Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

An t-ardán réitithe le haghaidh Chluichí Ceannais Shraitheanna Allianz

Beidh seans ag Brendan McCole agus David Clifford aithne níos fearr a chur ar a chéile Dé Domhnaigh i gCluiche Ceannais Roinn 1 de Shraitheanna Peile Allianz

Beidh seans ag Brendan McCole agus David Clifford aithne níos fearr a chur ar a chéile Dé Domhnaigh i gCluiche Ceannais Roinn 1 de Shraitheanna Peile Allianz

Le Jamie Ó Tuama

Tar éis scléip mhór dheireadh na seachtaine seo caite, tá an t-ardán réitithe le haghaidh Chluichí Ceannais Shraitheanna Peile agus Iomána Allianz.

I gCluiche Ceannais Roinn 1 den tsraith, tabharfaidh Ciarraí agus Dún na nGall aghaidh ar a chéile Dé Domhnaigh seo chugainn i bPáirc an Chrócaigh. Cuirfear go leor suime sa chluiche seo de bharr gur athimirt é ar Chluiche Ceannais Peile na hÉireann 2025 nuair a d’éirigh leis na Ciarraígh an ceann is fearr a fháil ar na Conallaigh. Chríochnaigh Dún na nGall ar bharr an tábla le 11 pointe ar fad ag bhí Ciarraí sna sála orthu le deich bpointe.

I gCluiche Ceannais Roinn 2, an lá céanna, tabharfaidh an Mhí agus Corcaigh aghaidh ar a chéile tar éis don dá fhoireann críochnú le 12 pointe – sé bhua as seacht gcluiche. D’éirigh le Corcaigh an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic níos luaithe sa tsraith agus is cinnte go mbeidh an Mhí ar thóir díoltais sa chluiche ceannais seo.

I Roinn 3, tabharfaidh an Dún agus Loch Garman aghaidh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn. Chríochnaigh an Dún ar bharr an tábla le 12 pointe agus bhí na Carmanaigh sna sála orthu le deich bpointe.

I Roinn 4, is iad Ceatharlach agus an Longfort a thabharfaidh aghaidh ar a chéile. Chríochnaigh Ceatharlach ar bharr an tábla le deich bpointe agus chríochnaigh a gcéilí comhraic le naoi bpointe.

Maidir le Cluiche Ceannais Roinn 2 de Shraitheanna Iomána Allianz, tabharfaidh Laois agus Ciarraí aghaidh ar a chéile i bPáirc Uí Mhórdha Laois Hire Dé Sathairn seo chugainn. Tabharfaidh Cill Mhantáin agus Dún na nGall aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Roinn 3 i bPáirc Echelon, Eachroim, an lá céanna agus imreoidh Sligeach in aghaidh an Longfoirt i gCluiche Ceannais Roinn 4 i bPáirc Markievicz, Sligeach.

Ba iad Laois a chríochnaigh ar bharr an tábla i Roinn 2 le 12 pointe ar fad. Chríochnaigh Dún na nGall agus Cill Mhantáin ar bharr Roinn 3 le deich bpointe an taobh agus chríochnaigh Sligeach ar bharr Roinn 4.

Imreofar Cluichí Ceannais Roinn 1A, Luimneach agus Corcaigh, agus Roinn 1B, An Clár agus Áth Cliath, de Shraitheanna Iomána Allianz an tseachtain dar gcionn, Dé Domhnaigh, 5 Aibreán, i bPáirc na nGael TUS, Luimneach.

Fágann sé sin muid le féasta mór iomána agus peile amach romhainn an tseachtain seo chugainn.

Cluichí Ceannais Shraitheanna Peile Allianz

Roinn 1

Ciarraí agus Dún na nGall, Dé Domhnaigh, Páirc an Chrócaigh, 16.00, TG4

Roinn 2

An Mhí agus Corcaigh, Dé Domhnaigh, Páirc an Chrócaigh, 13.45, TG4

Roinn 3

An Dún agus Loch Garman, Dé Sathairn, Páirc an Chrócaigh, 19.15, TG4

Roinn 4

An Longfort agus Ceatharlach, Dé Sathairn, Páirc an Chrócaigh, 17.00, TG4

Cluichí Ceannais Shraitheanna Iomána Allianz

Roinn 2

Laois agus Ciarraí, Dé Sathairn, Páirc Uí Mhórdha Laois Hire, 14.00, Spórt TG4 YouTube

Roinn 3

Cill Mhantáin agus Dún na nGall, Dé Sathairn, Páirc Echelon Eachroim, 14.00

Roinn 4

Sligeach agus an Longfort, Dé Sathairn, Páirc Markievicz, 14.00