Cluiche Leathcheannais Iomána na hÉireann - Corcaigh agus Gaillimh
Tabharfaidh Corcaigh agus Gaillimh aghaidh ar a chéile i gCluiche Leathcheannais Iomána na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh inniu
Le Jamie Ó Tuama
Agus díreach mar sin, tá Cluichí Leathcheannais Iomána na hÉireann buailte linn agus fathaigh mhóra de chuid na hiomána réidh gabháil chun catha inniu le haghaidh áite i gCluiche Ceannais na hÉireann. Tá an traenáil uilig déanta. Tá na teaicticí uilig pléite. Tá uair na cinniúna buailte linn agus tá an stáitse réidh anois do Chorcaigh agus do Ghaillimh.
Nuair a ghabhfaidh Corcaigh chun páirce inniu beidh siad ag iarraidh a n-áit a dheimhniú i gCluiche Ceannais na hÉireann don 53ú huair agus don tríú huair i ndiaidh a chéile.
Maidir le Gaillimh, beidh sé de sprioc acu inniu an cluiche ceannais a bhaint amach don chéad uair ó 2018 i leith agus don 26ú huair ar fad.
Cluiche amháin craoibhe atá caillte ag Corcaigh go dtí seo as sé cinn i mbliana. Chaill siad in aghaidh Luimnigh i gCluiche Ceannais na Mumhan. Bhuaigh siad ar Thiobraid Árann, ar Luimneach, ar Phort Láirge agus ar an gClár i ngrúpa na Mumhan leis an gcluiche ceannais sin a bhaint amach.
Ina dhiaidh sin, thug siad aghaidh ar Uíbh Fhailí i Staid Semple i gCluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann áit a raibh bua cuimsitheach acu ar a gcéilí comhraic, 6-25 go dtí 2-11, le cluiche leathcheannais an lae inniu a bhaint amach.
Sé chluiche ar fad atá imeartha ag Gaillimh, chomh maith, agus cosúil le Corcaigh d’éirigh leo cúig cinn acu a bhuachan – in aghaidh Chill Chainnigh, Uíbh Fhailí, Chill Dara agus Loch Garman. Chaill siad ina aghaidh Átha Cliath i ngrúpa Laighean ach d’éirigh leo díoltas a bhaint amach ar lucht na príomhchathrach nuair a bhuaigh siad orthu i gCluiche Ceannais Laighean le cluiche leathcheannais an lae inniu a bhaint amach.
Sna deich gcluiche craoibhe dheireanacha a imríodh idir na foirne seo ag gabháil siar chomh fada le 1986, d’éirigh le Gaillimh sé cinn acu a bhuachan agus d’éirigh le Corcaigh ceithre cinn acu a bhuachan. Tabharfaidh na foirne aghaidh ar a chéile sa chraobh inniu don 35ú huair ar fad agus tá 25 cinn acu sin buaite ag Corcaigh agus naoi gcinn buaite ag Gaillimh. Dar ndóigh, níor éirigh le Gaillimh an ceann is fearr a fháil ar Chorcaigh sa chraobh go dtí 1975 ach ó shin i leith d’imir siad in aghaidh a chéile 15 huair ar fad. Naoi mbua atá ag Gaillimh sna cluichí sin agus sé cinn ag Corcaigh.
Seo é an ceathrú huair do Ghaillimh Cluiche Leathcheannais na hÉireann a bhaint amach le Micheál Donoghue ag an stiúir. Chaill siad in aghaidh Thiobraid Árann sa bhliain 2016 ach bhain siad díoltas amach ar na Tiobradaigh an bhliain dar gcionn i 2017. Thóg sé athimirt ansin ar Donoghue agus ar na Gaillimhigh leis an mbeart a dhéanamh in aghaidh an Chláir sa bhliain 2018 le Cluiche Ceannais na hÉireann a bhaint amach.
Dar ndóigh, is í seo céad bhliain Ben O’Connor mar bhainisteoir ar na Corcaígh. D’imir sé i naoi gcinn ar fad de chluichí leathcheannais mar imreoir, áfach. Bhuaigh sé cúig cinn acu siúd, chaill sé trí cinn agus chríochnaigh ceann acu ar comhscór.
Nuair a chas na foirne ar a chéile i Staid an Phiarsaigh sa tsraith i mí Feabhra ní raibh ach oiread na fríde ag scaradh na bhfoirne. D’éirigh le Corcaigh an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic an lá sin ar scór 2-20 go dtí 1-21. Is cinnte nach mbeidh mórán ag scaradh na bhfoirne arís eile inniu.
Tá uair na cinniúna buailte linn. Tá an chaint thart. Tá seachtó nóiméad idir na foirne agus áit i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann 2026. Anois ná go brách…