Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Comhairle ó Ambasadóir Gaeilge CLG cibé Gaeilge atá agat a úsáid

Ceapadh Seán Ó Maoilchiaráin, Árainn agus Gaillimh, ina Ambasadóir Gaeilge ar Chumann Lúthchleas Gael thiar i mí Aibreáin

Ceapadh Seán Ó Maoilchiaráin, Árainn agus Gaillimh, ina Ambasadóir Gaeilge ar Chumann Lúthchleas Gael thiar i mí Aibreáin

Le Jamie Ó Tuama

Ceapadh Seán Ó Maoilchiaráin Árann agus na Gaillimhe ina Ambasadóir Gaeilge ar Chumann Lúthchleas Gael thiar i mí Aibreáin. Labhair muid leis ag an am faoina ról nua agus faoin mbaint lárnach a bhí ag an nGaeilge ina shaol.

D’iarr muid air cén chaoi ar airigh sé faoina cheapachán.

‘Airím bródúil’, a dúirt Ó Maoilchiaráin. ‘Rugadh agus tógadh mé le Gaeilge. Tá Gaeilge ar fud mo shaoil, in Árainn in Inis Mór, ar scoil, ar an bpáirc peile, taobh amuigh den pháirc peile, sa scoil agus mar sin de. Mothaím thar a bheith bródúil as a bheith i m’Ambasadóir Gaeilge.’

Chas Seán le hAmbasadóir Gaeilge CLG 2025, Fergal Whitely, nuair a seoladh é mar Ambasadóir Gaeilge de chuid an Chumainn agus bíonn sé ag múineadh le Paul Conroy, Ambasadóir Gaeilge CLG 2022. Ghlac sé leis an deis comhairle a fháil ón mbeirt.

‘Dúirt Paul liom a bheith muiníneach as agus gur rud é le bheith bródúil faoi chomh maith’, a dúirt leathchúlaí na Gaillimhe. ‘Is dócha gur cuid dár gcultúr í chomh maith. Sin an sórt comhairle a thug siad dom.’

As Inis Mór do Sheán, dar ndóigh, rud a chiallaíonn go raibh an Ghaeilge thimpeall air i gcónaí mar theanga tí agus phobail agus é ag fás aníos.

‘Is rud fíorthábhachtach domsa go pearsanta mar, mar a dúirt mé, tógadh mé le Gaeilge. Bhí sí agam sa mbaile agus sa scoil. Tá an Ghaeilge thar a bheith láidir sna trí oileán – Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr, agus tá muid thar a bheith bródúil as sin. Mar sin, bhí ról láidir agus tábhachtach ag an nGaeilge i mo shaol.’

Is iomaí uair a chonacthas Seán ina bhróga damhsa agus é ina ghasúr beag ag Oireachtas na Gaeilge agus tá cuimhní maithe aige ar na laethanta sin.

‘Sea, is dócha gur fada an píosa ó rinne mé sin anois ach, sea, thosaigh mé ag déanamh cúpla cleachtadh damhsa ar an sean-nós agus dúirt m’athair liom ‘cuir isteach ar an Oireachtas’. Is dócha nach raibh mórán rogha agam!

‘Chuir mé isteach air ansin agus bhí taithí maith agam ann. Bhí craic mhaith ann mar a bhíonn i gcónaí ag an Oireachtas. Bhaineamar an-spraoi as. Bhí an damhsa go maith.’

Dar ndóigh, tá go leor imreoirí ar phainéal peile na Gaillimhe ar cainteoirí dúchais Gaeilge iad, nó a d’fhoghlaim an Ghaeilge agus is léir gur buntáiste é sin ar bhealaí éagsúla don fhoireann. Is minic a bhíonn Gaeilge á labhairt acu ar an bpáirc imeartha.

‘Bíonn agus nuair atá muid ar an bpáirc le chéile bíonn thart ar dhá duine dhéag a bhíonn á labhairt gach lá,’ a deir Seán. ‘Mar sin is dócha go bhfuil buntáiste beag againn le ‘calls’ agus rudaí eile mar sin. Tá sé iontach a bheith in ann an Ghaeilge a labhairt ar an bpáirc peile.’

Maidir le labhairt na Gaeilge, molann Seán do lucht an Chumainn a gcuid Gaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir cibé cúpla focal nó Gaeilge líofa a bheith acu.

‘Tá sé breá simplí is dóigh liom, an cúpla focal atá agat a úsáid chomh minic agus is féidir. Sin an chaoi a bhfoghlaimeoidh tú níos mó Gaeilge, labhairt leis na daoine atá líofa agus a bhfuil níos mó an cúpla focal acu. Úsáid an Ghaeilge atá agat is dócha an chomhairle a bheadh agam ar dhaoine.’