Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

An stáitse réidh le haghaidh Bhabhtaí Ceannais Scór Sinsear 2026

Hugo Slevin ó Chumann Naomh Seosamh, An Iarmhí, a bhuaigh an comórtas aithriseoireachta -scéalaíochta ag Babhtaí Ceannais Scór Sinsear na hÉireann 2025 i gCaisleán an Bharraigh anuraidh

Hugo Slevin ó Chumann Naomh Seosamh, An Iarmhí, a bhuaigh an comórtas aithriseoireachta -scéalaíochta ag Babhtaí Ceannais Scór Sinsear na hÉireann 2025 i gCaisleán an Bharraigh anuraidh

Le Jamie Ó Tuama

Tá na foirne deimhnithe do Bhabhtaí Ceannais Scór Sinsear 2026 a bheidh ar siúl in Amharclann an TF, Caisleán an Bharraigh, Dé Sathairn 25 Aibreán. Tá féasta mór amhránaíochta, damhsa, ceoil agus siamsaíochta rompu siúd a bheidh i láthair ar an lá.

Déanfar ionadaíocht ar 36 club ar fad ó 22 contae ag babhtaí ceannais na bliana seo – naoi gclub as gach cúige.

Tá ticéid ar fáil le haghaidh Bhabhtaí Ceannais Scor Sinsear na hÉireann ANSEO

Le haghaidh tuilleadh eolais agus uasdátaithe maidir le Scór tabhair cuairt ar leathanach FB Scór ag GAA Scór Oifigiúil nó ar ardáin oifigiúla chumarsáide Chumann Lúthchleas Gael.

Tá na hiomaitheoirí seo a leanas deimhnithe do Bhabhtaí Ceannais Scór Sinsear 2026:

Rince Foirne

Connachta – Naomh Muire, Liatroim

Laighin – Biorra, Uíbh Fhailí

An Mhumhain – Craobh Chomhartha – Mainistir, Luimneach

Ulaidh – Naomh Muire, Achadh Gallán, Aontroim

Amhránaíocht Aonair

Connachta – Oisín Ó Domhnaill, Cill Ala, Maigh Eo

Laighin – Gráinne Ní Dhomhnaill, Na Dúnta, An Iarmhí

An Mhumhain – Sibéal Ní Mhórdha, Raonaithe Cairbre, Corcaigh

Ulaidh – Eimhear Ní Mhaolchallainn, Naomh Maolmhaodhóg, An Seanmhullach

Aithriseoireacht / Scéalaíocht

Connachta – Ethan Mac Né, Acaill, Maigh Eo

Laighin – Breandán Mac Gabhann, Clann na nGael, An Mhí

An Mhumhain – Nollaig Seoighe, S.C. Ó Breacháin, Tiobraid Árann

Ulaidh – Seosamh Mac Maghnuis, Droim Leathan, An Cabhán

Bailéad-Ghrúpa

Connachta – Naomh Micheál, Ros Comáin

Laighin – Na Seamróga, Uíbh Fhailí

An Mhumhain – Raonaithe Chairbre, Corcaigh

Ulaidh – Naomh Pádraig, Carraig an Chropáin, Ard Mhacha

Nuachleas

Connachta – Naomh Doiminic, Ros Comáin

Laighin – Carn Nua, Cill Mhantáin

An Mhumhain – Naomh Séamus, Corcaigh

Ulaidh – Achadh Gallán, Aontroim

Ceol Uirlise

Connachta – Cora Finne, Gaillimh

Laighin – Baile an Bhiataigh-An Bhanbh, Loch Garman

An Mhumhain – S.C. Ó Breacháin, Tiobraid Árann

Ulaidh – Ard Bó, Tír Eoghain

Rince Seit

Connachta – Cora Finne, Gaillimh

Laighin – Na Dúnta, An Iarmhí

An Mhumhain – Cill Mhuire Uí Bhreacháin, An Clár

Ulaidh – CLG Ghleann an Iolair, Doire

Tráth na gCeist

Connachta – Barr na Cúile, Liatroim, Ail Finn, Ros Comáin, Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh, Maigh Eo

Laighin – Éadan Doire, Uíbh Fhailí, Cloch na Rince, Cill Dara, Seamróga an Mhuilinn Chearr, An Iarmhí,

An Mhumhain – Sráid an Mhuilinn, Corcaigh, Lios an Phúca, Ciarraí, An Mhaighean Teampall Tuaithe, Tiobraid Árann

Ulaidh – Corr na Féinne, An Cabhán, Naomh Columba, Dún na nGall, An Bhréadach, An Dún