtha ag an teanga i saol an spóirt, sa saol sóisialta agus i bpobail an lae inniu ar fud na hÉireann.

Tá clár scoláireachtaí CLG agus GPA ina chuid de thiomantas níos leithne Ghaelchultúir an Ghaeilge a dhéanamh níos inrochtana agus níos feiceálaí i gcluichí náisiúnta na hÉireann. Chomh maith lena chomhpháirtíochtaí leanúnacha le CLG agus GPA, sheol Gaelchultúr comhpháirtíocht nua le CLG Bhaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair 2026 agus is príomhurraitheoir é an coláiste ar Na Gaeil Óga.

Trí na comhpháirtíochtaí seo, cuireann Gaelchultúr scoláireachtaí, cúrsaí Gaeilge, acmhainní foghlama agus tacaíochtaí teanga eile ar fáil d’imreoirí agus don phobal cluichí Gaelacha i gcoitinne. San iomlán, is ionann é seo agus infheistíocht de thart ar €50,000 in aghaidh na bliana ó Ghaelchultúr chun tacú le húsáid agus forbairt na Gaeilge i gcluichí Gaelacha.

Léiríonn an líonra méadaitheach comhpháirtíochtaí atá ag Gaelchultúr tiomantas fadtéarmach do dheiseanna praiticiúla a chruthú do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim, a labhairt agus a úsáid trí mheán an spóirt, agus ag an am céanna do thacaíocht a thabhairt do chlubanna, imreoirí agus eagraíochtaí spóirt infheictheacht agus úsáid laethúil na teanga a mhéadú.