Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Buaiteoirí Ghradaim Mhic Con Midhe 2025 fógartha

Bronnfar Gradaim Mhic Con Midhe ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn

Bronnfar Gradaim Mhic Con Midhe ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn

Tá na Gradaim Náisiúnta Chumarsáide agus Mheán seo de chuid CLG ainmnithe i ndiaidh Phádraig Mhic Con Midhe, iar-Uachtarán CLG agus iar-Chathaoirleach Choimisiún CLG (1969-1971) agus ball de chuid Údarás RTÉ.

Bronntar na gradaim seo go bliantúil mar aitheantas ar obair ar ardchaighdeán ó dhaoine aonair agus ó aonaid de chuid CLG i réimsí na cumarsáide, caidrimh phoiblí agus na hiriseoireachta.

Is iad seo a leanas buaiteoirí 2025:

An Foilseachán CLG is Fearr – John Kelly: “The GAA Covered”

An Foilseachán Club is Fearr – Buffers Alley GAA & Camogie Club: “Buffers Alley – A History’’

An Gradam Digiteach: CLG na Gaillimhe

An Grianghraf is Fearr: “The Tussle” by Seb Daly, Sportsfile

An Clár is Fearr: Clár Chluiche Ceannais Peile Chraobh Shinsear Peile an Chabháin

An Clár Raidió is Fearr Dírithe ar Chúrsaí CLG – Shannonside Radio: “Life Beyond Football” - presented by Darragh O’Connor

Gradam na Meán Cúige: Paul Fitzpatrick, The Anglo Celt - “Stars Toast Epic Victory - Kingscourt County Championship win in 2025”

Gradam na Meán Náisiúnta: Pat Nolan, The Irish Mirror - “Road Trip with Davy Fitzgerald”

Gradam na Gaeilge: Aniar TV - Clann na nGael – Comórtas Peile na Gaeltachta 2025

Gradam Saoil Mheáin Chumarsáide na gCluichí Gaelacha – Ger Canning, RTÉ