Babhta 3 de Shraitheanna Iomána Allianz
0-24 atá aimsithe ag Reuben Halloran go dtí seo sa tsraith do na Déisigh
Le Jamie Ó Tuama
Imreofar Babhta 3 de Shraitheanna Iomána Allianz an deireadh seachtaine seo. Is cinnte go mbeidh go leor le foghlaim ina dhiaidh go háirithe agus cuid de na fathaigh mhóra le haghaidh a thabhairt ar a chéile.
Roinn 1A
Cuirfear tús le scléip iomána dheireadh na seachtaine i Roinn 1A Dé Sathairn nuair thugann Tiobraid Árann cuairt ar Chorcaigh agus ar SuperValu Páirc Uí Chaoimh. Athimirt é seo ar Chluiche Ceannais na hÉireann dar ndóigh agus is cinnte go mbeidh an dá fhoireann ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar a gcéilí comhraic sa chluiche seo a imreofar os comhair slua mór millteach. Faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair tá an dá fhoireann ar bharr na sraithe le ceithre phointe.
Tá dhá chluiche mhóra eile amach romhainn i Roinn 1A Dé Domhnaigh nuair a thabharfaidh Port Láirge agus Uíbh Fhailí aghaidh ar a chéile i bPáirc an Bhreathnaigh Azzurri, agus nuair a thabharfaidh Luimneach agus Cill Chainnigh aghaidh ar a chéile i bPáirc na nGael TUS.
D’imir Port Láirge agus Uíbh Fhailí i gCluiche Ceannais 1B anuraidh nuair a d’éirigh leis na Déisigh an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic. Is cinnte go mbeidh Uíbh Fhailí ar thóir díoltais sa chluiche seo Dé Domhnaigh. Tá bua amháin ag na Déisigh tar éis dhá chluiche a imirt agus níl aon phointí sraithe ag Uíbh Fhailí fós tar éis dhá chluiche.
Imreoidh Luimneach in aghaidh Chill Chainnigh i bPáirc na nGael agus ba chóir go mbeadh cluiche den scoth ann go háirithe agus an dianiomaíocht atá le feiceáil idir na foirne le blianta beaga anuas. Faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair tá Luimneach ag fanacht ar a gcéad bhua – cé nach bhfuil ach an t-aon chluiche amháin imeartha acu go dtí seo. Níl ach cluiche amháin imeartha ag Cill Chainnigh, freisin, dar ndóigh. Fuair siad an ceann is fearr ar Uíbh Fhailí sa chluiche sin.
Roinn 1B
Cuirfear tús leis an aicsean i Roinn 1B Dé Sathairn nuair a thugann Loch Garman agus Ceatharlach aghaidh ar a chéile i Páirc Loch Garman Chadwicks. Dhá bhua ó dhá chluiche atá ag na Carmanaigh go dtí seo agus tá bua amháin ag Ceatharlach tar éis cluiche amháin a imirt.
I Roinn 1B Dé Domhnaigh tabharfaidh Cill Dara agus Aontroim aghaidh ar a chéile i bPáirc Naomh Connladh ar 2.00in agus tabharfaidh an Clár agus an Dún aghaidh ar a chéile i Zimmer Biomet Páirc Chíosóg.
Faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair tá ceithre phointe ag an gClár agus iad ar bharr na sraithe agus níl aon phointí sraithe ag an Dún fós. Tá Cill Dara agus Aontroim fós ag fanacht ar a gcéad phointí sraithe, freisin.
Roinn 2
I Roinn 2 an deireadh seachtaine seo tabharfaidh Ciarraí agus Londain agus Doire agus Maigh Eo aghaidh ar a chéile Dé Sathairn. Imreoidh an Iarmhí agus an Mhí in aghaidh a chéile Dé Domhnaigh.
Is iad Laois atá ag barr na sraithe faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair agus beidh Doire ag iarraidh a gcéad phointí sraithe a bhaint amach an deireadh seachtaine seo.
Roinn 3
I Roinn 3 de Shraitheanna Iomána Allianz, imreoidh Ard Mhacha agus Ros Comáin in aghaidh a chéile Dé Sathairn. Imreoidh Fear Manach agus Lú agus Tír Eoghain agus Cill Mhantáin in aghaidh a chéile Dé Domhnaigh. Tá Dún na nGall ag barr na sraithe le ceithre phointe. Tá Ard Mhacha agus Fear Manach fós ag fanacht ar a gcéad phointí sraithe.
Roinn 4
I Roinn 4 imreoidh Sligeach in aghaidh Lancaisír agus Muineachán in aghaidh an Longfoirt Dé Sathairn. Imreoidh Warwickshire in aghaidh Liatroma Dé Domhnaigh. Tar éis dhá bhabhta cluichí is iad Sligeach agus an Longfort atá ag barr na sraithe le ceithre phointe agus tá Lancaisír, Warwickshire agus Liatroim fós ar thóir a gcéad phointí sraithe.
Dé Sathairn 7 Feabhra
Sraitheanna Iomána Allianz
Roinn 1A
Corcaigh agus Tiobraid Árann, SuperValu Páirc Uí Chaoimh, 7.30in, RTÉ
Roinn 1B
Loch Garman agus Ceatharlach, Páirc Loch Garman Chadwicks 5.15in, TG4
Roinn 2
Ciarraí agus Londain, Páirc Aibhistín De Staic, 12.30in
Doire agus Maigh Eo, Páirc na gCeilteach, 1.00in
Roinn 3
Ard Mhacha agus Ros Comáin, An Pháirc Lúthchleasa BOX-IT, 2.30in
Roinn 4
Sligeach agus Lancaisír, Inis Crabhann, 1.00in
Muineachán agus An Longfort, An Clochán VBC, 2.00in
Dé Domhnaigh 8 Feabhra
Roinn 1A
Port Láirge agus Uíbh Fhailí, Páirc an Bhreathnaigh Azzurri, 1.45in, TG4
Luimneach agus Cill Chainnigh, Páirc na nGael TUS, 3.45in, TG4
Roinn 1B
Cill Dara agus Aontroim, Páirc Naomh Connladh 2.00in
An Clár agus an Dún, Zimmer Biomet Páirc Chíosóg, 1.30in
Roinn 2
An Iarmhí agus An Mhí, Páirc Uí Chíosóig TEG, 2.00pm
Roinn 3
Fear Manach agus Lú, Páirc Brewster, 2.00in
Tír Eoghain agus Cill Mhantáin, Garvagher, 2.00in
Roinn 4
Warwickshire agus Liatroim, Páirc na hÉireann, 1.00in