Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Bí páirteach i nDúshláin na Sosanna Gluaiseachta trí Ghaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge

Bígí páirteach i gclár an Active School Flag do Sheachtain na Gaeilge 2026.

Is comhpháirtíocht an togra seo idir Active School Flag, Healthy Ireland agus Cumann Lúthchleas Gael, a thacaíonn le múinteoirí sosanna gluaiseachta gearra a thabhairt isteach sa seomra ranga ina ngnáthlá oibre.

Cuireann an togra seo sraith gearrfhíseán, ina bhfuil sosanna gluaiseachta iontu, ar fáil agus iad dírithe ar an seomra ranga. Rinneadh taifead ar na físeáin seo timpeall ar Pháirc an Chrócaigh agus tá siad ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge, dar ndóigh.

Ghlac níos mó ná 1,600 scoil agus os cionn 400,000 dalta páirt sa chéad cheithre seachtaine den dúshlán agus tá scoileanna eile á spreagadh le páirt a ghlacadh iontu sna seachtainí amach romhainn.

Is féidir le scoileanna ar mian leo tuilleadh eolais a fháil, nó ar mian leo clárú le páirt a ghlacadh sa dúshlán seo, amhlaidh a dhéanamh trí chliceáil ar na naisc seo thíos.

  • Tuilleadh Eolais ANSEO
  • Cláraigh do na dúshláin ANSEO
Seoladh 'Sosanna na Scoileanna Gníomhacha' i bPáirc an Chrócaigh i mí Eanáir

Seoladh 'Sosanna na Scoileanna Gníomhacha' i bPáirc an Chrócaigh i mí Eanáir