Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Bard na Páirce - ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Mhichíl Uí Mhuircheartaigh

Máistir i mbun a cheirde - Micheál Ó Muircheartaigh ag tráchtaireacht i bPáirc an Chrócaigh

Máistir i mbun a cheirde - Micheál Ó Muircheartaigh ag tráchtaireacht i bPáirc an Chrócaigh

Le Jamie Ó Tuama

Tá an fhéile litríochta Imram faoi lánseol agus leagfar béim ar shaol agus ar shaothar an scoth-thráchtaire, Micheál Ó Muircheartaigh, mar chuid den cheiliúradh i mbliana. Labhair mé le Majella Ní Chríocháin, duine de lucht eagraithe na féile, le tuilleadh eolais a fháil faoina bhfuil beartaithe agus le tuilleadh a fhoghlaim faoin bhféile litríochta seo.

‘Is dócha go gciallaíonn Imram cineál de thuras litríochta’, a mhíníonn Majella. ‘Is é Liam Carson a bhunaigh Imram thart ar fhiche bliain ó shin agus an sprioc a bhí aige ná daoine a mhealladh i dtreo litríocht na Gaeilge. Thug sé faoi deara nach raibh oiread agus aon fhéile litríochta amháin ag tarlú i mBaile Átha Cliath ag an am, rud atá cineáilín náireach nuair a chuimhníonn tú siar air.

‘Ach an cineál dearcaidh a bhí ag Liam ón tús ná gurbh é an bealach ab fhearr le daoine a mhealladh i dtreo litríocht na Gaeilge ná go mbeadh imeachtaí d’ardchaighdeán ann do na scríbhneoirí agus go mbeadh cúrsaí ceoil agus ealaíon fite fuaite sna hócáidí.

‘Is dócha ar bhealach gur sampla den chineál rud sin an ócáid a bheidheas á reáchtáil againn, Bard na Páirce, i gcuimhne ar Mhicheál Ó Muircheartaigh mar gheall go mbeidh filíocht ann, go mbeidh ceol ann agus go mbeidh físealaín ann.

‘Is cineál seó ilmheán a bheidheas ann rud a chiallaíonn, b’fhéidir, go mbeadh daoine ann nach mbeadh spéis acu i gcúrsaí litríochta agus nach mbeadh cur amach acu ar litríocht na Gaeilge. B’fhéidir daoine a bhfuil Gaeilge acu ach nach bhfuil mórán spéise acu i gcúrsaí litríochta i gcoitinne. Tá muid ag iarraidh i bhfad níos mó daoine a mhealladh i dtreo na litríochta ar an gcaoi seo.’

Beidh Bard na Páirce ar siúl in Amharclann Smock Alley Dé hAoine seo chugainn i mBaile Átha Cliath. Déanann Ní Chríocháin cur síos ar a bhfuil beartaithe acu le ceiliúradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Mhichíl Uí Mhuircheartaigh.

‘Mar a deir tú féin beidh sé seo ar siúl i Smock Alley ar leathuair tar éis a seacht Dé hAoine beag seo an t-aonú lá is fiche de mhí na Samhna.

‘Tháinig mé aníos leis an tionscadal seo mar le fada an lá thaitin Micheál go mór liom. Aon uair a luaimse ainm Mhichíl le haon duine, fiú amháin daoine nach bhfuil aon chur amach acu ar chúrsaí spóirt ‘is nach bhfuil aon spéis acu i gcúrsaí spóirt, tagann miongháire ar a n-éadan mar gheall gur thaitin sé chomh mór sin le daoine. Thug daoine isteach ina gcroí é.

‘Fear spóirt, dar ndóigh, fear mór spraoi, fear mór cultúrtha a bhí ann. Séard a rinne muid, ná, thug muid cuireadh d’fhilí agus do scríbhneoirí agus do cheoltóirí saothar nua a chumadh bunaithe ar na mothúcháin a bhí acu agus iad ag cuimhniú ar shaol agus ar shaothar Mhichíl Uí Mhuircheartaigh.

‘Mar shampla, duine de na filí sin is ea Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Tarlaíonn sé gur as Ciarraí di agus d’airigh sí gur chuid mhór dá saol ab ea Micheál agus an tráchtaireacht a rinne sé. Scríobh sí dán a bheidh á chur i láthair aici ar an oíche mar fhile agus luann sí obair Séamus Heaney sa chomhthéacs seo. Mar a deir sí féin, duine a bhí ann a bhí go mór i sícé an Éireannaigh, mar a bhí i Micheál.

‘Luann sí Homer chomh maith mar bhí cur amach ag Micheál ar dhinnseanchas agus ar thíreolaíocht na tíre, ar charachtairí agus ar laochra na tíre. Ba léir go raibh tionchar mór aige uirthi.

‘Labhrann sí, freisin, faoin uair a raibh sí ag an gcluiche ceannais nuair a bhí Ciarraí in éadan Mhaigh Eo i 2004 agus nuair a bhuaigh siad an corn. Labhair Dara Ó Cinnéide i nGaeilge amháin agus labhrann sí faoi cé chomh mór is a chuaigh sé sin i bhfeidhm uirthi agus go raibh deora ar a héadan. Ní raibh aithne phearsanta ag Ailbhe ar Mhicheál ach d’airigh sí go raibh sé lárnach ina saol.

Captaen buacach Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, tar éis dó Corn Shomhailre Mhig Uidhir a ardú do Chiarraí ar chéimeanna Ardán Uí Ógáin sa bhliain 2004

Captaen buacach Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, tar éis dó Corn Shomhailre Mhig Uidhir a ardú do Chiarraí ar chéimeanna Ardán Uí Ógáin sa bhliain 2004

‘Luaigh mé Dara Ó Cinnéide ansin agus duine eile a bheidheas linn ar ndóigh ná Dara. Bhí aithne phearsanta agus cara mór le Micheál a bhí i Dara. Tráchtaire spóirt agus iarimreoir é féin agus is éard atá aige féin ná cineál litir oscailte atá scríofa aige do Mhicheál. Luann sé cuid de na cuimhní cinn is mó atá aige ar Mhicheál. Luann sé, mar shampla, an t-am a ndearna siad oilithreacht suas ar Chnoc Bhréanainn le Corn Sam Maguire agus cúpla rud eile mar sin. Tá na píosaí sin go hálainn agus tá píosaí ceoil agus tráchtaireachta mar chuid de phíosa Dhara. Tá píosa físe leis sin, freisin.

‘Ansin tá Colm Mac Gearailt. Is aisteoir é Colm. Is Ciarraíoch óg é a raibh aithne dhifriúil aige air mar bhí Colm is dócha sách óg nuair a rinne Micheál a thráchtaireacht dheireanach i 2010. Fós féin, b’as an ceantar céanna dó agus deir sé aon uair a dtéann sé isteach i Siopa Garvey sa taobh sin tíre go gcuimhníonn sé ar Mhicheál agus ar G..A..A.. agus an rithim a bhain leis an gcaoi a ndeireadh sé rudaí mar sin. Tá dán cineál fada scríofa aige agus beidh Iarlaith Ó Muirthile á thionlacan le ceol.

‘Ansin, tá Alan Titley. Arís, ní raibh aithne phearsanta ag Alan air. Is scríbhneoir iontach é Alan, ar ndóigh, agus fear an-tráthúil agus ardspéis aige i gcúrsaí spóirt agus i gcúrsaí ealaíon. Tá cineál d’óid scríofa aige in ómós do Mhicheál.

‘D’iarr muid ar Cholm Ó Snodaigh as Kila, freisin, agus fear mór spóirt é. Tá roinnt ceoil, polcaí ‘is mar sin de, mar gheall go mbaineann sé, a deir Colm, leis an gcineál rithime agus meadarachta a bhí bainteach leis na gcaoi a mbíodh Micheál ag tráchtaireacht agus ag caint. Chuir sé cineál de pholcaí i gcuimhne dhó. Tá cúpla amhrán cumtha aige in ómós dó, freisin.

‘Tá thart ar chéad grianghraf a bhain le Micheál agus le cuid de na cluichí agus cuid de na himreoirí atá luaite sna dánta, freisin. Ócáid ilmheán a bheidheas ann agus tá muid ag súil mór leis.’

Táthar ann a déarfadh gur filíocht a bhí i dtráchtaireacht Uí Mhuircheartaigh agus go raibh bealach an-fhileata aige le cur síos a dhéanamh ar a raibh ag tarlú os a chomhair amach ar an bpáirc imeartha.

‘Bhuel, is dócha gurb ‘in é an fáth ar thug muid Bard na Páirce ar an tionscadal seo,’ a mhíníonn Majella. ‘Léigh mé an chéad bheathaisnéis a scríobh sé agus luann sé mar shampla an tréimhse a chaith sé i mBaile Bhuirne, áit a raibh sé i measc go leor filí agus ealaíontóirí. Ba léir go raibh an-mheas aige ar na laethanta sin agus bhí bealach iontach aige le foclaíocht é féin. Bhí glór álainn aige féin. Ba chosúil le bheith ag éisteacht le file ag rá dánta scaití agus é i mbun tráchtaireachta. Is dócha gurb é sin an fáth ar thug muid Bard na Páirce air seo.’

Beidh an ócáid ilmheán seo ar cheiliúradh Mhichíl Uí Mhuircheartaigh ar siúl oíche amárach, Dé hAoine, ar 7.30 in Amharclann Smock Alley mar chuid d’fhéile Imram. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin bhféile ag imram.ie