Clárúchán do Scéim Chontae FSMD oscailte
Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG, Áine Uí Choinn, Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin, Ambasadóir Gaeilge CLG, Fergal Whitely agus Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, ag seoladh Ambasadóir na Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh
Tá fáilte á cur roimh Bhoird Chontae CLG ar fud na tíre clárú le Scéim Aitheantais Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, atá oscailte anois.
Cuireadh tús le scéim na gcontaetha anuraidh mar chuid d’iarracht leanúnach chun an Ghaeilge a neartú agus a chur chun cinn ag leibhéal an chontae. Le linn na chéad bliana den scéim, d’éirigh le cúig bhord contae aitheantas oifigiúil a bhaint amach, mar thoradh ar an obair fhiúntach a bhí idir lámha acu.
Tá an scéim dírithe ar thacaíocht agus ar threoir a thabhairt do Bhoird Chontae ar mian leo cur le húsáid agus le feiceálacht na Gaeilge ina gcuid oibre laethúla. Tugtar deis do na boird páirt a ghlacadh i gclár struchtúrtha atá bunaithe ar sé phríomhréimse:
- Struchtúr an Chontae
- Feiceálacht na Gaeilge
- Foghlaim na Gaeilge
- Úsáid na Gaeilge
- Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha
- Marcanna Breise
Tríd na réimsí seo, spreagtar na boird le pleanáil straitéiseach a dhéanamh don Ghaeilge, í a chur chun cinn go poiblí, agus deiseanna foghlama agus úsáide a chruthú do bhaill, do chlubanna agus don phobal i gcoitinne.
Ag labhairt di ar an ghné nua seo d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, dúirt Cáit Ní Choirbhín, Bainisteoir Forbartha na Fondúireachta:
‘Rinne muid scéim phíolóta den scéim aitheantais do bhoird contae anuraidh agus bhí muid iontach sásta go raibh cúig bhord contae linn ag cur le feiceálacht agus le húsáid na Gaeilge i CLG agus ag cur leis an mheas a léirítear di. Tá sé ríthábhachtach go bhfuil an cineál sin tacaíochta ó na boird chontae ar fáil do na clubanna atá páirteach i bhFondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha.’
Bhí CLG Mhuineacháin ar cheann den chúig chontae a bhain amach aitheantas anuraidh. Ag caint ar an scéim, dúirt Mícheál Ó Corragáin, Oifigeach Gaeilge CLG Mhuineacháin:
‘Bhí lúcháir ar Mhuineachán bheith i measc an chéad dream a thug faoin scéim aitheantais do na Boird Chontae. Tugann an creatlach seo tuiscint don choiste bainistíochta agus do na fochoistí ar ar féidir linn a dhéanamh lenár dteanga a chur chun tosaigh ar bhealach a mheallann daoine bheith páirteach ar an pháirc, ar an ardán agus ar bhonn sóisialta. Míle buíochas leis na daoine sin ar fad atá i gcroílár an tionscadail seo, ag cinntiú go bhfuil tús áite ag an Ghaeilge i ngnáthimeachtaí CLG agus an tsaoil laethúil. Tá súil agam go dtacaíonn gach contae leis an scéim a chuideoidh leo an Ghaeilge a chur chun cinn.’
Is deis iontach í an Scéim Aitheantais do Bhoird Chontae ról gníomhach a imirt i bhforbairt na Gaeilge i mórphobal CLG.
Moltar do Bhoird Chontae ar spéis leo páirt a ghlacadh sa scéim clárú anois agus leas a bhaint as an tacaíocht agus as an aitheantas a bhaineann leis an tionscnamh seo.
Is féidir clárú leis an scéim ANSEO.