Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Feature
Cork

Ár gCluichí, Ár Laochra #23 – Tadhg Corkery

Seilbh na liathróide ag Tadhg Corkery in aghaidh Uíbh Fhailí i Sráith Náisiúnta Allianz i 2020

Seilbh na liathróide ag Tadhg Corkery in aghaidh Uíbh Fhailí i Sráith Náisiúnta Allianz i 2020

Le Jamie Ó Tuama

As Cill na Marta i lár Ghaeltacht Mhúscraí an chéad laoch eile atá againn sa tsraith ‘Ár gCluichí, Ár Laochra’. Chuir muid 20 ceist sciobthaí ar ghaiscíoch óg Chorcaí, Tadhg Ó Corcora, anseo.

Thosaigh Tadhg ag imirt le foireann shinsir Chorcaí i 2019. Ó shin i leith tá sé tar éis dul i bhfeidhm go mór ar bhainistíocht Chorcaí agus é ag daingniú a áite ar fhoireann tosaithe a chontae mar leathchúlaí ar dheis. Bhuaigh sé Craobh Idirmheánach an Chontae lena chlub, Cill na Martra, sa bhliain 2018 agus bhuaigh sé Roinn 3 de Shraith Peile Allianz le Corcaigh anuraidh.

‘Tá tábhacht ollmhór ag an nGaeilge i mo shaol. Táim ag iarraidh bheith i mo mhúinteoir corpoideachais agus Gaeilge agus mar sin bím ag labhairt agus ag léamh na teanga go minic. Chomh maith leis sin, is as ceantar Gaeltachta mé, Gaeltacht Mhúscraí i gcontae Chorcaí, agus mar sin is í an phríomhtheanga atá againn i m’áit chónaithe.’

Tadhg Ó Corcora, Feabhra 2021

Seo mar a d’fhreagair Tadhg ár gcuid ceisteanna!

Ainm: Tadhg Ó Corcora

Aois: 22

Club: Cill na Martra

Contae: Corcaigh

**An scannán is fearr leat? “**Warrior” nó “The Shawshank Redemption”

An banna ceoil is fearr leat? Kings of Leon

An bia is fearr leat? Burrito

Clár teilifíse is fearr leat? Peaky Blinders nó Planet Earth

An t-imreoir ab fhearr leat nuair a bhí tú óg: Nollaig Ó Laoire nó Tomás Ó Sé

An chéad chuimhne CLG atá agat: Ag imirt ar scoil nuair a bhíos sna naíonáin mhóra

An chéad uair ar imir tú le do chontae: Primary Games i gCill Airne i 2011

An t-imreoir is fearr le himirt leat: Ian Maguire nó Dano Dinneen

An t-imreoir is fearr le himirt i do aghaidh: David Clifford

An cluiche is fearr a d’imir tú riamh: Ciarraí 2020

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chontae go dtí seo: Ag sroichint Chraobh na Mumhan i 2020

Buaicphointe do shaoil imeartha le do chlub go dtí seo: Ag buachaint Chraobh an Chontae i 2018 nó ag sroichint Chraobh Roinn a haon den tsraith i 2019

An duine is mó a raibh tionchar aige/aici ar do shaol imeartha go dtí seo: Traenálaí sa chlub agus mo thuismitheoirí, Ian agus Martina

Aon chomhairle agat d’imreoirí óga? Ní féidir obair chrua a shárú

Aon chaitheamh aimsire eile? Ag féachaint ar scannán nó ag léamh

Laoch spóirt agat taobh amuigh de CLG? Paul O Connell

Gluais / Glossary

gaiscíoch – warrior dul i bhfeidhm – influence bainistíocht – management daingniú – consolidate tábhacht ollmhór – huge importance múinteoir corpoideachais – P.E. teacherceantar Gaeltacht – Gaeltacht areapríomhtheanga – main languagei m’áit chónaithe – where I live    scannán – movie/film