Cluiche Ceannais Chorn Tailteann 2026 – An Dún agus Cill Mhantáin
Tabharfaidh an Dún agus Cill Mhantáin aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Chraobh Chorn Tailteann Dé Sathairn
Le Niall Darby
Tá Cluiche Ceannais Chorn Tailteann 2026 ar na bacáin an deireadh seachtaine seo leis an Dún agus Cill Mhantáin ag teacht le chéile i bPáirc an Chrócaigh. Bhí buanna iontacha ag na foirne seo sna babhtaí leathcheannais agus beidh an dá fhoireann ag iarraidh cur leis na taispeántais mhaithe a bhí acu i mbliana, De Sathairn.
Cuireadh tús leis an gcomórtas ar an 9ú Bealtaine agus ba chosúil go mbeadh Uíbh Fhailí, Loch Garman, an Dún, Laois agus Fear Manach ar thús cadhnaíochta le linn an chomórtais. Sin ráite, chaill an dá fhoireann a bheidh ag imirt sa chluiche ceannais, Cill Mhantáin agus an Dún sa chéad bhabhta agus sa dara babhta faoi seach. An scéal is mó a tháinig as na babhtaí luatha ná go mbeadh an Clár ag fágáil slán leis an gcomórtas i ndiaidh dhá chluiche. Bhí siad ar fheabhas i gcoinne sheaimpíní na hÉireann, Ciarraí, mí amháin roimhe sin ar a bpáirc féin.
Bhí ar Nua-Eabhrac réamhchluiche ceathrú ceannais a imirt i gcoinne Fhear Manach. Bhí Fear Manach róláidir dóibh agus bhuaigh siad go héasca faoi dheireadh. D’imir Fear Manach trí chluiche ar a bpáirc féin i gComórtas Tailteann i mbliana agus bhuaigh siad gach ceann acu. Cé go raibh Loch Garman go mór in uachtar ag leath ama, fuair Uíbh Fhailí an ceann is fearr orthu tar éis cluiche maith i dTulach Mhór. Ba chluiche den scoth é idir Cill Mhantáin agus Aontroim ach bhí an lá ag foireann Oisín McConville i ndiaidh am breise. Bhí bearna mhór idir na foirne sa dá chluiche ceathrú ceannais eile a imríodh. Bhí an-bhua ag an Dún i gcoinne Laoise agus bhí sé mar an gcéanna i gcás Fhear Manach nuair a bhuaigh siad ar bhuachaillí Shligigh go compordach.
Bhí caighdeán na peile ar fheabhas le linn an chomórtais agus bhí cúpla cluiche den scoth againn. Imríodh an dá chluiche leathcheannais i bPáirc an Chrócaigh agus ba chluichí siamsúla iad. Bhí an-bhua ag Cill Mhantáin i gcoinne Uíbh Fhailí cé go raibh siad ocht gcúilín chun deiridh ag leath ama. Bhí teacht aniar den scoth acu sa dara leath agus ar an iomlán, bhí a mbua tuillte acu. Tabharfaidh an bua sin an-mhuinín dóibh agus beidh siad ag súil go mór leis an dúshlán atá amach rompu ar an deireadh seachtaine. Bhí an Dún ar fheabhas sa chéad leath ina gcluiche leathcheannais ach is ar éigean a d'éirigh leo an bua a fháil. Beidh a fhios acu anois go gcaithfidh siad taispeántas seachtó nóiméad, nó níos mó más gá, a chur isteach chun buachaillí Chill Mhantáin a shárú.
Beidh imreoirí den scoth ar taispeáint ar an Satharn agus beidh an-tionchar acu ar cheann scríbe an choirn. Tá cnámh droma na foirne thar a bheith láidir ag Cill Mhantáin. Beidh siad ag brath go mór ar Mark Jackson lena chiceanna amach agus na ciceanna saora araon. Bhí Dean Healy ar fheabhas sa chluiche leathcheannais nuair a bhí ceannaireacht de dhíth orthu. I measc na dtosaithe, tá Christopher O'Brien, Oisín McGraynor agus Eoin Darcy i mbarr a réime faoi láthair agus beidh ar chosantóirí an Dúin súil ghéar a choinnigh orthu. Scóráil an triúr acu 2-11 i gcoinne Uíbh Fhailí agus níor tháinig ach dhá chúilín as an 2-11 ó chiceanna saora.
Bhuaigh an Dún an comórtas seo arú anuraidh agus seasfaidh an taithí sin dóibh ar an Satharn. Bhí Ryan McEvoy, lánchúlaí an Dúin, ar fheabhas sa chluiche leathcheannais agus fuair sé an scór cinniúnach ag deireadh an chluiche. Is imreoir thar a bheith ildánach é Daniel Guinness agus tá neart taithí ag Ryan Magill, Eamon Brown agus Pat Havern ag an leibheál seo chomh maith.
Sílim féin go mbeidh an-chluiche againn ag an deireadh seachtaine i bPáirc an Chrócaigh. Beidh an dá fhoireann ag súil go mór leis an gcluiche agus tá seans maith acu corn náisiúnta a bhaint amach. Mar is gnách leis an gcluiche nua-aimseartha, beidh tionchar mór ag an gcath i lár na páirce ar thoradh an chluiche agus beidh an dá fhoireann ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ansin. Ós rud é gur bhuaigh an Dún an comórtas seo cheana féin arú anuraidh, thabharfainn buntáiste beag dóibh. Mar sin féin, má imríonn Cill Mhantáin mar a d'imir siad sa chluiche leathcheannais, beidh cluiche ceannais den scoth romhainn. Ní bhfaighfimid freagra ar an gceist go dtí go gcaithfear an liathróid isteach i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna Dé Sathairn.