Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Cluiche Ceannais Iomána na Mumhan: Luimneach 1-21 Corcaigh 2-17

Corn Mhichíl Uí Mhaca á ardú ag captaen buacach Luimnigh, Cian Lynch, tar éis dá fhoireann an ceann is fearr a fháil ar Chorcaigh i gCluiche Ceannais Iomána na Mumhan Dé Domhnaigh

Corn Mhichíl Uí Mhaca á ardú ag captaen buacach Luimnigh, Cian Lynch, tar éis dá fhoireann an ceann is fearr a fháil ar Chorcaigh i gCluiche Ceannais Iomána na Mumhan Dé Domhnaigh

Le Niall Darby

Is é Cluiche Ceannais Iomána na Mumhan ceann de na buaicphointí is mó atá againn i bhféilire an Chumainn agus tháinig Corcaigh agus Luimneach le chéile arís sa tóir ar an gcorn agus ar áit a bhaint amach i gCluiche Leathceannais Iomána na hÉireann. Tá Cluiche Ceannais Iomána na Mumhan buaite ag Corcaigh nó Luimneach gach bliain le deich mbliana anuas. Ba iad buachaillí Thiobraid Árann an fhoireann dheireanach taobh amuigh de Luimneach agus Corcaigh, a bhain an chraobh cháiliúil amach in 2016.

Thosaigh an cluiche, a imríodh os comhair breis is 40,000 duine, ar luas lasrach agus bhí cóir na gaoithe ag Corcaigh sa chéad leath. Fuair siad poc éirice tar éis cúig nóiméad nuair a rinneadh calaois ar Brian Hayes ar imeall na cearnóige. Chríochnaigh Mark Coleman go snasta é agus bhí Corcaigh go mór in uachtar ar feadh tamaill. Thug an fear mór láidir Gearóid Hegarty ardú meanman dá fhoireann nuair a fuair sé cúl as neamhní agus an chéad leath ag teacht chun deiridh. Ní raibh ach dhá chúilín idir na foirne ag leath ama i bhfabhar bhuachaillí na háite.

Scór leathama: Corcaigh 1-11 Luimneach 1-9

D’imir Luimneach le cóir na gaoithe sa dara leath agus fuair siad an chéad phointe. Chuaigh an dá fhoireann buile ar bhuile go luath sa dara leath. Ní go rómhinic a tharlaíonn sé ach baineadh Aaron Gillane den pháirc ar bhuille 50 nóiméad. Mar is gnách, bhí Diarmuid Byrnes, Gearóid Hegarty, Peter Casey agus Kyle Hayes, gan ach cúpla duine a lua, ar thús cadhnaíochta sa dara leath do Luimneach agus chuir siad a gcuid ceannaireachta chun cinn le linn na tréimhse sin.

Ní raibh ach aon chúilín amháin eatarthu nuair a ghéill Gearóid Hegarty poc saor tar éis dó calaois a dhéanamh ar imreoir Chorcaí. Bhí cúilín de dhíth ar Chorcaigh chun an cluiche a chothromú. Tháinig Patrick Collins amach óna chúl féin agus ba chuma ar an scéal go dtabharfadh sé aghaidh ar na postaí cé go raibh sé iontach fada ón sprioc agus an ghaoth díreach ina choinne. Phasáil sé an sliotar go trasnánach i dtreo Mark Coleman agus phasáil seisean an sliotar chuig Tim O’ Mahony. Leis an bpoc deireanach, thriail sé an cúilín a fháil ach shéid an réiteoir James Owens an fheadóg dheireanach agus an sliotar idir spéir agus talamh. Bhí muintir Luimnigh ag ceiliúradh.

Is féidir le buaiteoirí na gcúigí an babhta ceathrú ceannais a sheachaint agus sos beag a fháil anois roimh an mbabhta leathcheannais. Sna babhtaí ceathrú ceannais, beidh tánaistí na gcúigí, Corcaigh agus Baile Átha Cliath ag imirt in aghaidh Uíbh Fhailí agus an Clár faoi seach. Tá neart iomána le himirt go fóill!

Scór deiridh: Corcaigh 2-17 Luimneach 1-21