Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Na sonraí don tarraingt do Bhabhtaí 2A agus 2B de Chraobhchomórtas Chorn Tailteann

Ryan Magill ón Dún agus Ryan O'Rourke ó Liatroim ag seoladh Chraobhchomórtas Chorn Tailteann i bPáirc an Chrócaigh le gairid

Ryan Magill ón Dún agus Ryan O'Rourke ó Liatroim ag seoladh Chraobhchomórtas Chorn Tailteann i bPáirc an Chrócaigh le gairid

Déanfar an tarraingt do Bhabhtaí 2A agus 2B de Chraobhchomórtas Chorn Tailteann inniu, 11 Bealtaine, mar chuid den irischlár, The View, a bheidh ag tosú ar 1.00in ar GAA+.

Is féidir breathnú ar an tarraingt beo agus in aisce ar stáisiún YouTube GAA+ agus ar ardáin chumarsáide oifigiúla Chumann Lúthchleas Gael (https://www.youtube.com/@gaaplusofficial1).

Beidh na hocht mbuaiteoirí ó Bhabhta 1 sa tarraingt do Bhabhta 2A. Imreoidh na cluichí i bpáirc baile an chéad fhoireann a phioctar amach as an bpota.

Seo a leanas na foirne uilig a bheidh sa tarraingt do Bhabhta 2A: Uíbh Fhailí, Loch Garman, Tiobraid Árann, Aontroim, Laois, Londain, Fear Manach, an buaiteoir idir an Dún agus Liatroim.

Beidh na hocht bhfoirne a chaill a gcluiche i mBabhta 1 sa phota do Bhabhta 2B agus, arís eile, imreoidh na cluichí i bpáirc baile an chéad fhoireann a phioctar amach as an bpota.

Seo a leanas na foirne uilig a bheidh sa tarraingt do Bhabhta 2B: An Clár, Luimneach, Sligeach, Ceatharlach, Cill Mhantáin, Port Láirge, An Longfort, an fhoireann a chailleann sa chluiche idir an Dún agus Liatroim.

Tá an dá tharraingt oscailte, rud a chiallaíonn gur féidir le foirne a d’imir in aghaidh a chéile cheana sna craobhchomórtais chúige imirt in aghaidh a chéile arís.

Beidh na cluichí seo i mBabhta 2A agus 2B le himirt idir 23 agus 24 Bealtaine.