Cluichí Ceathrú Ceannais Chorn Tailteann ar na bacáin
Imreofar Cluichí Ceathrú Ceannais Chorn Tailteann Dé Sathairn
Le Niall Darby
Tá Cluichí Ceathrú Ceannais Chorn Tailteann ar na bacáin an deireadh seachtaine seo agus ceithre chluiche den scoth amach romhainn. Beidh siad ar fad ar siúl ar an Satharn.
Cuirfear tús leis na cluichí ar an Satharn nuair a thabharfaidh Uíbh Fhailí agus Loch Garman aghaidh ar a chéile i dTulach Mhór ar 1.00in. Craolfar an cluiche sin beo ar GAA +. D’imir na foirne céanna in aghaidh a chéile sa chomórtas in 2022 nuair a fuair buachaillí Uíbh Fhailí an ceann is fearr ar Loch Garman. Bhí an bua ag loch Garman an bhliain ina dhiaidh sin sa chomórtas céanna in 2023 le cúig chúilín.
Bhí ana-thús ag Uíbh Fhailí sa chomórtas i mbliana tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an Dún agus ar an gClár roimhe sin. Tá Keith ‘O Neill agus Dylan Hyland ag imirt go han-mhaith i measc na dtosaithe agus beidh ar Loch Garman súil ghéar a choinneáil orthu más mian leo an bua a fháil. Sin ráite, beidh Loch Garman lán le muinín chomh maith agus ardú céime bainte amach acu go dtí Roinn 2. Is ar éigean a chaill siad i gcluiche ceannais na sraithe ag tús na bliana i gcoinne an Dúin nuair a bhí am breise de dhíth ar na hUltaigh.
Beidh Aontroim agus Cill Mhantáin ag imirt in aghaidh a chéile ag a 2.00in agus beidh buntáiste baile ag Aontroim. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an dá fhoireann le cúpla bliain anuas agus d’imir Aontroim sa bhabhta leathcheannais arú anuraidh. Anuas air sin, bhain foireann Oisín McConville ardú céime amach go dtí Roinn 3 cúpla bliain ó shin. Léiríonn sé an fhorbairt atá ar siúl sa dá chontae faoi láthair. Bhí sraith den scoth ag Cill Mhantáin agus ag Aontroim nuair a chríochnaigh siad ar ocht bpointe an taobh. Beidh siad ag iarraidh an chéad chéim eile a thógáil an deireach seachtaine seo. Bhí Kevin Quinn i mbarr a réime an lá deireanach agus beidh air féin agus Dean Healy i lár na páirce taispeántas den scoth eile a thabhairt más mian leo an bua a fháil.
I bPort Laoise ag a 4, beidh Laois agus an Dún ag tabhairt aghaidhe ar a chéile agus craolfar an cluiche sin beo ar GAA +. Is athimirt é an cluiche seo ar an gcluiche ceannais dhá bhliain ó shin nuair a bhuaigh buachaillí an Dúin le dhá chúilín. Bhain an Dún ardú céime amach i mbliana agus bhí an-bhua acu i gcoinne Dhún na nGall i gCraobh Uladh. Chaill siad go dona i gcoinne Uíbh Fhailí le gairid ach bhí siad ar ais ar a seanléim sa bhabhta deireanach nuair a bhí bua gan stró acu ar an Longfort. Bhí sraith mhaith ag Laois chomh maith cé nár éirigh leo ardú céime a bhaint amach. Bhí an-bhuanna acu i gcoinne na hIarmhí agus an Dúin le linn na sraithe agus i gcoinne Uíbh Fhailí chomh maith i gCraobhchomórtas Laighean.
Is é an cluiche ceannais deireanach ná Fear Manach agus Sligeach agus cuirfear tús leis an gcluiche seo ar a 5.00 i bPáirc Brewster. D’imir na foirne in aghaidh a chéile le linn na sraithe agus bhí bua cuimsitheach ag Sligeach agus seacht gcúilín ar fad le spáráil acu. Níor éirigh le Fear Manach fanacht sa roinn agus beidh siad ag imirt sa roinn is ísle an bhliain seo chugainn. A mhalairt ghlan ar fad atá tarlaithe i gCorn Tailteann i mbliana, áfach, agus bhí buanna den scoth acu i gcoinne an Longfoirt sa chéad bhabhta, Loch Garman sa dara babhta agus Nua-Eabhrac sa bhabhta deireanach. Is fiú a lua gur imir siad gach cluiche i gCorn Tailteann in Inis Ceithleann agus níor éirigh le héinne iad a shárú ar a bpáirc féin.
Beidh na hocht bhfoireann ag iarraidh áit sa bhabhta leathcheannais agus lá eile amach sa cheannáras a bhaint amach. Is buntáiste mór é cluiche baile a bheith agat ach beidh gach uile fhoireann ag iarraidh a dtaispeántas is fearr i mbliana a chur chun cinn ag an deireadh seachtaine. Tá na ceithre chluiche an-deacair a thuar agus is maith an rud é go bhfuil an comórtas chomh hiomaíoch agus muid anois ag céim na gcluichí díbeartha. Má bhíonn na cluichí chomh hiomaíoch agus a bhfuiltear ag súil leo, beidh ceithre chluiche den scoth le feiceáil ag lucht leanúna an deireadh seachtaine seo.