Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

football

Ceithre churadh nua tar éis scléip an lae inné ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Foireann bhuacach Bhulf Tón tar éis a mbua ar an Tearmann i gCluiche Ceannais Sinsear Chomórtas Peile na Gaeltachta

Foireann bhuacach Bhulf Tón tar éis a mbua ar an Tearmann i gCluiche Ceannais Sinsear Chomórtas Peile na Gaeltachta

Le Jamie Ó Tuama

Comórtas Sinsear na bhFear – Bhulf Tón agus An Tearmann

Bhí sárchoimhlint againn i gCluiche Ceannais Chomórtas Sinsear na bhFear ag Comórtas Peile na Gaeltachta. Bhí an chosúlacht ar an scéal go mbeadh an bua ag an Tearmann nuair a chuaigh siad 11 cúilín chun tosaigh agus gan fágtha sa chluiche ach 11 nóiméad. Le leithéidí Adam Ó Néill, Tomás Ó Raghallaigh agus Oisín Ó Mairtín ag an stiúir d’fhoireann na Mí, áfach, ní raibh deireadh ráite ag Bhulf Tón.

Bhí an-tionchar ag an ngaoth ar an gcluiche agus thuig na foirne go maith go mbeadh orthu damáiste a dhéanamh ar chlár na scór nuair a bhí cóir na gaoithe leo. Sin é go díreach a rinne an Tearmann sa chéad leath agus chuaigh siad isteach chun tosaigh ag an mbriseadh ar scór 2-08 go dtí 0-06. Bhí an fear lár páirce Roibeárd Mag Eiteagáin iontach don Tearmann agus, níos minicí ná a mhalairt, d’éirigh leis an liathróid a bhuachan dá fhoireann ó na ciceanna amach.

In ainneoin na gaoithe láidre d’éirigh leis na Conallaigh an lámh in uachtar a fháil ar Bhulf Tón sa tríú ceathrú den chluiche seo. Nuair a d’éirigh le Caolán Mac an Bhaird agus Kyle Ó Móráin dhá scór dhá phointe a aimsiú i ndiaidh a chéile, áfach, d’athraigh an taoide agus chríochnaigh fir Bhaile Ghib an-láidir leis an mbua a fháil. Scór deiridh: Bhulf Tón 2-18 An Tearmann 3-12.

Comórtas Sóisear na bhFear – Clann na nGael agus Naomh Náille

Bhí slua mór bailithe isteach ag Páirc Rath Chairn le breathnú ar an bhfoireann baile, Clann na nGael, agus iad ag tabhairt aghaidhe ar Naomh Náille i gCluiche Ceannais Sóisear na bhFear. Ba iad muintir Ráth Chairn agus Átha Buí a bhí buacach agus d’éirigh leo an comórtas a thabhairt leo don chéad uair ó 1993 i leith. Tagann an bua mór seo sna sála ar bhua mór na mban ag Comórtas Peile na Gaeilge anuraidh i gCill na Martra i gCraobh Shóisear na mBan.

Ni raibh aon rud éasca ag Clann na nGael sa chluiche seo, mar sin féin, agus ní raibh ach an t-aon chúl amháin ag scaradh na bhfoirne ag an mbriseadh – 1-10 go dtí 0-10 i bhfabhar Chlann na nGael.

Bhí tionchar mór ag an ngaoth ar an gcluiche, áfach, agus d’éirigh le Clann na nGael an lámh in uachtar a fháil ar a gcéilí comhraic nuair a d’imir siad leis an ngaoth sa dara leath agus chríochnaigh siad go láidir. Choinnigh Ben Ó Corcra agus Tomás Ó Dúill ach go háirithe clár na scór ag bogadh don fhoireann baile. Scór deiridh: Clann na nGael 2-21 Naomh Náille 0-15.

Foireann Bhuacach Chomórtas Sinsear na mBan - Baile Chláir na Gaillimhe

Foireann Bhuacach Chomórtas Sinsear na mBan - Baile Chláir na Gaillimhe

Cluiche Ceannais Sinsear na mBan – Baile Chláir na Gaillimhe agus An Clochán Liath

Ba iad Baile Chláir na Gaillimhe agus An Clochán Liath, Dún na nGall, a d’imir in aghaidh a chéile i gCluiche Ceannais Sinsear na mBan. Bhí tionchar mór ag an ngaoth ar an gcluiche rud a d’fhág seaimpíní 2024, Baile Chláir, chun tosaigh go compordach ag an mbriseadh ar scór 4-03 go dtí 0-02. D’éirigh leis an gClochán Liath cruth níos fearr a chur ar chlár na scór sa dara leath, mar sin féin, agus chríochnaigh an cluiche ar scór 6-13 go dtí 4-06 i bhfabhar mhná na Gaillimhe.

Ba iad na himreoirí idirchontae de chuid na Gaillimhe Andrea Trill agus Cáit Ní Shléibhín is mó a sheas amach do Bhaile Chláir agus sheas Rianna Nic Riada agus Sophie Nic Suibhne amach don Chlochán Liath sa dara leath.

Cluiche Ceannais Sóisear na mBan - Naomh Columba agus Bhulf Tón

D’éirigh le Naomh Columba, Dún na nGall, an ceann is fearr a fháil ar Bhulf Tón na Mí i gCluiche Ceannais Sóisear na mBan. Na deirfiúracha Niamh agus Laura Ní Bhaoill is mó a sheas amach do na Conallaigh sa chluiche seo. Cé nach raibh ach cúig chúilín ag scaradh na bhfoirne ag leath ama bhí Naomh Columba i bhfad róláidir dá gcuid céilí comhraic sa dara leath agus chríochnaigh an cluiche ar scór 2-23 go dtí 0-08.

Cluiche Ceannais Idirmheánach na mBan – Gaeil Fhánada agus Naomh Anna Leitir Móir

Imríodh cluiche Ceannais Idirmheánach na mBan Dé Sathairn agus ba iad Gaeil Fhánada agus Naomh Anna Leitir Móir a thug aghaidh ar a chéile sa chluiche ceannais. D’éirigh le muintir Naomh Anna an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic sa cheann seo agus gan ach t-aon chúilín amháin ag scaradh na bhfoirne nuair a séideadh an fhead dheiridh. Scór deiridh: Naomh Anna Leitir Móir 0-07 Gaeil Fhánada 0-06.