Babhta 2 de Shraitheanna Peile Allianz – súil chun cinn ar scléip dheireadh na seachtaine
Tabharfaidh Ciarraí agus Dún na nGall aghaidh a chéile i mBéal Átha Seanaidh Dé Domhnaigh
Le Jamie Ó Tuama
Tá muid faoi sheol i Sraitheanna Peile Allianz agus cheana féin aireoidh foirne áirithe brú orthu agus iad ag iarraidh a gcéad phointí sraithe a chlárú an deireadh seachtaine seo.
Roinn 1
Cuirfear tús leis an aicsean i Roinn 1 Dé Sathairn nuair a thabharfaidh Ard Mhacha agus Gaillimh aghaidh ar chéile i bPáirc Lúthchleasa BOX-IT ar 5.00in. Tá dhá phointe ag foireann Kieran McGeeney go dtí seo tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Mhuineachán an tseachtain seo caite agus tá foireann Pádraig Joyce fós ar thóir a gcéad phointí sraithe tar éis do Mhaigh Eo an ceann is fearr a fháil orthu.
I Roinn 1 Dé Domhnaigh, beidh athimirt againn ar Chluiche Ceannais na hÉireann nuair a thabharfas Dún na nGall agus Ciarraí aghaidh ar a chéile i mBéal Átha Seanaidh. Tá dhá phointe an taobh ag na foirne tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath agus ar Ros Comain i mBabhta 1 den tsraith.
Tabharfaidh Maigh Eo agus Áth Cliath aghaidh ar a chéile i bPáirc Mhic Éil Hastings Insurance ar 1.30in. Bhí tús buacach ag foireann Andy Moran nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Ghaillimh an tseachtain seo caite ach beidh foireann Ger Brennan ar a seacht ndícheall ag iarraidh stop a chur lena sodar agus a gcéad phointí sraithe a bhaint amach.
Tabharfaidh Ros Comáin agus Muineachán aghaidh ar a chéile sa chluiche eile i Roinn 1 i bPáirc de hÍde King & Moffatt ar 2.00in. Tá an dá fhoireann ar thóir a gcéad phointí sraithe Dé Domhnaigh.
Roinn 2
Maidir le cluichí Roinn 2, imreoidh Cill Dara agus Uíbh Fhailí in aghaidh a chéile i bPáirc Naomh Connladh Cedral ar 6.00in Dé Sathairn agus imreoidh Doire in aghaidh Thír Eoghain i bPáirc na gCeilteach ar 6.00in. Tá pointe amháin cláraithe ag Cill Dara agus ag Tír Eoghain go dtí seo tar éis dóibh críochnú ar comhscór an tseachtain seo caite agus tá Uíbh Fhailí agus Doire ar thóir a gcéad phointí sraithe.
Imreoidh Lú agus Corcaigh in aghaidh a chéile i nDroichead Átha Dé Domhnaigh ar 1.30in agus imreoidh an Cabhán in aghaidh na Mí i Páirc Bhreifne Kingspan ar 3.45. Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair tá dhá phointe sraithe ag Lú, an Mhí agus ag Corcaigh agus tá an Cabhán ar thóir a gcéad phointí sraithe.
Roinn 3
Tabharfaidh Luimneach agus an Dún agus Loch Garman agus Laois aghaidh ar a chéile i Roinn 3 Dé Sathairn. Imreoidh an Clár in aghaidh na hIarmhí agus imreoidh Sligeach in aghaidh Fhear Manach Dé Domhnaigh. Faoi mar a sheasann rudaí i Roinn 3 faoi láthair tá an Dún, Loch Garman agus An Iarmhí ag barr na sraithe le dhá phointe agus tá Sligeach, Fear Manach agus an Clár fós ar thóir a gcéad phointí sraithe.
Roinn 4
I Roinn 4 imreoidh Ceatharlach in aghaidh Chill Mhantáin Dé Sathairn agus imreoidh Liatroim in aghaidh Phort Láirge, An Longfort in aghaidh Londan agus Tiobraid Árann in aghaidh Aontroma Dé Domhnaigh. Tá dhá phointe an taobh ag Ceatharlach agus ag Cill Mhantáin tar éis cluichí Babhta 1 den tsraith agus iad ar bharr an tábla.
Dé Sathairn, 31 Eanáir
Roinn 1 de Shraitheanna Peile Allianz
Ard Mhacha agus Gaillimh, An Pháirc Lúthchleasa BOX-IT, 5in, RTÉ
**Roinn 2 de Shraitheanna Peile Allianz
**Cill Dara agus Uíbh Fhailí, Páirc Naomh Connladh Cedral, 6in
Doire agus Tír Eoghain, Páirc na gCeilteach, 6in, GAA+
**Roinn 3 de Shraitheanna Peile Allianz
**Luimneach agus An Dún, Páirc Mhichil Uí Nia, 2in
Loch Garman agus Laois, Páirc Loch Garman Chadwicks, 6in
**Roinn 4 de Shraitheanna Peile Allianz
**Ceatharlach agus Cill Mhantáin, Páirc Uí Chuilinn Netwatch, 6in
Dé Domhnaigh, 1 Feabhra
**Roinn 1 de Shraitheanna Peile Allianz
**Dún na nGall agus Ciarraí, Páirc an Athair Ó Tiarnaigh, Béal Átha Seanaidh, 1.30in, TG4
Maigh Eo agus Áth Cliath, Páirc Mhic Éil Hastings Insurance, 1.30in
Ros Comáin agus Muineachán, Páirc de hÍde King & Moffatt, 2in
**Roinn 2 de Shraitheanna Peile Allianz
**Lú agus Corcaigh, Droichead Átha, 1.30in
An Cabhán agus An Mhí, Páirc Bhreifne Kingspan, 3.45in, TG4
**Roinn 3 de Shraitheanna Peile Allianz
**An Clár agus An Iarmhí, Zimmer Biomet Páirc Chíosóg, 2in
Sligeach agus Fear Manach, Páirc Markievicz, 2in
**Roinn 4 de Shraitheanna Peile Allianz
**Liatroim agus Port Láirge, Páirc Seán Heartland Credit Union, 1in
An Longfort agus Londain, Páirc na bPiarsach Glennon Brothers, 1in
Tiobraid Árann agus Aontroim, Páirc Naomh Flannán, Muine Gall 2in