Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Ár gCluichí, Ár Laochra – Seán O’Shea

Ambasadóir Gaeilge CLG, Seán O'Shea, i bPáirc an Chrócaigh níos túisce an mhí seo

Ambasadóir Gaeilge CLG, Seán O'Shea, i bPáirc an Chrócaigh níos túisce an mhí seo

Le Jamie Ó Tuama

Ceapadh Seán O’ Shea, duine de laochra móra peile ne tíre, ina Ambasadóir Gaeilge de chuid Chumann Lúthchleas Gael thiar i mí Feabhra. Mar chuid de na jabanna móra a thug muid dó le mí anuas, d’iarr muid air páirt a ghlacadh sa tsraith ‘Ár gCluichí, Ár Laochra’!

Ó d’imir Seán le Ciarraí don chéad uair thiar sa bhliain 2018, tá cúig cinn de Chraobhacha Mumhan, dhá cheann de Shraitheanna Náisiúnta agus Craobh amháin Uile-Éireann buaite aige. Bhí sé ina chaptaen ar Chiarraí nuair a bhuaigh siad an Chraobh Uile-Éireann sin i 2022 agus beidh cuimhne go deo ar an gcic saor buacach a d’aimsigh sé in aghaidh Átha Cliath i gcluiche leathcheannais na bliana sin. Beidh cuimhne chomh maith ar a óráid bhuacach tar éis dó Corn Shomhailre Mhig Uidhir a ardú – de bharr an méid Gaeilge a labhair sé i measc cúiseanna eile. Tá dhá Ghradam All-Star buaite ag Seán go dtí seo.

Seo mar a d’fhreagair Seán ár gcuid ceisteanna!

Ainm: Seán O’Sé

Aois: 25

Club: Na Seamróga An Neidín

Scannán is fearr leat: The Greatest Showman

Leabhar is fearr leat: Keith Earls Fight or Flight

Banna ceoil is fearr leat: Coldplay

An áit is fearr leat: Nua-Eabhrac

An bia is fearr leat: Píotsa

Clár teilifíse is fearr leat: Suits

An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Déaglán Ó Súilleabháin

Do chéad chuimhne CLG: Mo chéad cluiche peile nuair a bhí me ceithre bliana d’aois.

An chéad uair ag imirt le do chontae: In aghaidh Dhún na nGall i 2018

An t-imreoir is fearr le himirt leat: David Clifford

An t-imreoir is fearr le himirt i d’aghaidh: Lee Keegan

An cluiche is fearr a d’imir tú: Cluiche Ceannais na hÉireann 2022

Buaicphointe do shaoil imeartha leis an gcontae go dtí seo: Cluiche Ceannais na hÉireann 2022

Buaicphointe do shaoil imeartha leis an gclub go dtí seo: Cluiche Ceannais an Chontae Idirmheánach 2016

An duine a raibh an tionchar is mó aige nó aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Mo theaghlach.

Aon chomhairle agat d’imreoirí óga: Cleachtadh a dhéanann máistreacht!

Aon chaitheamh aimsire eile: Is aoibhinn liom a bheith ag imirt gailf nuair a bhíonn am saor agam.

Laoch spóirt taobh amuigh de CLG: Ronan O’Gara