Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

An cultúr agus an Ghaeilge i lár an aonaigh i mBaile Átha Cliath mar chuid de Scór na nÓg 2026

Scór Átha Cliath

Scór Átha Cliath

Tuairisc ó Choiste Scór Átha Cliath ar Bhabhtaí Ceannais an Chontae a bhí ar siúl seachtain, 17 Deireadh Fómhair.

Thosaigh imeachtaí na seachtaine oíche Déardaoin i gCumann an Chloigthí, Cluain Dolcáin le Thráth na gCeisteanna. Tháinig clubanna an chontae ina sluaite agus bhí an-oíche againn. Míle buíochas le Sharon Walsh agus Cumann an Chloightí as ucht muid a óstáil. Le hAogó, fear an tí na hoíche agus le Ciara agus Rose Anna as ucht tacú linn, ár míle buíochas.

Bhíomar amuigh i mBaile Brigín oíche Shathairn le haghaidh na comórtais stáitse. Thosaigh an oíche le hAmhrán na bhFiann á casadh ag Sarah Ní Aodha. Míle buíochas le Cumann Uí Dhuibhir a chur fearadh na fáilte romhainn. Bhí scoth na tallaine ann, le hardchaighdeán rince, cheoil, amhránaíochta, scéalaíochta agus drámaíochta. Bhronn Séamie Ó’ Néill, oifigeach Gaeilge & Cultúir BÁC na nduaiseanna. Buíochas le Claire, bean an tí na hoíche agus le Joe as ucht an ceol beo agus an fhuaim a chur ar fáil. Buíochas ollmhor lenár moltóir, Dominic Ó Loinsigh.

Comhghairdeas mór le gach duine óg a ghlac páirte sna comórtais. Ba cheart daoibh a bheith brodúil asaibh féin. Is cinnte go bhfuil do theaghlaigh, do chlubanna agus do chontae mórálach asaibh. Tréaslaímid leis na clubanna agus na meantóirí ar fad as ucht a gcuid oibre ag neartú a gcuid foirne agus ag chur Scór chun cinn sa chontae.

Comhghairdeas leis na buaiteoirí a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann Bhaile Átha Cliath i mbabhta leathcheannais Laighean ar an 14 Samhain @2in i gCumann Uí Dhuibhir, Baile Brigín, Co. Átha Cliath. Rachaidh an fhoireann Thráth na gCeisteanna díreach ar aghaidh chuig babhta ceannais Laighean sa Cheoláras i mbaile Loch Garman ar an 29 Samhain @11am.

Irish culture and language centre stage in Dublin as part of Scór na nÓg 2026.

Events started on Thursday evening with the quiz in Round Towers Clondalkin. The county’s clubs turned out in force for a great night. Many thanks to Sharon Walsh and Round Towers for hosting us so well. Thanks also to Aogó, Ciara and Rose Anna for their support.

We were out in Balbriggan on Saturday night for the stage competitions. The evening began with Amhrán na bhFiann sang by Sarah Hughes. Many thanks to all in O’ Dwyers GAA club for their hospitality and warm welcome. There was an array of talent on display with a high standard of dance, music, singing, storytelling and acting. Medals were presented by Séamie O’ Neill, Dublin County Irish & Culture Officer. Thanks to Clare Campbell for presenting and to Joe Hughes for providing live music and sound. A huge thanks to our adjudicator Dominic Leech.

Congratulations to all of the young people who took part in the competitions. You should all be very proud of yourselves. Your families, clubs and county most certainly are. We applaud clubs and mentors for all of their work in building their teams and in promoting Scór in the county.

Congratulations to the winners who will go on to represent Dublin in the Leinster semi-final on 14 November @2pm in O’ Dwyers GAA Club, Balbriggan, Co. Dublin. The quiz team will progress to the Leinster Final in the Opera House in Wexford town on 29 November @11am.

Buaiteoirí/ Winners

Tráth na gCeisteanna – Cumann Uí Dhuibhir

Rince Foirne – Oileán na hÉireann

Amhránaíocht Aonair – Cumann Uí Dhuibhir

Aithriseoireacht – Naomh Eoin, Baile an tSaoir

Bailéadghrúpa – CLG Rath Éanna

Nuachleas – Cumann Uí Dhuibhir

Ceol Uirlise – Baile Buadáin

Rince Seit – Cumann Uí Dhuibhir

Club na Bliana – Cumann Uí Dhuibhir