Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge
Dublin

Áth Cliath agus Ciarraí – cath mór na bhfathach

Tabharfaidh Áth Cliath agus Ciarraí aghaidh ar a chéile i gCluiche Leathcheannais Peile na hÉireann inniu

Tabharfaidh Áth Cliath agus Ciarraí aghaidh ar a chéile i gCluiche Leathcheannais Peile na hÉireann inniu

Le Jamie Ó Tuama

Tá an dara cluiche leathcheannais peile uile-Éireann buailte linn inniu. Cath mór na bhfathach – Áth Cliath agus Ciarraí – agus áit i gCluiche Ceannais Sinsear na hÉireann mar dhuais ag na buaiteoirí.

Bhí sárchluichí agus sár-chraobhchomórtais againn go dtí seo i mbliana. Féasta peile i ndiaidh féasta peile, seachtain i ndiaidh seachtaine. Scóranna dhá phointe, mórchoimhlintí lár páirce, spás ag tosaithe, torthaí gan choinne agus níl muid críochnaithe fós – ná baol air! Is cinnte go bhfuil sárchluiche eile amach romhainn inniu nuair a chasfaidh na seanchairde seo a chéile.

Ní haon strainséirí iad na foirne seo chuig Cluichí Leathcheannais na hÉireann, dar ndóigh, agus seo é an 15ú huair d’Áth Cliath an cluiche leathcheannais a bhaint amach ó 2010 i leith. Le linn an ama sin, d’éirigh lena gcéilí comhraic inniu, Ciarraí, na cluichí leathcheannais a bhaint amach gach bliain seachas 2010, 2012, 2018 agus 2020. Tá 70 Craobh Uile-Éireann ar fad buaite ag an dá fhoireann seo – 39 ag Ciarraí agus 31 ag Áth Cliath. Insíonn sé sin a scéal féin faoi na fathaigh mhóra seo!

Cé gur chaill Ciarraí an chéad chluiche a bhí acu i gCraobhchomórtas Peile na hÉireann in aghaidh Dhún na nGall i mbliana, d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Chill Dara (3-22 go dtí 0-17), ar Ard Mhacha (4-18 go dtí 0-17), agus ar Thír Eoghain (2-25 go dtí 0-27) ó shin i leith, le cluiche leathcheannais an lae inniu a bhaint amach. Roimhe sin, d’éirigh leo Craobh na Mumhan a bhuachan don 87ú huair nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chorcaigh sa chluiche ceannais.

Maidir le hÁth Cliath, chaill siad a gcéad chluiche i gCraobhchomórtas Peile na hÉireann in aghaidh Lú ar scór 4-18 go dtí 1-24. Ó shin i leith, áfach, bhuaigh siad ar an gCabhán (1-24 go dtí 0-16), ar Dhún na nGall tar éis am breise (2-26 go dtí 2-22) agus ar Ghaillimh (1-25 go dtí 1-21) le cluiche leathcheannais an lae inniu a bhaint amach. Roimhe sin, d’éirigh leo Cluiche Ceannais Laighean a bhaint amach cé gur éirigh

leis an Iarmhí an ceann is fearr a fháil orthu sa chluiche sin tar éis am breise.

Tá Con O’Callaghan ag Áth Cliath agus tá David Clifford ag Ciarraí. Bhí tionchar an-mhór ag an mbeirt sárimreoirí seo ar na cluichí sin thuas agus ar thurais a bhfoirne chuig an gcluiche leathcheannais seo inniu. 4-25 ar fad atá aimsithe ag O’Callaghan d’fhoireann Ger Brennan go dtí seo agus 5-39 atá aimsithe ag Clifford d’fhoireann Jack O’Connor.

Ní hé O’Callaghan amháin a bheidh ag cur imní ar Chiarraí inniu, mar sin féin. Is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh an chontúirt ó leithéidí Niall Scully, ó Chiarán Kilkenny agus ó Cholm Basquel, atá ag imirt go han-mhaith d’Áth Ciath faoi láthair, a mhaolú.

Ar an gcaoi chéanna, beidh Áth Cliath ag iarraidh teacht aníos le plean leis an gcontúirt ó leithéidí Gavin White, Dylan Geaney agus ó Phaudie Clifford i measc imreoirí eile a laghdú.

D’fhéadfadh sé tarlú go mbeidh an cluiche seo le buachan i lár na páirce inniu agus beidh sé suimiúil cén cineál tionchair a bheidh ag Mark O’Shea do Chiarraí agus ag Peadar Ó Cofaigh Byrne d’Áth Cliath ar an gcath lár páirce inniu. Dar ndóigh, tá sárpheileadóirí ag an dá fhoireann fud fad na páirce.

Neosfaidh an aimsir cé acu foireann a bhainfidh Cluiche Ceannais Peile na hÉireann amach inniu ach rud amháin atá cinnte ná go mbeidh idir scléip, spórt agus spraoi ar an bpáirc imeartha ag na foirne uaidh seo go ceann cúpla uair an chloig. Anois ná go brách...