An stáitse réidh do Chluichí Ceannais Iomána agus Peile na hÉireann
Dessie Hutchinson ó Bhaile Mhic Gunnair i mbun a cheirde
Le Jamie Ó Tuama
Tar éis scléip na seachtaine seo caite sna cluichí ceannais idirmheánacha agus sóisear, tá muid fágtha inniu le plúr na gclubanna i gcluichí ceannais na sinsear i bPáirc an Chrócaigh inniu. Caitear súil siar anseo ar aistir na gclubanna chuig na cluichí ceannais agus tugtar sracfhéachaint ar stair na gclubanna seo sna cluichí ceannais féin.
Baile Mhic Gunnair agus Baile Locha Riach
Bhain curaidh Phort Láirge agus na Mumhan, Baile Mhic Gunnair, cluiche ceannais an lae inniu amach a bhuíochas le buanna ar na Piarsaigh, ar na Sáirséalaigh agus ar Éire Óg i gCraobh na Mumhan agus ar Naomh Máirtín i gCluiche Leathcheannais na hÉireann.
Maidir le Baile Locha Riach, ní raibh ach an t-aon chúilín amháin le spáráil acu nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Naomh Tomás i gCluiche Ceannais na Gaillimhe agus d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Shleacht Néill i gCluiche Leathcheannais na hÉireann.
Dar ndóigh, ní strainséirí ar bith iad Baile Mhic Gunnair ná Baile Locha Riach chuig Cluiche Ceannais na hÉireann. Is é seo an chéad uair le 19 bliain do Bhaile Locha Riach a bheith ann ach, faraor, ba mar thánaistigh a bhí siad an bhliain sin i 2007 nuair a fuair Seamróga Baile Héil an ceann is fearr orthu. Is cinnte go beidh siad ag iarraidh gabháil céim níos faide inniu. Maidir le Baile Mhic Gunnair, bhuaigh siad Craobh na hÉireann sa bhliain 2022.
Daingean Uí Chúis agus Naomh Bríd
Le Cluiche Ceannais an lae inniu a bhaint amach, d’éirigh le foireann Chorca Dhuibhne an ceann is fearr a fháil ar Mhungairit Naomh Pól agus ar Chumann Barra Naofa i gCraobh na Mumhan agus thóg sé am breise orthu an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Buadáin Naomh Éanna i gCluiche Leathcheannais na hÉireann.
Maidir le Naomh Bríd, bhí buanna acu ar Stiofánaigh Bhéal an Átha agus ar Mhaigh Cuilinn i gCraobh Chonnacht agus bhí ceithre chúilín le spáráil acu ar an mBoth i gCluiche Leathcheannais na hÉireann leis an gcluiche ceannais a bhaint amach.
Seo an chéad uair do Dhaingean Uí Chúis Cluiche Ceannais na hÉireann a bhaint amach. Dar ndóigh, bhuaigh Naomh Bríd an comórtas seo thiar sa bhliain 2013 agus bhí siad mar thánaistigh sna blianta 2011 agus 2024.
Tá an obair mhór déanta. Tá na céadta seisiún traenála curtha díobh ag na foirne. Tá na socruithe deireanacha déanta, na pleananna agus na teaicticí pléite agus athphléite. Inniu lá na cinniúna. Cá bhfios cé a thabharfas leo Coirn Andy Merrigan agus Tommy Moore inniu. Anois ná go brách do na foirne…
Nuair a bhaineann sé leis an gclub, maireann sé go deo.