Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Ár gCluichí, Ár Laochra #25 - Tricia Ní Chearra

Tricia Ní Chearra, Oifigeach Gaeilge CLG Uladh

Tricia Ní Chearra, Oifigeach Gaeilge CLG Uladh

Le Jamie Ó Tuama

San eagrán is deireanaí seo de Ár gCluichí, Ár Laochra, cuireann muid 20 ceist sciobthaí ar Tricia Ní Chearra. Is í Tricia Oifigeach Gaeilge CLG Uladh agus tá sí ag obair sa ról sin le hos cionn dhá bhliain anuas.

Tá Tricia ag obair ar shraith físeán dírithe ar Laochra Gael Uladh do Sheachtain na Gaeilge faoi láthair a bheidh le feiceáil go luath. Coinnigí súil amach, freisin, do phodchraoladh nua Tricia, ‘Bothántaíocht’, a chuireann sí ar fáil do CLG Uladh.

‘Tá an Ghaeilge ag croí gach rud a dhéanaim. Rinne mé cúrsa céime, máistreachta agus dochtúireachta sa Ghaeilge ar an Ollscoil, agus thit mé go hiomlán i ngrá le cúrsaí litríochta agus le teagasc na Gaeilge agus mé ann. Sílim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach an Ghaeilge a chur ar fáil don chéad ghlúin eile, agus deis a thabhairt dár ndaoine óga saol na Gaeilge a bhlaiseadh. Fuair mé féin an deis sin, agus d’athraigh sé mo shaol.’

(Tricia Ní Chearra, Oifigeach Gaeilge CLG Uladh, 7 Márta, 2021)

Seo mar a d’fhreagair Trica ár gcuid ceisteanna!

Ainm: Tricia Ní Chearra

Club: CLG Sheáin Uí Mháirtín, An Gleann

Contae: An Dún

Do ról i gCumann Lúthchleas Gael: Oifigeach Gaeilge CLG Uladh

An rud is fearr leat faoin ról?

An Ghaeilge a labhairt agus a chur chun cinn! Bíonn tú ag plé le daoine a bhfuil paisean acu don teanga agus don chumann. Is rud speisialta é sin.

An rud is dúshlánaí faoin ról?

Ag amanna áirithe den bhliain bíonn an taisteal trom, ach déarfainn gurb é an dúshlán is mó ná struchtúr CLG a úsáid chun an Ghaeilge a neartú ó leibhéal an chlub chuig Páirc an Chrócaigh.

An rud is fearr leat faoi Chumann Lúthchleas Gael?

An cairdeas, an obair dheonach agus an paisean – ní amháin don spórt ach don phobal agus don teanga.

An scannán is fearr leat?

The Sound of Music – níor mhaith liom drochfhocal a chluinstin fá Julie Andrews in am ar bith!

An leabhar is fearr atá léite agat?

Ní thiocfadh ceann amháin a roghnú, ach an ceann is fearr atá léite agam ar na mallaibh ná Untamed le Glennon Doyle. Mholfainn do dhuine ar bith é, na mná go háirithe!

An banna ceoil is fearr leat?

Deacair duine amháin a lua. Is í Taylor Swift an ceoltóir is fearr liom ar dhroim an domhain, ach más ag caint ar bhanna ceoil atáimid: Fleetwood Mac nó Bob Seger & The Silver Bullet Band.

An áit is fearr leat?

Teileann, Co. Thír Chonaill. Áit a bhfuil mo chroí.

An bia is fearr leat?

Cáis feta nó houmous.

Clár teilifíse is fearr leat?

The Big Bang Theory.

An chéad chuimhne CLG atá agat:

Ag imirt peile ag club óige i mo chlub féin.

Do laoch CLG nuair a bhí tú óg:

Is dócha gurb iad na daoine ó mo chlub féin, ag imirt spóirt agus mé óg, a bhí mar eiseamláir agam ar shaol CLG.

An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol go dtí seo:

Muintir Theilinn, a theagasc an Ghaeilge dom, nó an tOllamh Fionntán de Brún a spreag grá na litríochta ionam.

Aon chomhairle agat do chlubanna atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn i measc a gcuid ball?

Déan í a normalú! Bíodh an Ghaeilge ar na meáin shóisialta agaibh, sa chomhfhreagras, taobh istigh den chlubtheach féin. Déan í feiceálach, eascraíonn rudaí iontacha as an phróiseas sin.

Aon chaitheamh aimsire eile?

Dúil bhocht agam sa léitheoireacht agus sa litríocht Ghaeilge, rothaíocht i rith an tsamhraidh – níl am ar bith agam don drochaimsir ar rothar! Is dócha gurb é an taisteal an caitheamh aimsire is fearr liom, turas bóthair i dtír eile agus veain champála curtha in áirithe go ceann míosa.

Laoch spóirt taobh amuigh de CLG?

Furasta – Simone Biles! Ní amháin don chumas spóirt atá inti, ach ó tharla a crógacht agus í ag labhairt amach faoi chothromaíocht inscne san earnáil.

Gluais / Glossary

sraith físeán – series of videos

dírithe – directed at

podchraoladh – podcast

Bothántaíocht – vistiting someone for a catch up!

céim – degree

máistreacht – masters

dochtúireacht – doctorate

an chéad ghlúin eile – the next generation

a neartú – strengthen

cairdeas – friendship

obair dheonach – voluntary work

ar na mallaibh – lately

ar dhroim an domhain – on the face of the earth

eiseamláir – example

eascraíonn – arises

dúil bhocht - really enjoys

crógacht – bravery

cothromaíocht – equality

earnáil – sector