Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Cláraigh do chlub le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha i 2023

Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ag gabháil ó neart go neart

Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ag gabháil ó neart go neart

An bhfuil rún athbhliana ó do chlub don bhliain nua? Cén fáth nach gcláraíonn sibh le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha?

Is scéim tacaíochta de chuid Chumann Lúthchleas Gael agus Ghlór na nGael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha atá dírithe ar chlubanna CLG atá gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge. Is iad Glór na nGael a riarann an scéim seo i gcomhar le Coiste Náisiúnta Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael.

Cuireann clubanna fud fad na tíre an Ghaeilge chun cinn ina gcuid clubanna gan aon aitheantas. Is é cuspóir na fondúireachta seo ná aitheantas a thabhairt don obair sin, agus deis a thabhairt do chlubanna forbairt a dhéanamh ar an obair sin, ar bhonn tomhaiste agus pleanáilte. Tá treoir agus moltaí ar fáil don scéim seo ach teagmháil a dhéanamh le clg@glornangael.ie nó le hOifigeach Forbartha Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael, Jamie Ó Tuama, agjamie.otuama@gaa.ie.

Mar chuid den fhondúireacht seo, freisin, tá ciste miondeontais ann le cabhrú le clubanna imeachtaí Gaeilge a eagrú ina gcuid clubanna. Cuirtear na cistí seo ar fáil ag amantaí éagsúla le linn na bliana. Bronntar boinn chré-umha, airgid agus óir ar chlubanna ag deireadh na bliana – ag brath ar an líon spriocanna a leagtar síos san Fhondúireacht a bheith bainte amach ag clubanna.

Is in ómós do Sheosamh Mac Donncha (1953-2016) a cuireadh an Fhondúireacht se oar bun. Fear le háireamh a bhí i Joe a bhain go leor amach dó féin agus do phobal na tíre seo i gcoitinne le linn a shaoil. D’éirigh leis an post is airde i gCumann Lúthchleas Gael a bhaint amach. Mar iománaí, thóg sé Corn Mhic Cárthaigh leis siar thar Sionainn agus bhí sé ina phríomhfheidhmeannach, agus ina chathaoirleach, ar chuid de mhóreagraíochtaí na tíre seo, Foras na Gaeilge ina measc.

Trí chlárú leis an bhFondúireacht tá do chlub ag tabhairt tiomantais go gcuirfear an Ghaeilge chun cinn go gníomhach agus go dtabharfar spás lárnach di i saol laethúil an chlub. Tapaigh an deis. Cláraigh leis an bhfondúireacht go beo!

Tá tuilleadh eolais maidir le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar fáil ANSEO