Bliots Phádraic Uí Chonaire le himirt sa Spidéal
Ó chlé; Tomás Ó Muircheartaigh, Pádraig Ó Conaire, Sarah Ní Chualáin, Cathal Cregg, An tIar-Aire Stáit Seán Kyne, Pat Culhane, Seosamh Mac Donncha agus Michael Maher le linn na #GAAgaeilge Go Games i bPáirc an Chrócaigh i 2019
Beidh an bliots mór deireadh bliana a eagraíonn Clár na gCluichí Gaelacha ar súil ar Pháirc an Athar Colm Mac Suibhne ar an Spidéal inniu, 21 Bealtaine.
Beidh foirne as formhór an 22 bunscoil atá luaite leis an gclár i mbun imeartha ansiúd i gcluichí a thosóidh go gairid tar éis 10.00am agus a leanfaidh ar aghaidh go ham-lóin.
Beidh Corn Phádraic Uí Chonaire, bunaitheoir na scéime, á bhronnadh don chéad uair ag a mhuintir mar chlabhsúr ar an ócáid. Ar ndóigh, chuaigh Pádraic ar shlí na fírinne le gairid agus is cúis áthais agus onóra ag Clár na gCluichí Gaelacha seo a bheith curtha ar fáil ina chuimhne.
Lá ollmhór an lá seo ag daltaí bunscoile Chonamara, Árann agus Thuar Mhic Éadaigh.
Faigh amach tuilleadh faoi Phádraic Ó Conaire agus an rian a d’fhág sé ar na cluichí Gaelacha i gConamara san alt seo a scríobh Mártan Ó Ciardha in ómós dó do tuairisc.ie tar éis a bháis.