Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

An nuacht uilig ó lá 2 ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2026

Caolán Mac an Bhaird, Bhulf Tón, agus Conor Ó Cuirrín, An Rinn, ag seoladh Chomórtas Peile na Gaeltachta 2026 le gairid

Caolán Mac an Bhaird, Bhulf Tón, agus Conor Ó Cuirrín, An Rinn, ag seoladh Chomórtas Peile na Gaeltachta 2026 le gairid

Le Jamie Ó Tuama

Cuireadh tús leis an dara lá ag Comórtas Peile na Gaeltachta maidin inniu nuair a thug Carna Caiseal, Gaillimh, aghaidh ar Chlann na nGael, an Mhí, i nGleann Cholmcille i gCraobh Shóisear na mBan. Bhí na foirne gob ar ghob don chéad cheathracha nóiméad nó mar sin ach d’éirigh le Clann na nGael gabháil sé chúilín chun tosaigh leathbhealach tríd an dara leath nuair a d’aimsigh Holly Ní Dhabhtaigh an dara cúl d’fhoireann Ráth Chairn.

Ní raibh port Charna Caiseal casta, mar sin féin, agus nuair a d’aimsigh Nóra Threasa Ní Allmhúráin cúl dóibh go gairid ina dhiaidh sin ní raibh ach trí chúilín ag scaradh na bhfoirne. Is mar sin a chríochnaigh an cluiche, áfach, agus is iad Clann na nGael a bheidh ag gabháil ar aghaidh go dtí na cluichí leathcheannais amárach. An scór deiridh: 2-06 go dtí 2-03.

D’éirigh le Cill Chartha na ceann is fearr a fháil ar Na Gaeil Óga sa chluiche eile a imríodh i gCraobh Shóisear na mBan inniu.

Craobh Shinsear na bhFear

Bhulf Tón agus An Rinn

D’imir Bhulf Tón na Mí in aghaidh An Rinn ó Phort Láirge i gCill Chartha i gCraobh Shinsear na bhFear. Bhí tús spleodrach ag foireann na Mí, rud a d’fhág muintir na Rinne faoi bhrú mór ón tús. Bhí Bhulf Tón chun tosaigh ar scór 0-09 go dtí 0-02 leathbhealach tríd an chéad leath.

Cé gur éirigh leis an Rinn dhá scór dhá phointe a aimsiú roimh leath ama ó Oisín Ó Ceallaigh agus ó Chonaire Ó Síothcháin, d’éirigh le Bhulf Tón sé chúilín dá gcuid féin a aimsiú le foireann na Mí a chur seacht gcúilín chun tosaigh ag an mbriseadh.

Bhí an ghaoth le seolta Bhulf Tón sa dara leath agus choinnigh siad clár na scór ag bogadh. 1-06 ar fad a d’aimsigh Caolán Mac an Bharid do Bhulf Tón agus d’aimsigh Kyle Ó Mórain 0-06 dóibh, freisin. D’aimsigh Oisín Ó Ceallaigh 1-05 don Rinn. Scór deiridh: 1-25 go dtí 1-10.

Naomh Abán agus Cumann Caide na Gaeltachta

Thug Seaimpíní Idirmheánacha na hÉireann, Cumann Caide na Gaeltachta, aghaidh ar Naomh Abán, Corcaigh, i gCraobhchomórtas Sinsear na bhFear i gCill Chartha. Cé go raibh na foirne gob ar ghob don chuid is mó den chéad leath, chríochnaigh Naomh Abán an leath go láidir agus d’aimsigh siad cúl agus cúilín i nóiméid dheireanacha na leithe le foireann Chorcaí a chur chun tosaigh. Dónal Ó Ceallaigh a fuair an cúl do Naomh Abán. Scór leath ama: 1-07 go dtí 0-07

Bhí tús maith ag Naomh Abán leis an dara leath agus taobh istigh de chúig nóiméad bhí siad chun tosaigh le seacht gcúilín a bhuíochas le cúl ó Dhara Ó Laoire. 1-04 ar fad a d’aimsigh Ó Laoire sa dara leath, rud a chuir na Corcaígh trí chuig na cluichí leathcheannais. Chríochnaigh an cluiche ar scór 2-13 go dtí 0-12.

Sa chluiche eile a imríodh i gCraobh Shinsear na bhFear, d’éirigh le Gaoth Dobhair an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Cuilinn.

I gComórtas Sóisear na bhFear, bhí buanna ag Naomh Pádraig, An Fhairche ar Chlann na nGael (tar éis am breise), ag Na Gaeil Óga ar an Seanphobal, ag Tuar Mhic Éadaigh ar Laochra Loch Lao agus ag Gaeil Fhánada ar Lios Póil.

Leanfar ar aghaidh leis an aicsean amárach.

Torthaí agus sceideal na gcluichí ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2026

Comórtas Sóisear na bhFear

Cluichí Ceathrú Ceannais

Naomh Pádraig An Fhairche 2-19 Clann na nGael 4-12

Na Gaeil Óga 3-22 An Seanphobal 0-02

Tuar Mhic Éadaigh 2-19 Laochra Loch Lao 0-07

Gaeil Fhánada 1-15 Lios Póil 0-15

Cluichí Leathcheannais

Tuar Mhic Éadaigh (Maigh Eo) agus Na Gaeil Óga (Áth Cliath)

Naomh Pádraig An Fhairche (Gaillimh) agus Gaeil Fhánada (Dún na nGall)

Comórtas Sóisear na mBan

Cluichí Ceathrú Ceannais

Cill Chartha 9-17 Na Gaeil Óga 2-04

Clann na nGael 2-06 Carna Caiseal 2-03

Cluichí Leathcheannais

Cill Chartha (Dún na nGall) agus Laochra Loch Lao (Aontroim)

Clann na nGael (An Mhí) agus Tuar Mhic Éadaigh (Maigh Eo)

Comórtas Idirmheánach na mBan

Cluiche Ceannais

Naomh Columba (Dún na nGall) agus Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh)

Comórtas Sinsear na mBan

Cluiche Ceannais

Baile Chláir na Gaillimhe (Gaillimh) agus An Tearmann (Dún na nGall)

Comórtas Sinsear na bhFear

Réamhbhabhta

A Gaoth Dobhair 1-16 agus Cill tSéadhna 0-08

Cluichí Ceathrú Ceannais

Naomh Abán 2-13 Cumann Caide na Gaeltachta 0-12

Bhulf Tón 1-25 An Rinn 1-10

Gaoth Dobhair 4-17 Maigh Cuilinn 2-14

Cluichí Leathcheannais

Naomh Abán (Corcaigh) agus Bhulf Tón (An Mhí)

Gaoth Dobhair (Dún na nGall) agus Cill Chartha (Dún na nGall)