Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Cluichí Domhanda CLG 2026 oneills.com seolta

Cluichí Domhanda CLG 2026 oneills.com seolta

Cluichí Domhanda CLG 2026 oneills.com seolta

Seoladh Cluichí Domhanda CLG 2026 oneills.com, a bheidh ar siúl i bPort Láirge ón 13-17 Iúil seo chugainn, go hoifigiúil Dé Céadaoin seo caite, 3 Meitheamh.

Is féile thríbhliantúil de chluichí Gaelacha iad na Cluichí Domhanda a bhfreastalaíonn foirne ó gach cearn den domhan orthu. Beidh imeacht na bliana seo ar an gceann is mó riamh, agus tá 114 fhoireann deimhnithe, lena n-áirítear imreoirí ón Eoraip, ó na Stáit Aontaithe, ón Afraic, ó Mheiriceá Theas, ó Cheanada, ón mBreatain, ón Astráil, ón Áise agus ón Meánoirthear.

I láthair ag an seoladh bhí Uachtaráin CLG, LGFA, An Cumann Camógaíochta, Liathróid Láimhe agus Cluiche Corr CLG, chomh maith leis na hambasadóirí Shane Walsh (Gaillimh, peil), Dan Morrissey (Luimneach, iománaíocht), Saoirse McCarthy (Corcaigh, camógaíocht), Sarah Donnelly (Tír Eoghain, peil na mban) agus Ciana Ní Churraoin (Gaillimh, liathróid láimhe).

Le linn na gCluichí Domhanda tiocfaidh 2,000 imreoir agus a lucht tacaíochta go SETU Phort Láirge le haghaidh féile cúig lá de chultúr agus spórt. Cuirfear tús leis an ócáid le paráid go Chearnóg John Roberts agus searmanas oscailte Dé Luain, 13 Iúil. Imreofar na cluichí ceannais ag Páirc an Bhreathnaigh ar an Aoine, 16 Iúil, agus beidh an searmanas deiridh ar siúl ina dhiaidh sin i lár an bhaile san Apple Market.

Beidh fóram gnó GAA Connects ar siúl Déardaoin an 16 Iúil ag foirgneamh Chomhairle Phort Láirge ina dtabharfar le chéile pearsana ó réimsí an ghnó, na n-airí agus na n-ambasadóirí.

Dúirt an tUachtarán CLG Iarlaith Ó Broin: “Mar thoradh ar an fheiniméan atá i gceist le Cluichí Domhanda CLG, imrítear ár gcluichí anois i níos mó ná 500 club i mbeagnach gach cearn den domhan. Achan trí bliana bíonn deis againn na himreoirí idirnáisiúnta seo a óstáil in Éirinn agus is é cruinniú na bliana seo i bPort Láirge an cruinniú is mó agus is fearr go dtí seo.’’

"Tá ról iontach mór ag ár gcluichí i saol an Diaspóra, agus léiríonn an fhéile seo blas idirnáisiúnta na n-imreoirí a bhaineann sult as an deis na cluichí Gaelacha a imirt.’’

Is ceiliúradh uathúil é Cluichí Domhanda CLG ar spórt, cultúr agus pobal, ag tabhairt le chéile imreoirí ó gach cearn den domhan a bhfuil paisean acu don spórt. Is léiriú é rannpháirtíocht foirne ón oiread sin tíortha agus réigiún ar an tiomantas agus ar an spiorad a bhaineann le teaghlach domhanda CLG.

Tá na cluichí ar fad saor in aisce agus oscailte don phobal. Tá fáilte roimh lucht tacaíochta freastal ar na cluichí i rith na seachtaine chomh maith leis na searmanais ag tús & deireadh na hócáide