Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge
Limerick

Cluiche Leathcheannais Iomána na hÉireann - Luimneach agus an Clár

Casfaidh Luimneach agus an Clár ar a chéile inniu i gCluiche Leathcheannais Iomána na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh

Casfaidh Luimneach agus an Clár ar a chéile inniu i gCluiche Leathcheannais Iomána na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh

Le Jamie Ó Tuama

Tá Cluiche Leathcheannais Iomána Uile-Éireann an lae inniu buailte linn agus tá na fathaigh mhóra seo de chuid na hiomána réidh gabháil chun catha le haghaidh áite i gCluiche Ceannais na hÉireann. Tá an traenáil uilig déanta. Tá na teaicticí uilig pléite. Tá uair na cinniúna buailte linn agus tá an stáitse réidh anois do na comharsana béal dorais – Luimneach agus an Clár.

Nuair a ghabhfaidh Luimneach chun páirce inniu beidh siad ag iarraidh a n-áit a dheimhniú i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann don 22ú huair agus don chéad uair ó 2023 i leith - an séú huair le naoi mbliana anuas!

Maidir leis an gClár, beidh sé de sprioc acu an cluiche ceannais a bhaint amach inniu don chéad uair ó 2024 i leith agus don naoú huair ar fad.

Níl ach cluiche amháin craoibhe caillte ag Luimneach go dtí seo as cúig cinn i mbliana. Chaill siad in aghaidh Chorcaí i gCraobh na Mumhan ach d’éirigh leo díoltas a bhaint amach ar a gcéilí comhraic i gcluiche ceannais an chomórtais chéanna – rud a d’fhág i gcluiche leathcheannais an lae inniu iad. Bhuaigh siad ar an gClár, ar Phort Láirge agus ar Thiobraid Árann le Cluiche Ceannais na Mumhan a bhaint amach.

Cúig chluiche ar fad atá imeartha ag an gClár, chomh maith. Chaill siad péire acu in aghaidh Chorcaí agus in aghaidh a gcéilí comhraic inniu, Luimneach, i gCraobh na Mumhan agus bhuaigh siad ar Phort Láirge agus ar Thiobraid Árann. Ina dhiaidh sin, bhuaigh siad ar Áth Cliath coicís ó shin i gCluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann le cluiche leathcheannais an lae inniu a bhaint amach.

Tabharfaidh na foirne seo aghaidh ar a chéile don 65ú huair sa chraobh inniu. Tá 41 cinn acu sin buaite ag Luimneach agus 21 cinn buaite ag an gClár. Chríochnaigh dhá cheann de na cluichí sin ar comhscór.

Sna deich gcluiche craoibhe dheireanacha a imríodh idir na foirne seo ag gabháil siar chomh fada le 2019, d’éirigh le Luimneach seacht cinn acu a bhuachan agus d’éirigh leis an gClár péire acu a bhuachan. Chríochnaigh an cluiche idir na foirne i gCraobh na Mumhan sa bhliain 2022 ar comhscór agus thóg sé am breise ar Luimneach an ceann is fearr a fháil orthu i gCluiche Ceannais na Mumhan cúpla seachtain ina dhiaidh sin.

Suimiúil go leor, is é seo an chéad uair do na foirne seo casadh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh ó 2013 i leith. Cluiche leathceannais eile a bhí ansin agus bhuaigh an Clár ar scór 1-22 go dtí 0-18 an lá sin.

Maidir leis na bainisteoirí, is é seo an deichiú bliain do John Kiely a bheith ag an stiúir do Luimneach. Le linn na tréimhse sin, d’imir Luimneach 55 cluiche craoibhe ar fad. Bhuaigh siad 38 cinn acu, chaill siad 13 cinn acu. Chríochnaigh ceithre cinn de na cluichí sin ar comhscór.

Seo é an seachtú bliain do Brian Lohan a bheith ag an stiúir don Chlár agus le linn na tréimhse sin d’imir an Clár 41 cluiche craoibhe ar fad. Bhuaigh siad 24 cinn acu, chaill siad 15 cinn acu agus chríochnaigh péire acu ar comhscór.

Nuair a chas na foirne ar a chéile go deireanach i gCraobh na Mumhan níos túisce sa bhliain bhí bua compordach ag Luimneach ar a gcéilí comhraic in Inis. Is cinnte nach mar sin a bheidh an scéal inniu.

Tá uair na cinniúna buailte linn. Tá an chaint thart. Tá seachtó nóiméad idir na foirne seo agus áit i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann 2026. Anois ná go brách…