Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann 1891 – Ciarraí in aghaidh Loch Garman

Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Daithí de Róiste, agus Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, ag nochtú leice i bPáirc Chluain Torc, an láthair do Chluichí Ceannais Iomána agus Peile 1890, 1891, 1892 agus 1894. Grianghraf le Ray McManus/Sportsfile

Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Daithí de Róiste, agus Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, ag nochtú leice i bPáirc Chluain Torc, an láthair do Chluichí Ceannais Iomána agus Peile 1890, 1891, 1892 agus 1894. Grianghraf le Ray McManus/Sportsfile

Le Jamie Ó Tuama

Is ar 28 Feabhra, 1892, a thug an Baile Dubh, Ciarraí, aghaidh ar na Crosa Beaga, Loch Garman, i gCluiche Ceannais Sinsear Iomána na hÉireann 1891 i bPáirc Chluain Torc. Imríodh an cluiche seo os comhair níos mó ná 2,000 duine agus ba é Pádraig Tóibín ó Áth Cliath a bhí i mbun cúrsaí réiteoireachta ar an lá.

Níl aon amhras faoi ach go bhfuair an slua luach a gcuid airgid ag cluichí an lae sin. Aon scilling amháin a d’íoc siad isteach le haghaidh trí chluiche ar fad – Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann, Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann agus Cluiche Ceannais Peile na hÉireann. Ag caint ar luach ar airgead!

Cuireadh tús leis an lá le Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann idir Áth Cliath agus an Cabhán. Ba ina dhiaidh sin a imríodh Cluiche Ceannais na hIomána agus bhí na himreoirí ón dá thaobh ar bís agus iad ag fanacht le gabháil chun páirce.

Bhí na Carmanaigh gléasta go deas slachtmhar le haghaidh an chluiche. Bríste fada a bhí á gcaitheamh ag na Ciarraígh agus d’imir siad cosnocht. Bhí dathanna liath á gcaitheamh acu le fáinne óir trasna na ngeansaithe.

Lena n-áit a bhaint amach i gCluiche Ceannais na hÉireann d’éirigh le Loch Garman an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath i gCraobh Laighean ar scór 2-03 go dtí 0-01. Thóg sé athimirt, tar éis go leor conspóide agus achrainn, ar Chiarraí an ceann is fearr a fháil ar Luimneach i gCluiche Ceannais na Mumhan lena n-áit a dheimhniú sa chluiche ceannais.

An Cluiche Féin

Cluiche an-iomaíoch a bhí ann agus rinne an dá fhoireann síorionsaí ar chéile agus iad ag iarraidh scóranna a aimsiú. Bhí na foirne, 21 imreoir an taobh, gob ar ghob ó thús go deireadh an chluiche. D’aimsigh na Ciarraígh cúilín sa chúigiú nóiméad a chuir chun tosaigh iad. Chuir siad leis an scór sin cúig nóiméad roimh dheireadh na leithe ach chríochnaigh na Carmanaigh an leath láidir agus d’éirigh leo cúilín dá gcuid féin a aimsiú.

D’aimsigh Ciarraí cúl luath go leor sa dara leath a chuir chun tosaigh iad ar scór 1-02 0-01, ach, nuair a d’éirigh le Loch Garman cúilín dá gcuid féin a aimsiú sa 22ú nóiméad ní raibh ach scór amháin idir na foirne. Ní raibh fágtha ach cúpla nóiméad. Bhí cúl ag teastáil go géar ó Loch Garman le fanacht sa chluiche. An t-am sin bhí níos mó luacha le cúl amháin ná líon ar bith cúilíní. Mar sin, cúl a theastaigh uathu seachas cúilíní. Rinne siad síorionsaí ar chúl Chiarraí sna nóiméid dheireanacha.

D’eascair ruaille buaille as an síorionsaí sin agus bhí jab an-deacair ag an réiteoir, Pádraig Tóibín, smacht a choinneáil ar an gcluiche. Ansin, d’éirigh leis na Carmanaigh cúl conspóideach a aimsiú. Cúilín a bhí ann agus níor chóir go mbronnfaí cúl ar Loch Garman. Faraor géar nach raibh hawkeye ann an t-am sin! Bhí na foirne ar comhscór agus bheadh am breise ag teastáil leis an foirne a scarúint óna chéile.

Ní mó ná sásta a bhí iománaithe Chiarraí leis an gcinneadh sin agus thug siad le fios nach mbeadh siad sásta am breise a imirt. D’imigh siad ón bpáirc go míshásta agus d’fhág siad muintir Loch Garman leo féin. Bhí briseadh fada ann ach sa deireadh shocraigh siad teacht ar ais agus imirt. D’imigh an slua fiáin.

Ba ag Ciarraí a bhí an lámh in uachtar nuair a thosaigh an cluiche an athuair. D’éirigh leo cúl agus cúilín a aimsiú go luath in am breise. Bhí cúl ag teastáil go géar ó mhuintir na gCros Beag, Loch Garman. Tharraing an Baile Dubh, Ciarraí, siar a gcuid imreoirí uilig chuig a leath féin den pháirc agus taobh thiar den liathróid. Ní inniu ná inné a imríodh teaicticí cosanta den chineál sin den chéad uair, dar ndóigh! Bhí siad ag cosaint go fíochmhar.

Chríochnaigh na Carmanaigh láidir ach níor éirigh leo an cúl cinniúnach a bhí ag teastáil uathu a aimsiú. Ba ag Ciarraí a bhí an bua. Bhí sceitimíní áthais ar na himreoirí agus ar a lucht leanta. Scór deiridh: 2-04 go dtí 1-05.

Chuaigh éachtaí iománaithe an Bhaile Dhuibh chomh mór sin i bhfeidhm ar lucht an pharóiste gur scríobh PJ Sheehy amhrán faoi éachtaí a gcuid laochra iomána.

‘In Clonturk Park they fought, when the Boys of Wexford thought,

With their camáns to their credit they could spare,

But they found out to their cost, when they fought the fight and lost,

That the boys from Ballyduff could beat them there.’

Bhí a gcéad chraobh uile-Éireann buaite ag Ciarraí – craobh iomána.