Clár Ceannródaíoch na Scoláireachtaí Gaeilge á chur ar fáil arís d’Imreoirí Idirchontae ag Gaelchultúr, Cumann Lúthchleas Gael agus Cumann Imreoirí Gael
Ó chlé: Leas-Stiúrthóir Tráchtála Gaelchultúir, Ellen Curtin, Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin, Uachtarán CLG, Príomhfheidhmeannach Ghaelchultúir, Darren Ó Rodaigh, Príomhfheidhmeannach Chumann Imreoirí Gael, Tom Parsons
100 scoláireacht ar fáil arís i mbliana mar thoradh ar an éileamh agus an rath as cuimse a bhí ar an gclár in 2024
Tá áthas ar Ghaelchultúr, CLG agus Cumann Imreoirí Gael a fhógairt go bhfuil siad ag cur lena gclár ceannródaíoch scoláireachtaí don dara bliain. Beidh deis ag 100 imreoir idirchontae staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge arís i mbliana.
Seoladh an tionscnamh seo in 2024, le tacaíocht ón gCumann Camógaíochta agus Peil na mBan freisin, agus mheall sé go leor imreoirí ar fud na tíre. Agus an clár seo á eagrú arís i mbliana, is léir go bhfuil fonn ar scoth-lúthchleasaithe a gcuid Gaeilge a neartú agus go bhfuil níos mó aitheantais á thabhairt don ról lárnach atá ag an nGaeilge in Éirinn sa lá atá inniu ann.
De réir torthaí ó staidéar náisiúnta a rinne Gaelchultúr i gcomhar le Amárach Research le déanaí, tá aiféala ar 66% de dhaoine fásta nach bhfuil Gaeilge labhartha níos fearr acu agus dúirt beagnach trí cheathrú díobh (74%) gur mhaith leo feabhas a chur ar a gcumas sa teanga. Chomh maith leis sin, d’aontaigh 73% de na freagróirí go bhfuil an teanga riachtanach d’fhéiniúlacht náisiúnta na tíre agus chreid 70% acu go mbeadh cultúr na hÉireann ní ba bhoichte gan í.
Trí pháirt a ghlacadh sa chlár seo, freastalóidh na himreoirí idirchontae ar chúrsaí idirghníomhacha ar líne le Gaelchultúr le cur lena muinín an Ghaeilge a úsáid ina saol laethúil agus leis seo, beidh tionchar dearfach acu ar úsáid na teanga ina gclubanna, ina gcontaetha agus ina bpobail féin.
Agus é ag labhairt faoin scéim, dúirt Iarlaith Ó Broin, Uachtarán CLG:
‘Léiríonn an chomhpháirtíocht seo an nasc domhain agus buan atá idir ár gcluichí agus ár dteanga náisiúnta. Is léir ón mhóréileamh ar an chlár anuraidh go bhfuil fíorspéis i measc ár n-imreoirí sa Ghaeilge. Spreagann ár n-imreoirí daoine de gach aois, agus tríd an teanga a chothú ar an bhealach seo, léiríonn siad nach cuid dár n-oidhreacht amháin í an Ghaeilge, ach fórsa beo i saol spóirt agus pobail na tíre’.
Dúirt Tom Parsons, Príomhfheidhmeannach Chumann Imreoirí Gael (GPA):
‘Tá áthas orainn tógáil ar an rath a bhí ar an scéim seo d’imreoirí anuraidh agus ar an éileamh as cuimse a bhí air. Léirigh sé an fonn láidir atá ag ár mbaill ár dteanga dhúchais a fhoghlaim nó a n-ábaltacht sa teanga a fheabhsú nó a threisiú. Is iontach an rud é gur féidir linn an deis céanna a thabhairt do níos mó imreoirí idirchontae i mbliana.’
D’aontaigh Darren Ó Rodaigh, Príomhfheidhmeannach Ghaelchultúir le tuairimí Uí Bhroin:
‘Thaispeáin rath an chláir anuraidh go bhfuil éileamh láidir ann ar an nGaeilge i measc na n-imreoirí idirchontae. Ní ranganna amháin atá i gceist leis an scéim seo — spreagtar féiniúlacht, cultúr agus muintearas ar bhonn náisiúnta. Trí chumhacht a thabhairt d’imreoirí an Ghaeilge a úsáid go muiníneach, táimid ag tacú le ról na teanga a threisiú i sochaí laethúil na hÉireann.’
Is cúis mhór bhróid í an chomhpháirtíocht athnuaite seo do na heagraíochtaí ar fad atá bainteach léi, agus léiríonn sí an tiomantas comhroinnte atá acu an Ghaeilge a choinneáil i gcroílár fhéiniúlacht chultúrtha na hÉireann — ar an bpáirc, sa phobal agus do na glúnta atá le teacht.